‘Aiféala’ ar an Roinn Oideachais nár cuireadh ábhar faoi athoscailt na scoileanna ar fáil i nGaeilge

Níl sé i gceist ag an Roinn na doiciméid a cuireadh chuig scoileanna uile na tíre i mBéarla amháin a chur chuig scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge i nGaeilge

‘Aiféala’ ar an Roinn Oideachais nár cuireadh ábhar faoi athoscailt na scoileanna ar fáil i nGaeilge

Tá ‘aiféala’ ar an Roinn Oideachais gur cuireadh ábhar faoi athoscailt na scoileanna amach chuig scoileanna Gaeltachta agus scoileanna lán-Ghaeilge i mBéarla amháin.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo, tá díomá agus míshástacht léirithe ag lucht an Ghaeloideachais agus lucht pleanála teanga nár chuir an Roinn Oideachais aon ábhar a bhaineann le hathoscailt scoileanna ar fáil i nGaeilge do scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.

I ráiteas a chuir an Roinn Oideachais ar fáil do Tuairisc.ie mar gheall ar an scéal, dúradh gur cúis “aiféala” é nár cuireadh eolas, lena n-áirítear treoir na roinne maidir le filleadh sábháilte chun na scoile agus eolas do thuismitheoirí a bhfuil riachtanais speisialta ag a bpáistí, ar fáil i nGaeilge do scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge.

“Déanann an Roinn a dícheall i gcónaí eolas a chur ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge ag an am céanna ach tá aiféala orainn an t-am seo nach raibh sé indéanta. Mar sin, bhí moill i gceist idir an t-am a cuireadh na cáipéisí ar fáil i nGaeilge agus ón am a cuireadh ar fáil i nGaeilge iad,” a dúradh sa ráiteas.

Dúradh chomh maith go raibh na doiciméid a cuireadh amach chuig scoileanna uile na tíre foilsithe i mBéarla “ar an gcéad dul síos” agus gur foilsíodh iad ar shuíomh na roinne i nGaeilge “ina dhiaidh sin”.

Thug an t-urlabhraí le fios nach raibh i gceist ag an Roinn Oideachais na doiciméad a cuireadh chuig scoileanna uile na tíre i mBéarla amháin a chur chuig scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge i nGaeilge.

Tá siad ar fáil le híoslódáil ó shuíomh na roinne, a dúradh.

Dúirt Dónal Ó hAiniféin, Cathaoirleach COGG, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta go raibh foirne agus pobal na scoile i nGaelscoileanna agus scoileanna lán-Ghaeilge “thíos leis” toisc nach bhfuil “ábhar riachtanach” á chur ar fáil ag an Roinn Oideachais sa dá theanga ag an am céanna.

“Is sampla eile é de chur chuige na Roinne Oideachais ábhar atá tábhachtach agus atá riachtanach agus atá dírithe ar mhúinteoirí agus ar phobal scoile a chur ar fáil i mBéarla do scoileanna Gaeltachta agus scoileanna Gaeilge.

“Tá COGG ag éileamh ar an Roinn de shíor an t-ábhar seo a bheith ar fáil go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla,” a dúirt Dónal Ó hAiniféin, Cathaoirleach COGG.

Dúirt Oifigeach Pleanála Teanga Ghaoth Dobhair, Dónal Ó Cnáimhsí, go bhfuil gearáin faighte aige ó phríomhoidí i nGaeltacht Dhún na nGall, a bhfuil “fearg” orthu faoin scéal.

“Tá sé scannalach agus náireach go bhfuil an Roinn Oideachais go fóill ag brú an Bhéarla ar scoileanna Gaeltachta agus iadsan ar a ndícheall an Polasaí don Oideachas Gaeltachta a chur i bhfeidhm,” a dúirt Dónall Ó Cnáimhsí.

Tá an scéal á fhiosrú ag Oifig an Choimisinéara Teanga.

Fág freagra ar '‘Aiféala’ ar an Roinn Oideachais nár cuireadh ábhar faoi athoscailt na scoileanna ar fáil i nGaeilge'