D’éireoinn de léim is rithfinn amach as an seomra sula mbeadh aon deis aige ceist eile a chur orm ach amháin nach bhfuil mé ró-sciobtha ar na cosa an tseachtain seo ó chuaigh mé ‘ag flyáil’ trasna an tseomra suí maidin Dé Luain.
Seans go bhfeicfidh tú m’ainm sa Guinness Book of World Records 2021 as an eitilt is faide a rinne duine gan aon chúnamh ó sciathán ná mótar.
Séard ba chúis le mo churiarracht dhomhanda ná go raibh mé ag téamh anraith don Bhabaí sa micreathonnán nuair a d’fhógair Beainín na Naíonáin Bheaga orm ón oifig agus teip éigin ar an ríomhaire agus í ag freastal ar rang scoile ar líne.
‘Tá mé ag teacht anois!’ a d’fhógair mé.
‘Céard faoi mo súp?’ a dúirt an Babaí agus é buailte ag ‘olcras’.
Is meascán atá ann den olc agus an t-ocras. Imíonn an chiall agus an réasún ón duine atá i ngreim ag fiabhras an olcrais. Níl aon leigheas air ach gamba aráin a ithe go beo nó doras an chuisneora a oscailt agus sclamh a bhaint as an gcéad rud a chasfar ort.
‘Tá an scáileán imithe!’ a d’fhógair Beainín na Naíonáin Bheaga. ‘Níl a fhios agam c’ál sé imithe!’ agus í trína chéile.
‘An bhfuil an súp réidh fós?’ a d’fhiafraigh an Babaí agus thosaigh sé ag dreapadh ar an tolg ag iarraidh dul chomh fada leis an micreathonnán.
Níl aon chiall beo leis ach tá an micreathonnán thuas ar bharr an chuisneora againn. Tá gá le lámh shocair is ní mór duit a bheith os cionn cúig troithe ar airde nó tá seans maith ann go ndoirtfidh tú an t-anraith te anuas ort féin. Tá a fhios agam é seo mar go bhfuil sé déanta go minic agam.
‘Beidh mé ar ais théis soicind,’ a dúirt mé leis an mBabaí agus mé beagáinín corraithe, ‘fág an súp ansin agus gheobhaidh mé dhuit é.’
Chas mé thart is thosaigh ag rith i dtreo na hoifige. B’in an uair ar casadh mo chos ar bhréagán mór den ghoraille King Kong a bhí i lár an urláir. Is dóigh go raibh luas maith fúm mar in áit titim anuas san áit a raibh mé, lainseáladh san aer mé mar a bheadh roicéad.
Agus mé ag eitilt tríd an aer, bhí sé d’am agam cuimhneamh ar mo shaol, ‘is dóigh gur cheart dom a bheith níos staidéartha’ a chuimhnigh mé. ‘Nó níos foighdí.’
Stop an t-am ag gluaiseacht agus mé ag eitilt is ag eitilt.
‘Meas tú an mbrisfidh mé mo chos?’ a chuimhnigh mé ar mo thuras fada ag eitilt trí troithe os cionn urlár an tseomra suí.
Nach orm a bhí an t-iontas nuair nár bhris mé tada is go raibh mé in ann éirí den urlár. Lá arna mhárach agus trí lá ina dhiaidh tá chuile bhall de mo chorp fós tinn agus tá barúil agam go bhfuil damáiste fadtéarmach de chineál éigin déanta agam do chaipín mo ghlúine.
‘Níl mé a’gabháil aon phionós eile a dhéanamh i mbliana,’ a deir mé leis an mBabaí. “Níl aon chall duit éirí as rud éigin ar aon chaoi,’ a mhínigh mé dhó is mé á threorú ar bhóthar na forbartha spioradálta aimsir an Charghais 2021.
‘D’fhéadfá tosú ag déanamh rud éigin nua a bheadh go maith,’ a dúirt mé is mé ag cur liosta beag jabanna timpeall an tí le chéile i m’intinn – ar mhaithe leis an bhforbairt spioradálta, ar ndóigh.
‘Tá’s agam é sin, Mamaí,’ a deir an manach beag.
‘Sin é an fáth go bhfuil mé ag gealladh go n-imreoidh mé cluiche ar an Nintendo Switch chuile lá beo den Charghas.’
Fág freagra ar 'Agus mé ag eitilt tríd an aer bhí seans agam cuimhneamh ar mo shaol go léir…'