Agus bua stairiúil faighte acu ar Thiobraid Árann foghlaimeoidh Ciarraí go leor in aghaidh churaidh na hÉireann

Tá borradh faoin iomáint sa Ríocht le tamall anois agus dul chun cinn á dhéanamh ag Ciarraí ag an leibhéal idirchontae agus club

Agus bua stairiúil faighte acu ar Thiobraid Árann foghlaimeoidh Ciarraí go leor in aghaidh churaidh na hÉireann

Daniel Collins. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Tá seó CLG ar an mbóthar arís ach is ar éigean é agus Omicron thart timpeall orainn go léir agus é á scaipeadh ó dhuine go duine mar a bheadh ráfla scannalach éigin ann. Caithfidh go bhfuil sé thar a bheith deacair na campaí éagsúla a choimeád saor ón ngalar uafásach seo, ach tá an t-aicsean tosaithe agus cúpla cluiche cheana féin ag tuilleamh ceannlínte.

Imríodh an chéad chluiche peile faoi dhíon sa tír ann beagnach coicís ó shin agus an t-ionad barr feabhais i mBéacán Mhaigh Eo, Aerchruinneachán Chonnacht, in úsáid den chéad uair riamh.

Ba iad peileadóirí Shligigh agus Liatroma a chuir a n-ainm sna leabhair staire. Is dromchla AstroTurf atá ansin agus aeráil bhreá sa díon os a chionn. Thug Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Labhrás Mac Cárthaigh an-mholadh go deo don ionad agus é ag tuar nach rófhada go mbeadh a leithéid i ngach cúige. Breis is €3 milliún a chosain an togra agus spás ann do thuairim is dhá mhíle duine. Ní raibh talamh sleamhain ná séideadh gaoithe mar leithscéal ag na himreoirí agus gan ar a gcúram ach an liathróid a úsáid i gceart.

San iomáint cuireadh tús leis na fochomórtais seachtain ó shin. Bhí cúpla cluiche ann a tharraing aird an lucht leanúna. Ó dheas le tús a chur leis an séasúr bhí an chéad chluiche i gcomórtas Co-Op Superstores agus Tiobraid Árann faoina mbainisteoir nua Colm Bonner i gcoinne Chiarraí atá faoi chúram an Déisigh, Stephen Molumphy.

Agus ba iad iománaithe sinsir na Ríochta a ghnóthaigh na ceannlínte maidin Dé Domhnaigh agus iad buacach.

Bua stairiúil a bhí tuillte go maith acu.

Ní dóigh liom go raibh Bonner róshásta lena chéad lá i mbib an bhainisteora ach caithfidh go raibh Molumphy thar a bheith sásta. Faraor, mar dhuais as a dtaispeántas iontach, fuaireadar Luimneach sa chéad chluiche eile, cluiche a bheidh ar siúl i bPáirc na nGael i Luimneach amárach. Foghlaimeoidh siad cúpla rud ansin déarfainn a chabhróidh leo níos déanaí sa bhliain.

Tá borradh faoin iomáint sa Ríocht le tamall anois agus an Domhnach seo caite baineadh croitheadh beag eile as an stair nuair a bhuaigh iománaithe Chill Mhaoile craobh idirmheánach an chúige i gcoinne Fhánaithe na Cuirseacha, seaimpíní Chorcaí. Dar ndóigh glacann seaimpíní sinsir Ciarraí páirt i gcomórtas idirmheánach an chúige. Ní raibh mórán idir na foirne tar éis an ghnáthama agus bhí an chuma ar an scéal go mbeadh an lá ag leaideanna Chorcaí agus iad ceithre chúilín chun tosaigh ag druidim le deireadh na himeartha. Ach d’éirigh le Cill Mhaoile an cluiche a chothromú agus in am breise chuaigh siad chun tosaigh agus chríochnaíodar le farasbarr trí chúilín. B’in an chéad uair d’fhoireann ón Ríocht an comórtas seo a bhuachaint agus é níos milse fós gur fhoireann as Corcaigh a chuireadar go tóin poill.

Thug Baile Gunnair taispeántas den scoth an deireadh seachtaine seo caite ó thús deireadh an chluiche i gcoinne Chill Mocheallóg. Bhíodar ina máistrí ar fud na páirce. Tá Sleacht Néill rompu i gcluiche leathcheannais na hÉireann an tseachtain seo chugainn. Táim ag súil le sárchoimhlint anseo.

I gCúige Laighean, dar ndóigh, chuir Henry Shefflin tús deas lena aistear mar bhainisteoir ar fhoireann na Gaillimhe le bua agus slua mór ag féachaint orthu i mBéal Átha na Sluaighe. Beidh siad i bPáirc Parnell amárach agus na Dubs rompu.

Sea tá an seó ar an mbóthar agus an luas ag géarú.

Fág freagra ar 'Agus bua stairiúil faighte acu ar Thiobraid Árann foghlaimeoidh Ciarraí go leor in aghaidh churaidh na hÉireann'