Agus an Breatimeacht ag teacht go cnámh na huillinne, tá 13 lá saoire ag ár dTeachtaí Dála…

Beidh an Dáil ar scor go dtí trí lá roimh dháta an Bhreatimeachta. Ní maith…

Agus an Breatimeacht ag teacht go cnámh na huillinne, tá 13 lá saoire ag ár dTeachtaí Dála…

Pictiúr: Irish Government Press Office.

Ní bheadh iontas ort a léitheoir dhil dá ndéarfaí leat go raibh an Dáil ar saoire agus an fhéile náisiúnta á ceiliúradh ar fud an domhain.

Thuigfeá nach mbeadh mórán céille le díospóireacht ná le ceisteanna Dála nuair nach bhfuil an Taoiseach ná an chuid is mó dá rialtas sa tír. Ní dhéanfadh duine réasúnta gearán mar sin dá gcuirfí cruinnithe Dála ar atráth ar feadh seachtaine, abair. 

Nó ar feadh deich lá fiú amháin. Ach ar feadh trí lá dhéag?

Cuireadh an Dáil ar atráth Dé Céadaoin, an 13 Márta. Creid nó ná creid é, ní bheidh an teach ina shuí arís go dtí an 26 Márta, seachtain ón Máirt seo chugainn. 

Trí lá ina dhiaidh sin a fhágfaidh an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach, is é sin mura dtagann ciall chucu in Westminster ar bhealach éigin idir an dá linn. Fágann sin nach mbeidh deis ag Teachtaí Dála an Breatimeacht ná na beartais a theastaíonn abhus a phlé arís go mbeidh sé ródhéanach.

Ní bheidh deis ag an Dáil ach oiread dearcadh an rialtais ar an gcinneadh faoin mBreatimeacht a bheidh le déanamh ag cruinniú mullaigh an AE Déardaoin agus Dé hAoine seo chugainn a phlé roimh ré. 

Sin ráite, dúirt an Tánaiste Simon Coveney le Micheál Martin sular cuireadh an Dáil ar atráth go reáchtálfaí cruinniú níos luaithe dá mbeadh gá leis mar gheall ar shocrú ar bith a dhéanfaí in Westminster. Is furasta a shamhlú go bhféadfadh cinneadh, a dhéanfaí nó nach ndéanfaí thall dochar a dhéanamh dúinne abhus, agus bheadh sé réasúnta go mbeadh fonn ar Theachtaí Dála é sin a phlé.

Ritheadh an bille mór Breatimeachta (ina bhfuil 98 mír) d’aon ghuth sa Seanad Dé Céadaoin. Ach tugadh léargas le linn díospóireachta eile sa teach uachtarach ar an mórshaothar a bheas ar chlár oibre an rialtais i ré an Bhreatimeachta.

Nuair a ghabh an cabhlach dhá bhád iascaigh as contae an Dúin an mhí seo caite, gheall an Taoiseach go leasófaí an dlí gan mhoill ionas go mbeadh saorchead iascaigh ag iascairí an Tuaiscirt laistigh de limistéar sé mhíle (9.6 ciliméadar) an stáit.

Dúirt an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Michael Creed sa Seanad Déardaoin gur mhaith leis go rithfí leasú an rialtais an lá sin. Dar leis go mbeadh go leor ceisteanna casta le réiteach mura gcuirfí bonn reachtúil faoi chearta na gcomharsan (is é voisinage an téarma dlíthiúil) sula rachadh an Bhreatain chun cinn le haistarraingt gan mhargadh ón AE.

Dhiúltaigh an móramh (Fianna Fáil, Sinn Féin, agus seanadóirí neamhspleácha) dá iarratas. Ní bheidh vóta faoin gcéim dheireanach den bhille go bpléifear arís é cúpla lá roimh an 29 Márta, ar a luaithe. Sula gcuireann tú an cheist orm, tá an Seanad ar saoire fhada chomh maith leis an Dáil.

Gheall Michael Creed go rachadh sé i gcomhairle le cumainn ionadaíocha na n-iascairí idir an dá linn. Dúirt Diarmuid Wilson ó Fhianna Fáil leis an aire go dtabharfadh a pháirtí tacaíocht don bhille dá mbeadh ‘toradh sásúil’ ar na comhráite.

Bhí oiread céanna coinníollacha ag baint le tacaíocht Shinn Féin don bhille is a bhí le tacaíocht Fhianna Fáil. Dúirt an Seanadóir Pádraig Mac Lochlainn go raibh a pháirtí i bhfabhar comhchearta iascaireachta thuaidh agus theas, i bprionsabal. Ach chaithfí an prionsabal a chur i bhfeidhm ar bhonn cothrom, a dúirt sé, agus gan é a cheadú ach do bháid faoi mhéid áirithe.

Is mar gheall ar bhreithiúnas sa Chúirt Uachtarach, ar chás a chuir iascairí faoina bráid, a cuireadh deireadh le comhchearta iascaireachta i bhfarraigí an stáit trí bliana ó shin. Chuir míshásamh chumainn ionadaíocha na n-iascairí moill ar leasú an dlí ó shin.

Dá mba ionann toil i bprionsabal agus toil dáiríre, bheadh an fhadhb a spreag an breithiúnas réitithe faoin am seo. D’oirfeadh sé do gach páirtí i dTeach Laighean í a réiteach roimh lá an Bhreatimeachta – más ag deireadh na míosa nó amach anseo a thiocfaidh sé. Níor easaontaigh Seanadóir ar bith le tuairim an Aire go mb’fhusa réiteach a aimsiú anois.

Beidh ceisteanna níos achrannaí le réiteach ar ball. Is é sin, mura réitíonn na Sasanaigh an cheist ar dhóigh a rachadh chun tairbhe dá dtír féin agus dá gcomharsana go léir.

Fág freagra ar 'Agus an Breatimeacht ag teacht go cnámh na huillinne, tá 13 lá saoire ag ár dTeachtaí Dála…'

  • Tom

    I gcead duit, creidim gur cheart “cumainn ionadaíochta” a bheith ann seachas “cumainn ionadaíocha”. Muna bhfuil breall orm, is í an chúis mhearbhaill ná go n-úsáidtear “representative” sa Bhéarla chun dhá fhocal Gaeilge a chur in iúl, sé sin “ionadaíoch” agus “ionadaíochta”.

    I bhfocail eile, seo an t-idirdhealú nach ndéantar san alt seo:

    representative sample = sampla ionadaíoch
    representative organisation = cumann ionadaíochTa