Agus deireadh leis an leithlisiú, tá mé ‘mad for road’

Tá mé ag iarraidh a bheith amuigh faoin aer ag imeacht liom go haoibhinn aerach i ndeireadh an Eanáir

Agus deireadh leis an leithlisiú, tá mé ‘mad for road’

Níl a fhios agam cén Ghaeilge a chuirfinn ar an ráiteas ‘mad for road’ ach is é is gaire mar chur síos ar an gcaoi a bhfuil mé anois agus deireadh leis an leithlisiú sa deireadh thiar.   

An fonn bóthair é, craiceáilte chun cosáin, scal siúil, fíbín siúil, scafa chun siúil? Tá mé ag iarraidh a bheith amuigh faoin aer ag imeacht liom go haoibhinn aerach i ndeireadh an Eanáir.   

Nuair a deirtear leat nach féidir leat a dhul amach sin é an uair is géire a bhuaileann fonn amach thú.   

Maidineacha Sathairn agus muid ina ngasúir, thugadh mo mháthair slua againn síos go Uachtar Ard ag ranganna damhsa Gaelach. Veain mhór bhán a bhí againn, an White Tornado mar a bhí baiste uirthi, gan aon suíochán ar chúl agus is ann a bhíodh seachtar nó ochtar ina suí don turas. Ní raibh an aird chéanna ar chúrsaí sábháilteachta sna hochtóidí is a bhíonn anois.   

D’fheicinn an fear céanna gach seachtain agus é ag siúl an bhóthair idir an Teach Dóite agus Uachtar Ard, cóta mór olla air, a lámha snaidhmthe ina chéile ag bun a dhroma aige is é ag breathnú uaidh.   

‘Cé hé sin?’ a d’fhiafraigh mé de mo mháthair go minic. ‘Cá bhfuil sé ag dul meas tú?’   

Is dóigh nach raibh aon aird aici orm dháiríre ach í ag iarraidh go n-éireoinn as na ceisteanna, ‘Ó, sin é an Siúlóir,’ a d’fhreagraíodh sí i gcónaí is ní thugadh sí aon mhíniú eile air.   

Blianta ina dhiaidh sin chonaic mé an dráma Bliain an tSiúlóra le John B. Keane den chéad uair – an leagan i nGaeilge i dTaibhdhearc na Gaillimhe agus é léirithe ag Éamonn Draper.   

Ní raibh aon bhaint ag siúlóir Keane le fear Uachtar Ard ar ndóigh, ach meabhraíonn ceann an ceann eile dom. Céard é an fonn siúil a bhuaileann daoine scaití is go dtugann siad faoin mbóthar? An bhféadfadh sé duine ar bith againn a bhualadh?   

Sa dráma sin, filleann fear ar a dtugtar An Siúlóir ar a chlann théis dhó a bheith imithe uathu gan tásc ná tuairisc le fiche bliain. Faigheann muid amach gur imigh sé ón teach gan tada a rá agus gur fhág sé a bhean agus a gclann óg ina dhiaidh. Tagann sé ar ais agus a iníon le pósadh agus é ag iarraidh maithiúnas ar a bhean is a chlann. 

Déarfá nach bhféadfaí cionta dá leithéid a mhaitheamh do dhuine ach déanann an Siúlóir cás maith dhó fhéin. Is é Mike P. Ó Conaola a rinne páirt an tSiúlóra i léiriú na Taibhdheirce agus chruthaigh sé carachtar arbh fhurasta dáimh a bheith agat leis ainneoin a chuid peacaí.  Dhéanfá leithscéal don Siúlóir bocht agus é faoi smacht ag fonn siúil nach bhféadfadh sé a cheansú.  

Tuigim níos fearr do charachtar an tSiúlóra le coicís anuas ná mar a thuig riamh. Níl mé ag rá go dtréigfinn teach is teaghlach, ach bheadh fonn ort chuile dhuine a bhailiú le chéile agus imeacht ag fánaíocht go ceann fiche bliain.  

Fág freagra ar 'Agus deireadh leis an leithlisiú, tá mé ‘mad for road’'