Agus anois na ceannlínte bréagnuachta faoi bhunú an rialtais nua…

Is cosúil go bhfuil an ‘nuacht’ á stiúradh acu siúd a dteastaíonn uatha go dtiocfadh Fianna Fáil, Fine Gael agus an Comhaontas Glas le chéile

Agus anois na ceannlínte bréagnuachta faoi bhunú an rialtais nua…

Tá sé leadránach gan dabht a bheith faoi chuibhriú sa bhaile mar gheall ar COVID-19. Ach rud níos leadránaí fós is ea na cainteanna – más cainteanna iad – maidir le rialtas úr a bhunú.

Tá beagnach trí mhí ann ó vótáil muintir an stáit seo go láidir in aghaidh na seanpháirtithe a bhíodh i gceannas ó bunaíodh an stát.

Ach tá siad fós ag iarraidh filleadh ar an gcumhacht, ag cur is ag cúiteamh, ag iarraidh páirtí ar bith a mhealladh isteach leo. Bhuel, páirtí ar bith seachas Sinn Féin, dream a gcaithfear iad a choinneáil amach ar fhaitíos go mbainfeadh an páirtí sin aon phingin de lucht tacaíochta FF/FG nó go mbainfí cuid den chumhacht atá acu díobh.

Níl aon rud suntasach ar chor ar bith sa cháipéis chreatlaí a chuir an dá sheanpháirtí le chéile seachas ‘ceannlínte’ (agus cuid mhaith acusan goidte ó Shinn Féin). Míníonn siad gur mar sin atá ar mhaithe le deis a thabhairt do na páirtithe eile a stampa féin a chur ar an gclár rialtais – is cuma, is cosúil, cén stampa é féin.

Cineál de rialtas náisiúnta ilpháirtí atá i gceist, ach páirtí amháin coinnithe amach. Ar ndóigh, nuair a mhol an Taoiseach Leo Varadkar a leithéid tá cúpla seachtain ó shin, dúirt Neasa Hourigan, Teachta Dála nuathofa de chuid na nGlasach, gur léir nár thuig an Taoiseach brí an fhocail ‘ilpháirtí’. Ach is achar fada sa pholaitíocht é seachtain, is cosúil, agus tá na Glasaigh ag déanamh a mbealaigh go tromchosach go bord an rialtais.

Ar ndóigh, tá a fhios againn go raibh Eamon Ryan, ceannaire na nGlasach, ar bís le dul isteach ón tús. Ach an éireoidh leis a pháirtí a thabhairt leis?

Ceist mhór í sin, ach ní bheadh a fhios agat gur ceist mhór í ó bheith ag éisteacht le formhór thuairisceoirí na meán mór. I gcás Fhianna Fáil agus an Chomhaontais Ghlais, déantar corrthagairt d’easaontas a bheith sna páirtithe sin faoin scéal. Ach ní thugtar aon sonraí faoin easaontas, agus tugtar le tuiscint gur cuma mar go ndéanfar an cleamhnas sa deireadh.

Scéal eile atá ann taobh istigh de na páirtithe féin. I gcás Fhianna Fáil tá cur i gcoinne láidir ann ó bhaill an pháirtí, ó chomhairleoirí agus ó eagraíochtaí dáilcheantair.

Deirtear liomsa go gcaillfeadh Micheál Martin an vóta dá reáchtálfaí Ardfheis le cinneadh a dhéanamh faoi dhul i gcomhrialtas.

Ach ar ndóigh, ní bheidh aon Ardfheis ann – mar gheall ar COVID-19, mar dhea.

Deirtear nach bhfuil sé indéanta ach oiread vótáil poist a eagrú toisc nach bhfuil foireann ann leis na vótaí a áireamh, cé nach raibh aon fhadhb ag Páirtí an Lucht Oibre nuair a roghnaigh siadsan a gceannaire nua ná le toghchán an tSeanaid.

Is é a tharlóidh ná go rachaidh baill an bhinse tosaigh chun cainte ar an teileafón le baill agus eagraíochtaí, agus go ndéanfaidh Martin cinneadh bunaithe ar na tuairimí a fhaigheann an binse tosaigh.

Is é sin le rá nach bhfuil seans dá laghad ann go molfar dó gan dul ar aghaidh lena phlean.

Mar an gcéanna i gcás na nGlasach.

Ar chuala tú go bhfuil baill den pháirtí ag cur i leith an cheannaire go raibh bréagnuacht á scaipeadh aige ar mhaithe le comhthéacs na díospóireachta a chur as a riocht? Bhí an scéal sin san Irish Examiner, ach ní fhaca mise aon áit eile é.

Nuair a chuaigh cathaoirleach chraobh Thiobraid Árann den pháirtí, David Ahern, ar an raidió lena rá gur chóir do Eamon Ryan éirí as, ba bheag spéis a cuireadh sa scéal sin freisin.

Nó ar léigh tú go bhfuil leascheannaire an pháirtí, Catherine Martin, an-amhrasach faoin gcuireadh ó Fhianna Fáil is Fine Gael?

Mo léan, níor chuala nó níor léigh mar is cosúil go bhfuil an ‘nuacht’ á stiúradh acu siúd a dteastaíonn uathu go dtiocfadh an rialtas seo le chéile.

Ach cé go bhfuil a lán cleasaíochta le déanamh go fóill, tá bac curtha roimh Eamon sa bhóthar go Tír Tairngire: an t-éileamh go gcaithfidh an rialtas nua glacadh leis an sprioc go ndéanfaí astaíochtaí carbóin a laghdú 7% in aghaidh na bliana.

Tá an Comhaontas Glas ag rá anois gur ‘fíorlíne dhearg’ an t-éileamh sin. Ach tá an dá sheanpháirtí ag rá go bhfuil siad ina fhabhar i bprionsabal ach gur mhaith leo an scéal a phlé leis na Glasaigh lena fháil amach cén chaoi é a dhéanamh!

N’fheadar, ach beidh sé deacair freastal ar riachtanais na nGlasach agus mianta na neamhspleách tuaithe ag an am céanna.

Ach céard is fiú geallúint ón dá sheanpháirtí ar aon chuma? Tá a lán daoine sa Chomhaontas Glas nach gceapann gur fiú rud ar bith aon rud mura bhfuil sé scríofa síos go beacht acu.

Níl sonraí le fáil faoi scéal ar bith eile sa cháipéis chreatlaí, agus ní fheicim go mbeidh i gcás na haeráide ach oiread.

Idir an dá linn, má tá tú ag lorg eolais faoina bhfuil ar siúl, ná bac leis na meáin mhóra.

Fág freagra ar 'Agus anois na ceannlínte bréagnuachta faoi bhunú an rialtais nua…'

  • Poraic o'hEipicín

    Na n-Glasach, Í bhfad uain an t-Olc.