Aicne agus goiríní ar dhaoine fásta – cogadh dearg i gcónaí

Ní féidir spotaí a sheachaint ar fad ach is féidir iarracht a dhéanamh dul i ngleic leo roimh ré

Aicne agus goiríní ar dhaoine fásta – cogadh dearg i gcónaí

Cuireadh ceist orm le gairid cén chomhairle a bheadh agam do dhaoine fásta a mbíonn fadhb acu le spotaí, goiríní nó aicne. Le déagóirí, go háirithe cailíní óga, a shamhlaítear na fadhbanna craicinn seo den chuid is mó ach is minic go mbíonn deacrachtaí leanúnacha ag daoine fásta leo freisin. Cogadh dearg é réiteach buan a aimsiú orthu.

Is minic go mbíonn baint ag hormóin leis na fadhbanna seo agus dá bharr sin níl aon tairbhe le antaibheathaigh le dul i ngleic leo. 

An leigheas is fearr ná céimeanna a thógáil roimh ré le hiarrachtaí a dhéanamh an aicne nó na goiríní a sheachaint ar fad – neart uisce a ól, diúltú do tháirgí déiríochta agus cleachtas rialta glanta a bheith ag duine atá simplí ach éifeachtach.  Tá maitheas an-mhór freisin le forbhianna ar nós ola éisc agus réamhbhithigh a thógáil go rialta.

Faraor, ní leor sin lena chinntiú nach mbuailfidh ráig den aicne nó de ghoiríní móra gránna duine agus is minic a tharlaíonn sin gan choinne agus ag an uair is mó a gcuirfidh sé as duit!

Mholfainn go láidir go seachnófaí niteoir aghaidhe atá cúrach nó a bhfuil alcól ann. Triomaíonn siad an craiceann agus lagaíonn siad na bacainní atá ann, rud a neartaíonn an aicne seachas í a laghdú.

Níl muinín ar bith agamsa as na niteoirí cúracha sin ná as na cinn a bhfuil alcól iontu ach is cosúil go leanann daoine orthu á gceannach le súil is go n-oibreoidh siad.

Bíonn fonn ar dhaoine i gcónaí paistí olúla a ghlanadh ar fad dá gcraiceann agus is minic go dtéann siad thar fóir leis sin agus gur spotaí nó aicne a bhíonn fágtha acu dá bharr.

Aontaím go hiomlán leis an saineolaí Caroline Hirons a deir go simplí: “Don’t completely strip your skin of oil and moisture”. Teastaíonn méid áirithe ola ón gcraiceann agus má leanann tú ort á ghlanadh go hiomlán i gcónaí tá teachtaireacht á thabhairt agat don cholainn tuilleadh ola a tháirgeadh ar d’aghaidh.  Is ar an mbealach sin a dhéantar an cás níos measa. Go deimhin, is fiú go mór ola éadrom ar nós ola jojoba nó séiream a chur ar an gcraiceann ó am go chéile chun é a chothú.

Agus do chraiceann á scamhadh agat, ba cheart duit sciomarthaí aghaidhe atá róchrua nó garbh a sheachaint. Spotaí breise a bheidh mar thoradh ar an gcleachtas sin.

Is fearr go mór na bacainní sa chraiceann a neartú go rialta, go laethúil fiú, le hola ghlanta nó le balsam a chabhróidh go mór le goiríní a stopadh. Tá cinn atá an-deas agus an-saor ag an Body Shop i mbailiúchán ar a dtugtar ‘The Camomile Collection’. Is fiú freisin tonóir aghaidhe ina bhfuil aigéad salaicleach a roghnú más féidir – taithníonn Paula’s Choice Skin Perfecting 2% BHA liom féin – tá sé le fáil ar €32.95 ó cloud10beauty.com.

Críochnaigh an cúram ansin le maothóir maith –  ceann b’fhéidir ón mbailiúchán Toleriane ó La Rosch-Posay.

I ndeireadh an lae, má neartaítear na bacainní sa chraiceann is lú an seans go dtiocfaidh droch-aicne nó goiríní chun cinn rómhinic, go háirithe má úsáidtear roinnt SPF gach lá!

Fág freagra ar 'Aicne agus goiríní ar dhaoine fásta – cogadh dearg i gcónaí'

  • Ben

    GRMA as seo – tá fadhb agam le mo chraiceann le déanaí go háraid ar mo dhroim