Agus an 33ú Dáil ina suí den chéad uair, ní léir aon bhealach chun cinn

Ní i measc lucht leanúna Shinn Féin amháin a bhreathnófar ar dhearcadh Fhianna Fáil agus Fine Gael mar chomhartha tarcaisne

Agus an 33ú Dáil ina suí den chéad uair, ní léir aon bhealach chun cinn

Má fhágtar gairm olltoghcháin eile as an áireamh, ní rialtas ach neamhrialtas atá ag bagairt ar an tír agus tús á chur le ré na Dála nua.

Bheadh rannpháirtíocht dhá phríomhpháirtí ar a laghad de dhíth chun comhrialtas nua a chur ar bhonn seasmhach. Mar a bhí soiléir ó chríochnaigh comhaireamh na vótaí, ní mian le Sinn Féin ná le Fianna Fáil ná le Fine Gael aghaidh a thabhairt ar an riachtanas, ainneoin na bhfigiúirí. 

Taispeánfaidh toradh na vótála maidir le hainmniú an Taoisigh do chách inniu an dualgas atá ar gach Teachta Dála, ach ar na príomhpháirtithe go háirithe, aghaidh a thabhairt ar an tírdhreach polaitiúil nua.

Níl aon dul as acu ach comhoibriú lena chéile ar dhóigh éigin, má táthar chun rialtas feidhmiúil a chur ar bun.

Faraor, ní hionann riachtanas agus toil, ainneoin na bhfáthanna go léir go bhfuil bunú rialtais gan mhoill ag teastáil go géar. Taobh amuigh de na cainteanna ar chomhaontú an Bhreatimeachta a thosóidh an mhí seo chugainn, cuirfidh cruinniú mullaigh an AE an tseachtain seo chugainn dlús leis an idirbheartaíocht maidir le buiséad an Aontais agus ciorruithe ar an gcomhpholasaí talmhaíochta.

Ní chuirfidh moill ar bhunú rialtais i mBaile Átha Cliath moill ar na comhráite dá leithéid, comhráite ina mbeidh beartais á bplé a mbeidh tionchar nach beag acu ar leas na hÉireann.

Gearrfar praghas suntasach ar an tír mura mbeidh rialtas seasmhach aontaithe ag labhairt ar ár son sa Bhruiséil go luath.

Is fiú cuimhneamh, agus seasamh Fhine Gael agus Fhianna Fáil ar roghanna rialtais á mheá, ar dhearcadh an phobail mar a léiríodh é sa suirbhé iarvótála. Mar chuid den suirbhé, a rinneadh thar ceann an Irish Times, RTÉ, TG4 agus Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath, ceistíodh 5,000 vótóir ar fud na tíre.

Dúirt móramh beag (51%) nár chóir d’Fhine Gael ná d’Fhianna Fáil diúltú dul i gcomhrialtas le Sinn Féin. D’aontaigh 45 faoin gcéad le seasamh diúltach Fhianna Fáil agus Fhine Gael maidir le Sinn Féin.

Is léir láithreach, áfach, difríocht shuntasach idir na haoisghrúpaí. Dúirt 68% de na vótóirí a bhí idir 18 agus 24 bliain d’aois agus 63% a bhí idir 25 agus 34 nár aontaigh siad le neamhthoil Fhine Gael agus Fhianna Fáil. Ní raibh dearcadh chomh géar sin ag vótóirí sna haoisghrúpaí eile, agus ní raibh ach 38% de na vótóirí atá 64 bliain nó níos sine a dúirt nár aontaigh siad leis an gcosc ar chomhrialtas le Sinn Féin. 

Tá claonadh na dtuairimí ar an gceist thuas ag teacht le tacaíocht na n-aoisghrúpaí do na páirtithe mar a léiríodh í sa suirbhé sin. Bhí beagnach dhá oiread tacaíochta i measc na vótóirí san aoisghrúpa 18-34 do Shinn Féin (32%) ná mar a bhí tacaíocht d’Fhine Gael nó d’Fhianna Fáil (idir 15-17%).

Ar ndóigh, ní de réir aoisghrúpaí a thoghtar Teachtaí Dála, ach tá idir chúis machnaimh agus rabhadh sna figiúirí thuas do lucht ceannais Fhine Gael agus Fhianna Fáil.

Tá laghdú leanúnach ag teacht ar mheas na vótóirí ar an dá pháirtí, agus gach cosúlacht ar an scéal go leanfaidh an t-athrú sin.

Neosfaidh an aimsir an mbeidh sé ar chumas na bpáirtithe traidisiúnta cur in aghaidh an phatrúin seo, a léiríodh arís san olltoghchán. Ach tá ceist níos práinní le réiteach acu araon sa ngearrthéarma: cé mar a rachaidh a ndiúltú iomlán féidearthachtaí comhrialtais a phlé le Sinn Féin i bhfeidhm ar an bpobal sa chéad olltoghchán eile?

Ní i measc lucht leanúna Shinn Féin amháin a bhreathnófar ar a ndearcadh mar chomhartha tarcaisne.

Idir an dá linn, bunóidh an 33ú Dáil rialtas mionlaigh a bheidh níos laige fiú amháin ná an rialtas a bhí i gcumhacht le ceithre bliana, sin nó beidh holltoghchán eile ann.

Is é sin mura dtagann páirtí éigin ar mhalairt intinne, ar chúis éigin nach léir fós i dTeach Laighean, ná lasmuigh de.

Fág freagra ar 'Agus an 33ú Dáil ina suí den chéad uair, ní léir aon bhealach chun cinn'