‘Agus ó Phota 4…’ – An cás is fearr agus is measa d’Éirinn ó tharraingt Chraobh na hEorpa

Amárach a bheidh an tarraingt ar siúl i bPáras chun na grúpaí do Chraobh na hEorpa 2016 a shocrú. Caitheann Tuairisc.ie súil ar na foirne a bheidh Martin O’Neill ag iarraidh a sheachaint…

Zinedine Zidane ag an tarraingt do Chraobh na hEorpa 2012. REUTERS/Gleb Garanich
Zinedine Zidane ag an tarraingt do Chraobh na hEorpa 2012. REUTERS/Gleb Garanich

Agus an tír tagtha chuige féin tar éis d’Éirinn áit a bhaint amach i gCraobh na hEorpa sa Fhrainc an bhliain seo chugainn, cuirfear tús leis na hullmhúcháin i gceart amárach agus an tarraingt le déanamh do bhabhta na ngrúpaí.

Tá an próiseas athraithe de bheagán do chomórtas na bliana seo chugainn agus 24 foireann ag glacadh páirte ann, in áit 16 mar a bhíodh, ach arís beidh ceithre fhoireann i ngach ghrúpa. Is é an t-aon athrú suntasach atá ann ná, chomh maith leis na foirne a cháileoidh sa chéad dá áit i ngach grúpa, cáileoidh na ceithre fhoireann is fearr a chríochnóidh sa tríú háit ina gcuid grúpaí don chéad bhabhta eile chomh maith.

Agus foireann Martin ONeill i bPota 4 don tarraingt, beidh siad ag iarraidh na foirne móra a sheachaint a oiread agus is féidir. Tá na drochthaispeántais a thug Éire uathu ag Craobh na hEorpa 2012 i measc na gcúiseanna go mbeidh siad i bPota 4 amárach agus is cinnte go mbeidh siad ag iarraidh leithéid an ghrúpa a bhí acu an uair sin an Spáinn, an Iodáil agus an Chróit a sheachaint.

Ar a laghad agus an Iodáil is an Chróit i bPota 2, ní bheidh an grúpa céanna arís ag Éirinn, ach ní shin le rá go mbeidh rudaí níos éasca dúinn. Tá foirne láidir i bPota 3, go háirithe an Pholainn, a bhuaigh ar Éirinn sa chomórtas cáilithe. Fiú mura bhfuil a chuid imreoirí uile ar ardchaighdeán, is tosach den chéad scoth é Robert Lewandowski a chuirfeadh faitíos ar éinne. Is é an scéal céanna é le Zlatan Ibrahimovic agus an tSualainn.

Screen Shot 2015-12-10 at 20.05.39

I bPota 2, seans maith gurb iad an Eilvéis, an Úcráin nó fiú an Rúis, is mó a thabharfadh sásamh do Mhartin ONeill. Bhí an t-ádh ar an Eilvéis go raibh siad i gceann de na grúpaí is laige sa chomórtas cáilithe agus ní mar a chéile a bhíonn a gcuid taispeántais ó chluiche go cluiche.

Is é an scéal céanna é leis an Úcráin agus an Rúis, cé go mbeadh siadsan beagáinín níos láidre. Cé nach bhfuil mórán clú ar an Ostair, is iontach an t-imreoir é David Alaba, mar a chonaic muintir na tíre seo nuair a scóráil sé dhá chúl deireanach sa chluiche inár n-aghaidh i 2013, ceann in am breise chun comhscór a bhaint amach agus ceann eile chun an cluiche a bhuachan agus deireadh a chur le ré Giovanni Trapattoni.

Ar ndóigh, is i bPota 1 atá boic mhóra na Mór-Roinne. Cé nár chaill muid ceachtar den dá chluiche in aghaidh na Gearmáine sa chomórtas cáilithe, ní mórán a bheadh ag iarraidh a fháil amach a bhféadfadh muid an beart a dhéanamh don tríú huair. Cé go bhfuil an Spáinn tite siar le ceithre bliana anuas, bfhearr iad a sheachaint mar sin féin. Is amhlaidh an scéal i gcás na Fraince, a bheidh mar rogha na coitiantachta agus an comórtas á reáchtáil ina dtír féin.

Ar na trí fhoireann eile i bPota 1 Sasana, an Bheilg agus an Phortaingéil seans gurb iad ár sean-naimhde is mó a doirfeadh dúinn, agus ní hamháin don spórt agus spraoi a bheadh ann. Cé go bhfuil roinnt imreoirí óga, cumasacha ar nós Raheem Sterling ag Sasana, ní féidir brath orthu, go háirithe leis an mbrú go léir a chuirtear orthu i ngach comórtas mór.

Ag an am céanna, níl Sasana ag brath ar aon imreoir amháin, mar atá an Phortaingéil le Cristiano Ronaldo. Dá ngórtófaí fear Real Madrid, nó dá mbeadh drochlá aige, níl mórán eile ar fhoireann na Portaingéile chun a áit a thógáil. Mar gheall air sin, ní deireadh an domhain a bheadh ann dá mbeadh muid sa ghrúpa céanna leo.

Screen Shot 2015-12-10 at 20.03.07

Fág freagra ar '‘Agus ó Phota 4…’ – An cás is fearr agus is measa d’Éirinn ó tharraingt Chraobh na hEorpa'