Chuir sé gliondar ar mo chroí a chloisteáil go bhfuil méadú beag tagtha ar líon na dtraonach atá in Éirinn. Ar cheann de chuimhní geanúla m’óige tá glór garg an traonaigh a bheith le cloisteáil agam agus mé ag teacht abhaile tar éis an mheán oíche ó chéilí nó ó phléaráca eicínt eile.
As móinfhéar [móinéar] a bhíodh an glór ag teacht. ‘Aic aic’ a thug Amhlaoibh ó Súilleabháin air sa dialann a scríobh sé i gCill Chainnigh idir 1827 agus 1835.
Ba é an móinfhéar ar ndóigh a d’fhág an traonach bocht ar deireadh.
An fhad is a bhí daoine ag baint an fhéir le speal bhí rith an ráis leis. Scéal eile a bhí ann nuair a tháinig an t-inneall bainte féir isteach agus gur tosaíodh ag déanamh sadhlais. Ba dheacair do na traonaigh agus dá gcuid gearrcach éalú an uair sin.
Bhíodh an glór le cloisteáil tar éis an mheán oíche, a dúirt mé. Bhíodh go deimhin. Ní mórán codlata a dhéanadh an traonach is cosúil.
Codladh an traonaigh chugat, a déarfadh duine a bheadh ag eascainí ar dhuine eile. Bhí eascaine níos measa ná sin aríst ann: nár fheice tú an chuach ná an traonach aríst.
Ní bheadh sé éasca an traonach a fheiceáil ar aon chaoi. I bhfolach sa bhféar ab fhearr leis a bheith. Ní cuimhin liom go bhfaca mé ceann acu ariamh. B’iontas liom a chloisteáil dá bhrí sin go raibh traonach ar oileán ar chósta na hAlban ar a dtugtar Tioriodh a théadh isteach i gcistineach i dteach ag tóraíocht bruscair bia. Bhí ceann eile ar Oileán Bharraigh in Albain a thagadh ag iarraidh gráin a bhíodh fágtha ina ndiaidh ag na cearca.
197 coileach traonaigh a taifeadadh anseo in Éirinn an samhradh seo. 5% d’ardú é sin ar líon na bliana anuraidh. I dTír Chonaill, ar na hoileáin mhara agus ar Leithinis an Mhuirthead i Maigh Eo atá a bhformhór.
Traonaigh an Mhuirthead is fearr atá ag déanamh. Tháinig 37% d’ardú orthu ansin ó anuraidh.
Tá iarrachtaí leanúnacha á ndéanamh sa tír seo le roinnt blianta anuas an traonach a thabhairt slán. Bhí baint ag an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra leis an obair sin ón tús. Chomhairligh siad do na feirmeoirí gan an féar a bhaint ró-luath.
Tá cuid de na feirmeoirí ag cuidiú leo de réir a chéile. Tóg Feargal Ó Cuinneagáin as ceantar Bhéal an Mhuirthead, mar shampla. Chuir seisean neantóga ag fás ar a chuid talún le seans níos fearr a thabhairt don traonach.
Bhí seanrá sa nGaeilge i bhfad siar nár mhaith an áit a mbeadh neantóga, crann troim agus traonach.
Bhíodh sé de nós ag an traonach a nead a dhéanamh sna neantóga.
Tá an chéirseach ar bharr na craoibhe agus an traonach go dlúth le talamh, a dúirt Raiftearaí agus é ag moladh Chill Chluaine.
De réir Dhuanaire Thiobraid Árann, dúirt file eile an méid seo faoi Mhaigh Cholpa:
‘Tá an traonach go glórach is an smóilín á fhreagairt ann.’
Sílim gur i gContae Phort Láirge atá Maigh Cholpa ach níl sé ró-fhada as Tiobraid Árann.
Ní nach ionadh, tá an traonach luaite i logainmneacha na hÉireann. Tá Carn Traonach agus Learga an Traonaigh i dTír Chonaill. Tá Log an Traonaigh i gCill Mhantáin.
Tá neart scéalta sa mbéaloideas faoin traonach. Ceapadh ar feadh i bhfad nach n-imíodh sé as an tír ar chor ar bith ach go n-iompaíodh sé ina chearc uisce sa ngeimhreadh.
Creideadh in Albain gur éan ádhúil a bhí ann ach creideadh in Éirinn gur mí-ádh ceart críochnaithe a thiocfadh as ceann acu a thabhairt isteach sa teach beo nó marbh.
Fionn Ó Gráda
Thaitin an pic breá agus an t-alt seo liom. Go maire An Traonach in Éirinn. Gura fada sinn ag guí Céad Míle Fáilte gach Earrach roimh an gCuairteoir anamúil, álainn seo.
Micheál de Róiste
Feictear eolas na sinsear i bhfocail ón amhrán Gleanntán Araglain Aoibhinn ; “An traoin (traonach) ag labhairt sna neanntóg….”