Agóid beartaithe i nDún Éideann in aghaidh ‘neamhaird’ Mhúsaem Náisiúnta na hAlban ar an nGàidhlig

Maíonn lucht eagraithe na hagóide go bhfuil an Músaem “ag séanadh tábhacht na Gàidhlig i stair na hAlban agus in Albain ár linne” agus neamhaird á déanamh acu ar an teanga i dtaispeántas faoi na Seacaibítigh

Agóid beartaithe i nDún Éideann in aghaidh ‘neamhaird’ Mhúsaem Náisiúnta na hAlban ar an nGàidhlig

Tá agóid beartaithe ag cainteoirí Gàidhlig in Albain ag Músaem Náisiúnta na hAlban mar gheall ar an “neamhaird” atá déanta ar an teanga i dtaispeántas nua faoi na Seacaibítigh.

Bhí tionchar mór ag Éirí Amach na Seacaibíteach agus ar tharla ina dhiaidh ar dhán na Gàidhlig in Albain. Maíonn lucht eagraithe na hagóide nach luaitear an Ghàidhlig ná an tionchar mór sin sa taispeántas nua agus go bhfuil an Músaem “ag séanadh tábhacht na Gàidhlig i stair na hAlban agus in Albain ár linne” trí “neamhaird” a dhéanamh ar an teanga sa taispeántas nua.

Beidh an eagraíocht Misneachd, macasamhail Misneach in Éirinn, i mbun na hagóide ag an Músaem Náisiúnta i nDún Éideann innu le haird a tharraingt ar an scéal.

Thug stiúrthóir an Mhúsaeim, an Dr Gordon Rintoul, le fios gur “scéal idirnáisiúnta” atá á léiriú sa taispeántas ‘Bonnie Prince Charlie and the Jacobites” ach go mbeifear in ann eolas i nGàidhlig a íoslódáil ó shuíomh idirlín an Mhúsaeim ar an WiFi saor in aisce a chuirtear ar fáil san ionad. Dúirt sé freisin go bhfuil “caibidil iomlán” i leabhar atá ar fáil i siopa an Mhúsaeim faoi Ghaeltacht na hAlban agus na Seacaibítigh.

Scríobh an tOllamh Wilson McLeod, ollamh leis an Léann Ceilteach in Ollscoil Dhún Éideann, chuig an Dr Rintoul lena mhíshásamh faoin easpa Gàidhlig sa taispeántas a chur in iúl dó.

“Given the immense significance of Jacobitism for Gaelic history and culture, and the crucial role played by Gaels in the Jacobite movement, there was an excellent opportunity for NMS to place Gaelic at the heart of this exhibition and your failure to take this initiative is deeply disappointing,” a scríobh McLeod.

Dúirt sé freisin gur údar imní dó go bhfuil an chosúlacht ar an scéal go bhfuil an Músaem ag déanamh neamhaird ar a dhualgais faoi Acht na Gàidhlig.

I litir a scríobh an eagraíocht Misneachd chuig an Músaem, mhaígh an grúpa go bhfuil an fhreagracht foghlaim faoi stair na Gàidhlig á leagan ar an bpobal féin ag an Músaem seachas an fhreagracht an stair a léiriú a ghlacadh chucu féin. Mhol Misneachd an cleachtas teanga atá le fáil sa taispeántas sa mhúsaem ag Blàr Chùil Lodair, mar eiseamláir don Mhúsaem Náisiúnta.

Tá molta ag Misneachd freisin go bhfostóidh an Músaem Oifigeach Gàidhlig, mar atá fostaithe ag eagraíochtaí poiblí eile in Albain, leis na dualgais a leagann an tAcht Gàidhlig ar an Músaem a chur i bhfeidhm.

Cuirfear tús leis an agóid ag Leacht Cuimhneacháin Dhonnchaidh Bhàin agus siúlfaidh an slua as sin chuig an Músaem Náisiúnta.

Fág freagra ar 'Agóid beartaithe i nDún Éideann in aghaidh ‘neamhaird’ Mhúsaem Náisiúnta na hAlban ar an nGàidhlig'

  • Hiy

    Traoslaimid libh a chomhGhaela. Is e an dala ceanna anseo ‘gainne e maidir le fuarchuis, neamhshuim ach ni fheicim einne ag mairseail.