‘Aiféala mór’ ar an Taoiseach má thuig aon duine uaidh nach bhfuil aon mheas aige ar shaoirse an phreasa

Tuairiscíodh go ndúirt Leo Varadkar i Nua-Eabhrac go raibh dearcadh Donald Trump i leith na meán ar cheann den chúpla rud a bhféadfadh sé aontú leis faoi

‘Aiféala mór’ ar an Taoiseach má thuig aon duine uaidh nach bhfuil aon mheas aige ar shaoirse an phreasa

Tá ráite ag an Taoiseach Leo Varadkar gur údar mór “aiféala” dó go bhféadfadh go bhfágfadh a chuid cainte faoi na meáin go gceapfadh aon duine nach bhfuil sé ar son shaoirse an phreasa.

Mhaígh an Taoiseach sa Dáil tráthnóna nár tuairiscíodh ach cuid dá raibh le rá aige faoi na meáin ag lón a d’eagraigh Ardchonsal na hÉireann i Nua-Eabhrac.

Dúirt sé go raibh cuid mhaith a bhí dearfach le rá aige faoi iriseoirí ag an lón agus gur thug sé le fios ann go bhfaigheann sé cothrom na Féinne uathu don chuid is mó.

Dúirt an NUJ gur ghá don Taoiseach soiléiriú a dhéanamh faoi ráiteas a rinne sé ag cáineadh na meán in Éirinn agus ag léiriú bá le dearcadh Uachtarán Mheiriceá Donald Trump i leith na hiriseoireachta.

Dúirt an Taoiseach ag an lón i Nua-Eabhrac gur spéis leis na meáin an scéal seachas an fhírinne agus an chúlchaint seachas tuairiscí faoi cheisteanna polasaí.

Ag labhairt dó sa Dáil tráthnóna, dúirt an Taoiseach athuair go dtarlaíonn sé uaireanta go mbíonn “an scéal” níos tábhachtaí ag na meáin ná mar a bhíonn an fhírinne. Níor chóir, a dúirt sé, go mbeadh “eagla” ar pholaiteoirí an méid sin a rá mar ní raibh aon dream “gan locht”.

Tuairiscíodh chomh maith go bhfuair an Taoiseach locht ar chuid den iriseoireacht imscrúdaithe a bhíonn ar bun in Éirinn agus go ndearna sé cáineadh ar leith ar RTÉ, ach dúirt sé sa Dáil inniu gurb é an t-aon tagairt a rinne sé do RTÉ ag an lón ná tagairt a rinne sé don chlár Mission to Prey, clár de chuid RTÉ ina ndearnadh líomhaintí faoi shagart nach raibh fíor.

Tuairiscíodh go ndúirt Varadkar i Nua-Eabhrac go raibh dearcadh Trump i leith na meán ar cheann den chúpla rud a bhféadfadh sé aontú leis faoi.

Tá ráite ag Donald Trump gurb ionann na meáin i Meiriceá agus ‘namhaid na ndaoine’ agus bíonn sé síoraí ag caitheamh anuas ar leithéidí an New York Times, ABC, CBS agus CNN agus á chur ina leith gur nuacht bhréige a bhíonn acu.

Dúirt an Taoiseach sa Dáil inniu gur labhair sé ag an lón faoin nuacht bhréige, faoi thionchar na meán sóisialta ar chúrsaí nuachta, faoin bhfeachtas #metoo, faoina lárnaí is a bhí scéalta pearsanta sna reifrinn is déanaí agus faoin mbrú mór a bhíonn anois ar iriseoirí.

Dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald gur údar imní an méid a bhí le rá ag an Taoiseach agus nach raibh a chuntas féin ag teacht leis an méid a tuairiscíodh faoin lón.

Dúirt ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin go raibh an t-iarThaoiseach Enda Kenny den tuairim go raibh Leo Varadkar ar dhuine de na daoine is mó i dTeach Laighean a bhíodh ag sceitheadh scéalta agus ráflaí leis na meáin.

Fág freagra ar '‘Aiféala mór’ ar an Taoiseach má thuig aon duine uaidh nach bhfuil aon mheas aige ar shaoirse an phreasa'