Agus comhairle Alan Titley ar chúl m’aigne, thug mé fogha faoin méarchlár…

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Chaith mé an mhaidin ar fad ag cumadh próis agus an tráthnóna ar fad á chur sa bhosca bruscair

Agus comhairle Alan Titley ar chúl m’aigne, thug mé fogha faoin méarchlár…

Thugadh próiseas na heagarthóireachta trioblóid thar na bearta d’ Oscar Wilde bocht, mura raibh sé ag dul thar fóir sa nath cainte cáiliúil úd a luaitear leis: ‘I spent all morning taking out a comma and all afternoon putting it back.’

Tharla a leithéid domsa inné, ach an bealach eile thart, agus ní camóg fhánach amháin a bhí i gceist faraor ach sleachta fada próis.

Bhí radharc i m’úrscéal nua idir lámha agam agus rith sé liom go raibh an insint saghas lom. Bhí an comhrá idir na carachtair go maith, ach ní dhéanfadh breis cur síos ar a gcuid smaointe, ar a gcuid gluaiseachtaí agus go deimhin ar an tírdhreach timpeall orthu aon dochar.

Ar aghaidh liom. Agus comhairle Alan Titley ar chúl m’aigne go bhfásann ‘péarlaí’ timpeall ar ‘ghráinní gainimh’ le linn phróiseas na heagarthóireachta, thug mé fogha faoin méarchlár, féachaint cén saghas péarlaí a d’fhásfadh timpeall ar na gráinní gainimh sa radharc seo. Mar a tharla, ar an trá a bhí mo chuid carachtar – céard a d’fhéadfadh a dhul mícheart? 

Chaith mé an mhaidin ar fad ag scríobh agus bhí mé an-tógtha le mo chuid oibre, bualadh bos á thabhairt dom féin agam i rith an ama. Ach díreach roimh am lóin, bhuail an t-amhras mé. An raibh aon mhaith leis an gcumadóireacht seo dáiríre? An raibh gá leis na léargais sin ar go léir ar smaointe na gcarachtar, nach raibh iontu, dáiríre, ach tráchtaireacht inmheánach ar an gcomhrá eatarthu? An raibh gá leis an siombalachas trom sa chur síos ar a gcosúlacht, ar a gcuid gluaiseachtaí agus ar an aimsir, fiú amháin?

Nuair a bhí mo lón ite agam, shocraigh mé nach raibh. Bhain mé amach chuile rud a bhí scríofa agam ar maidin agus tuilleadh.

Ar eagla na míthuisceana, níl locht ar bith agam ar an tuairim gur fiú cur le saothar i bpróiseas na heagarthóireachta seachas a bheith i gcónaí ag gearradh. A mhalairt, tá mé tar éis teacht ar an tuiscint le tamall anuas gur mór is fiú é. Ná ní cheapaim ach oiread gur cur amú ama a bhí sa lá inné – cé nach ndearna mé dul chun cinn ar bith.

Ceann de bhunphrionsabail na scríbhneoireachta ná go gcaithfidh tú rud a scríobh síos sula bhféadfaidh tú breith a thabhairt air. (Tá sé seo chomh simplí le rud ar bith, ach ní rithfeadh sé leat i gcónaí in am na práinne.)

Ar an gcúis sin, is fiú dul sa tseans i gcónaí, fiú le linn phróiseas na heagarthóireachta, fiú agus spriocdháta ag druidim leat. 

Ní bheadh a fhios agat riamh cén péarla nach n-aimseofá mura ndéanfá sin.

Fág freagra ar 'Agus comhairle Alan Titley ar chúl m’aigne, thug mé fogha faoin méarchlár…'

  • alan titley

    Ní gá d’Alex glacadh le haon chomhairle, go háirithe uaimse! Tá a chuid scríbhneoireachta féin chomh bríomhar macánta dearscnaitheach sin go loitfeadh aon chomhairle uaimse é…Treise leis!