Áibhéil agus áiféis – an bille aeráide sa Dáil

Cinntíonn áibhéil agus achasáin Teachtaí Dála faoin mbille aeráide go mbeidh siad sna meáin, ach ní lagaíonn a leithéid an cás ar son phrionsabail an bhille

Áibhéil agus áiféis – an bille aeráide sa Dáil

An tAire Eamon Ryan agus an Teachta Dála Danny Healy Rae. Pictiúir: Rollingnews.ie

Chuir an Dáil tús le díospóireacht Dé Céadaoin ar an dara céim den reachtaíocht thábhachtach a dtugtar An Bille um Ghníomhú ar son na hAeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú) uirthi.

Is leor tagairt do phríomhaidhm ghearrthéarmach an bhille lena thábhacht a léiriú. Má chuirtear i bhfeidhm í, beidh laghdú 50% ar ár n-astaíocht charbóin curtha i gcrích againn faoi 2030. B’ionann athrú dá leithéid agus éacht a dhéanamh nach bhfuil a leithéid geallta i reachtaíocht i dtír ar bith eile.

Má chuireann geallúint chomh huaillmhianach amhras ort, a léitheoir dhil, níl tú i d’aonar.

Náiríodh an tír cheana nuair nár baineadh amach spriocanna astaíochta a d’fhógair an rialtas. Níl laghdú ar leith ar astaíocht ó earnáil ar bith leagtha amach sa bhille nua, agus níl pionóis de chineál ar bith luaite sa bhille.

Is léir an chúis gur gealltanas gan cur leis atá i gcuid den reachtaíocht a chuir an t-aire aeráide Eamon Ryan faoi bhráid na Dála. Níl comhthuiscint ar bith sroichte fós ag páirtithe an chomhrialtais maidir leis an athrú a bheidh ar gach earnáil (talmhaíocht, tionsclaíocht, tithíocht, modhanna iompair de gach cineál srl) a bhaint amach.

Mar sin féin, leis an gcéad chéim a thosaíonn gach turas, nó leis an dara céim i gcás na reachtaíochta Dála. Is le linn na díospóireachta ar an dara céim de bhille an rialtais a dhéanann airí cur síos ginearálta ar na cuspóirí agus na príomhfhorálacha. Ní dhéantar mionscagadh ná leasú ar bhille go dtí sroichtear an tríú céim.

Thug Eamon Ryan óráid thomhaiste faoin mbille Dé Céadaoin agus rinne Darren O’Rourke ó Shinn Féin, Duncan Smith ó Pháirtí an Lucht Oibre, Jennifer Whitmore ó na Daonlathaigh Shóisialta agus scata Teachtaí Dála ón bhfreasúra cur síos ar na laigí, dar leo, atá sa reachtaíocht.

Ba léir ón óráidíocht ar an dá thaobh go mbeidh ceisteanna téagartha agus mionphointí le meá nuair a thosóidh céim an choiste den díospóireacht.

Léiríodh tábhacht dhomhanda an ábhair arís Déardaoin nuair a gheall ceannairí ón tSín, ón Rúis agus ó thíortha eile laghdú breise ar a n-astaíocht charbóin le linn cruinniú mullaigh ar líne a reáchtáil Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, Joe Biden.

Ábhar suntais a thuilleann idir aird agus amhras. Laghdú 50%faoin gcéad ar astaíocht na Stát Aontaithe faoi 2020 a gheall Joe Biden, ach ní laghdú ar thruailliú reatha na Stát Aontaithe a gheall sé ach laghdú ar leibhéal 2005 (laghdú ar an leibhéal astaíochta abhus i 2018 atá geallta ag an rialtas).

Ní geallúint ghinearálta an rialtais ná léirmheas tomhaiste pháirtithe an fhreasúra a tharraing aird i mórán tuairiscí ar an ndíospóireacht Dála ach an trasnáil leanúnach a bhí ar bun ag Teachtaí Dála neamhspleácha le linn óráid Eamon Ryan.

Mar shampla, nuair a dúirt Eamon Ryan go mbeadh íocaíocht le fáil ag feirmeoirí óga, dúirt Michael Collins (Corcaigh Thiar-Theas) go gcuirfeadh an bille deireadh leis an bhfeirmeoireacht.

Nuair a dúirt Eamon Ryan go rachadh athrú glas chun tairbhe don tír, dúirt Mattie McGrath (Tiobraid Árann) leis go mbeadh ar an tír níos mó earraí den uile chineál a iompórtáil.

Nuair a dúirt Eamon Ryan go gcuirfeadh an bille múnla eacnamaíochta níos cothroma, níos seasmhaí agus níos inmharthanaí chun cinn, dúirt Danny Healy Rae (Ciarraí) leis go gcuirfeadh sé deireadh le ceantair thuaithe na hÉireann.

Nuair a dúirt Eamon Ryan go gcuirfeadh sé cóip dá óráid ar fáil (mar a dhéanann airí de ghnáth, cé nach ndéantar é i gcónaí) chomh luath agus ab fhéidir, dúirt na Teachtaí thuasluaite agus neamhspleáigh eile gur chóir stop a chur leis an díospóireacht – rud nach ndéantar riamh.

Nuair a dúirt Eamon Ryan arís go mbeadh cóip dá óráid ar fáil chomh luath agus ab fhéidir, dúirt Danny Healy Rae go raibh an socrú cosúil le rud a dhéanfadh Putin sa Rúis.

Cinntíonn áibhéil agus achasáin mar atá luaite thuas clúdach áirithe do na Teachtaí Dála sna meáin agus sna meáin áitiúla go háirithe. Ach ní neartaíonn a leithéid an cás in aghaidh na bprionsabal a mholtar sa bhille aeráide. A mhalairt go deimhin, toisc go gcothaíonn siad drochmheas agus amhras in áit aird a tharraingt ar an imní réasúnta atá ar mhórán daoine faoin tuath.

Admhaítear an riachtanas go forleathan, ach níl comhthuiscint sa rialtas ná sa bhfreasúra faoi shonraí ná faoi chostais an pholasaí a theastaíonn chun déileáil leis an athrú dosheachanta atá romhainn.

Ní féidir an riachtanas ná na roghanna crua a éilíonn sé a chur ar an méar fhada go síoraí.

Fág freagra ar 'Áibhéil agus áiféis – an bille aeráide sa Dáil'

  • Antóin

    Níl a fhios agam faoin Rúis ná faoi na tíortha eile ach faoi láthair tá na céadta stáisiún cumhachta a dhónn gual á dtógail sa tSín agus na céadta eile á dtógáíl ar fud an domhain maoinithe ag an tSín. Geallúintí ón tSín faoi laghdú breise ar astaíochtaí carbóin mar dhea.

  • Eoghan Ó Néill

    1950 ba 2.5 billiún an daonra domhanda agus anois 2021 tá 7 billiún dínn agus ba rothar an gnáth modh taistil i Éireann an tráth úd agus ní carr mar a bhfuil anois. Cinnte tá tionnchur ag dó ola/guail etc ar leibhéal an CO2 san aer (0.4,% anois faraoir) agus uaidh sin ar an athrú aeráide. Beidh orainn uilig ár gcuid a dhéanamh chun deighleáil leis an fhaidhb idir gearradh siar ar thaisteal, insealú arasán/tithe, 35% den talamh faoi crainn mheasctha agus cáin a íoch le haghaidh leas an phobail.