Agóid beartaithe d’Ard-Oifig an Phoist faoi dhúnadh oifigí Gaeltachta

Tá 10 n-oifig poist Gaeltachta i measc an 110 oifig a bhfuil suim léirithe ag a n-úinéirí iad a dhúnadh faoi scéim iomarcaíochta de chuid An Post

Agóid beartaithe d’Ard-Oifig an Phoist faoi dhúnadh oifigí Gaeltachta

Tá Conradh na Gaeilge le dul i mbun léirsithe lasmuigh d’Ardoifig an Phoist ar Shráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath inniu agus iad ag éileamh ar An Post gan deireadh a chur le seirbhísí poist sa Ghaeltacht.

Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge Niall Comer go raibh oifigí poist na Gaeltachta “riachtanach le go mbeadh na ceantair seo inmharthana mar cheantair ina bhfuil daoine in ann maireachtáil agus an Ghaeilge a choinneáil mar theanga bheo”.

10 n-oifig poist Gaeltachta i measc an 110 oifig a bhfuil suim léirithe ag a n-úinéirí iad a dhúnadh faoi scéim iomarcaíochta de chuid An Post.

Mar chuid den phacáiste atá a thairiscint ag An Post do mháistrí agus máistreásaí poist deirtear nach bhféadfaí aon oifig poist a choinneáil ar oscailt faoi bhainistíocht nua má ghlactar leis an phacáiste iomarcaíochta.

Tá cruinniú á lorg ag Conradh na Gaeilge le An Post ar bhonn “práinne” chun cás na n-oifigí poist sa Ghaeltacht a phlé leo agus tá “deimhniú” á lorg acu ó Aire Stáit na Gaeltachta agus ón Aire Cumarsáide nach gcuirfidh An Post deireadh le seirbhísí poist i nGaeilge sa Ghaeltacht.

Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge go raibh “dualgas ar an stát seirbhís shásúil poist a sholáthar do phobal na Gaeltachta” agus go raibh siad ag lorg cruinnithe práinneacha leis An Post.

Dúirt Peadar Mac Fhlannchadha, Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge go raibh tábhacht le seirbhísí Gaeilge amhail na hoifigí poist sa phróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht

“Tá an fhreagracht ar an stát anois a chinntiú go gcuirfidh An Post seirbhís shásúil i nGaeilge ar fáil do gach pobal Gaeltachta,” a dúirt Peadar Mac Fhlannchadha.

Tá ceithre oifig an phoist i nGaeltacht Dhún na nGall i measc an 13 oifig poist a d’fhéadfadh a bheith ag dúnadh – oifig an Bhuna Bhig, oifig Dhún Fionnachaidh, oifig Ghort an Choirce agus oifig Mhín an Lábáin.

Tá cuid mhaith oifigí poist Gaeltachta i measc an 110 oifig a bhfuil suim léirithe ag a n-úinéirí iad a dhúnadh faoi scéim iomarcaíochta de chuid An Post.

Tá ceithre oifig an phoist i nGaeltacht Dhún na nGall i measc an 13 oifig poist a d’fhéadfadh a bheith ag dúnadh – oifig an Bhuna Bhig, oifig Dhún Fionnachaidh, oifig Ghort an Choirce agus oifig Mhín an Lábáin.

Tá 110 iarratas ar phacáiste iomarcaíochta faighte ag An Post go dtí seo ar an scéim dheonach ó mháistrí agus máistreásaí poist ar fud na tíre. Tá súil ag An Post go nglacfaidh 400 oifig le pacáiste iomarcaíochta mar chuid den phlean nua atá acu dá gcuid seirbhísí.

Ar na hoifigí Gaeltachta eile a bhfuil amhras faoina bhfuil i ndán dóibh nó a bhfuil ráite acu go mbeidh siad ag dúnadh, tá oifig an phoist i mBaile na nGall i gCorca Dhuibhne, mar a bhfuil an mháistreás poist ag dul ar scor.

Ar na hoifigí a bhfuil suim léirithe acu sa phacáiste iomarcaíochta, tá oifig Bhaile an Sceilg in Uíbh Ráthach, na hoifigí in Indreabhán agus i Leitir Mealláin i nGaeltacht Chonamara agus oifig Chorr na Móna i nDúiche Seoigheach. Ar an liosta chomh maith tá oifig Ghaoth Sáile agus oifig Fhionnaithe i nGaeltacht Mhaigh Eo.

Fág freagra ar 'Agóid beartaithe d’Ard-Oifig an Phoist faoi dhúnadh oifigí Gaeltachta'