‘Aiféala ó chroí’ ar Karen Bradley faoina cuid cainte faoi shaighdiúirí na Breataine

Ina leithscéal faoi ráiteas an lae inné dúirt an Státrúnaí go raibh an teanga míchuí agus gur léirigh sí easpa tuisceana do dhaoine ar maraíodh a ndaoine muinteartha

‘Aiféala ó chroí’ ar Karen Bradley faoina cuid cainte faoi shaighdiúirí na Breataine

Tá ráite ag Státrúnaí Thuaisceart Éireann Karen Bradley go bhfuil “aiféala ó chroí” uirthi go ndúirt sí nach coir a bhí in aon mharú a rinne saighdiúirí Shasana nó na póilíní le linn na dTrioblóidí.

Bhí brón ar Bradley, a dúirt sí, gur mhaslaigh agus gur ghortaigh sí daoine lena cuid cainte inné, caint a chuir fearg ar mhórán.

Dúirt an Státrúnaí in Westminster inné gur ag cloí le horduithe agus treoracha agus ag déanamh a ndualgas “ar bhealach cuí a raibh dínit ag baint leis” a bhí na saighdiúirí agus na póilíní go léir a mharaigh daoine le linn na dTrioblóidí.

Thuill a ráiteas cáineadh go forleathan agus cé go ndearna sí soiléiriú air ina dhiaidh sin níor leor é chun an dochar a bhaint as a cuid cainte.

I ráiteas a chuir sí amach inniu, bhí sí i bhfad níos leithscéalaí.

“Dúirt mé rudaí inné faoi ghníomhartha saighdiúirí le linn na dTrioblóidí. Ba mhaith liom mo leithscéal a ghabháil. Tá aiféala ó chroí orm gur mhaslaigh agus gur ghortaigh mé daoine le mo chuid cainte.

“Bhí an teanga míchuí agus léirigh sí easpa tuisceana do dhaoine ar maraíodh a ndaoine muinteartha, cé nach é sin a bhí i gceist agam.

“Tá a fhios agam ó na teaghlaigh sin ar bhuail mé leo cé chomh mór is atá an phian ag goilliúint fós orthu agus tuigim go maith cén fáth go dteastaíonn uathu go bhfaighidís an ceart. An sprioc chéanna atá agam féin agus sin an fáth gur bhunaigh mé comhairliúchán poiblí chun déileáil le hoidhreacht na dTrioblóidí.

“Tá mo dhearcadhsa agus dearcadh an Rialtais seo soiléir. Creidimid go láidir i bhforlámhas an dlí. Aon uair a bhíonn fianaise ann go ndearnadh aon éagóir, ba chóir a ghabháil ina dhiaidh gan faitíos ná fabhar, is cuma cé a rinne í,” a dúirt an Státrúnaí inniu.

Fág freagra ar '‘Aiféala ó chroí’ ar Karen Bradley faoina cuid cainte faoi shaighdiúirí na Breataine'

  • Pól Ó Braoin

    A bhuel mura raibh an méid sin istigh ina hintinn aici sa chéad áit, ní thiocfadh sí amach leis sa dara háit úd. Is iomai tuisle ón láimh go dtí an béal. Is faoi na vótóirí a bheas sé anois, cheapfainn.