Tá tús le cur le haifreann i nGaeilge arís i séipéal i mBaile Átha Cliath agus réiteach faighte ar aighneas a mhair breis agus ceithre bliana.
Bhíodh aifreann Gaeilge ar siúl i Séipéal Naomh Micheál i nDún Laoghaire le 50 bliain nó gur cuireadh deireadh tobann leis in 2017. Tá grúpa daoine ón bparóiste ag éileamh ó shin go dtabharfaí ar ais an t-aifreann Gaeilge tá siad sásta go bhfuil réiteach faighte ar an scéal faoi dheireadh.
An sagart paróiste a bhí ansin ag an am a chinn deireadh a chur leis an aifreann Gaeilge ceithre bliana ó shin ach tá socrú déanta leis an sagart paróiste a ceapadh ina áit agus beidh aifreann Gaeilge agus an cór ar ais chuile Dhomhnach i Séipéal Naomh Micheál ón Domhnach beag seo, an 28 Samhain 2021.
Dúirt Pauline Uí Argáin, stiúrthóir Chór Phobal Aifrinn Dhún Laoghaire, go raibh an-áthas orthu go bhfuil an t-aifreann Gaeilge le filleadh agus go raibh obair ar bun chun an cór a réiteach.
“Táimid ríméadach agus táim cinnte go mbeidh sé dúshlánach mar tar éis ceithre bliana beidh cór nua á bhunú againn i ndáiríre mar go mbíonn daoine ag bogadh agus ag teacht agus ag imeacht. Táimid ag dul ó scoil go scoil ag lorg daoine gur suim leo an Ghaeilge ach ní ‘Gaeilgeoirí’ amháin! Cloisfear an Ghaeilge arís sa chomhluadar agus táimid an-sásta faoi sin.
“Bhíomar ag fanacht ar an lá seo le tamall fada ach bhíomar dóchasach an t-am ar fad.”
Is i samhradh 2017 a chinn an sagart paróiste, an tAthair Paul Kenny, deireadh a chur leis an aifreann Gaeilge. Le tacaíocht Chonradh na Gaeilge, chuaigh daoine i mbun feachtais don aifreann Gaeilge ach dúradh nár thug an sagart ná Ard-Easpag Bhaile Átha Cliath, an Dr Diarmuid Martin, aird ar bith ar na litreacha agus na hachainíocha go léir a seoladh acu chucu.
Ceapadh sagart paróiste nua, an tAthair Paul Tyrell, in 2019 agus cuireadh tús le plé maidir leis an aifreann Gaeilge a chur ar bun arís. Chuir an phaindéim Covid-19 moill ar chúrsaí ach tá aontaithe anois go gcuirfear tú le haifreann Gaeilge go seachtainiúil.
Colmán Ó Drisceoil
Scéal iontach do Dhún Laoghaire agus don Ghaeilge. Is fiú agus is féidir.
Paula NiShlatarra
Beireann buan bua! Tréaslaím le muintir Dhun Laoghaire agus guím rath ar an bpobal agus ar na ceoltóirí.
Proinnsias O hUrmoltaigh
An mhaith ar fad. beidh suim agam freastal ar an Aifreann sin. Is dócha gurb é sin an tAifreann a ceiliurtar ag a 9.15r.n.
Etáin Nic Cinngamhna
Le spreagadh grámhar an Spioraid Naoimh, beidh Pobal Dhún Laoghaire ag canadh moltaí Dé arís i nGaeilge ag an Aifreann agus tá mé cinnte go mbeidh Naoimh na hÉireann ar Neamh ag canadh go lúcháireach in éineacht leo. Glóir do Dhia sna hárda.