Agóid ag Teach Laighean faoi ghéarchéim tithíochta na Gaeltachta

Dúradh go raibh an fhadhb tithíochta sa Ghaeltacht ag cur todhchaí na Gaeilge i mbaol

Agóid ag Teach Laighean faoi ghéarchéim tithíochta na Gaeltachta

Tá sé ráite ag lucht agóide go bhfuil sé “seafóideach” go bhfuil muintir na Gaeltachta fós ag fanacht ar threoirlínte pleanála a gheall an tAire Tithíochta dhá bhliain go leith ó shin.

Bhailigh muintir na Gaeltachta agus ionadaithe ó ghrúpaí pobail lasmuigh de Theach Laighean inné chun a mhíshástacht maidir leis an moill atá ar na treoirlínte a chur in iúl do pholaiteoirí agus iad ag éileamh go ndéanfaí gníomh práinneach chun an ghéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht a mhaolú.

Ina measc siúd a bhí ag an agóid, bhí Conradh na Gaeilge, an Mheitheal Náisiúnta Pleanála Teanga, BÁNÚ, an Dream Dearg, Aontas na Mac Léinn in Éirinn, Aontas Daltaí Iar-Bhunscoile na hÉireann agus CATU Ireland [Aontas do Phobail is do Thionóntaí].

“Tá sé seafóideach go bhfuilimid fós ag fanacht ar fhoilsiú na dTreoirlínte Pleanála Gaeltachta i mí na Bealtaine 2024 agus iad geallta thiar in 2021,” a dúirt Róisín Ní Chinnéide ó Chonradh na Gaeilge.

“Cuirtear ceisteanna Gaeltachta agus Gaelainne ar an méar fhada agus ag bun an liosta go rómhinic agus is mithid don chleachtas seo athrú, mar tá polasaithe tithíochta an rialtais ag brú na teangan chun éaglaigh sna ceantair Ghaeltachta.”

Tá lucht na hagóide ag éileamh go bhfoilseofaí láithreach bonn na dréacht-treoirlínte pleanála don Ghaeltachta, go dtabharfaí feidhmeanna níos soiléire d’Údarás na Gaeltachta maidir le cúrsaí tithíochta agus go ndéanfaí an Bille um Pleanáil agus Forbairt, atá ag dul trí Thithe an Oireachtais faoi láthair, níos láidre ó thaobh na Gaeltachta de.

Is i bhfómhar na bliana 2021 a d’fhógair an tAire Tithíochta Darragh O’Brien go raibh a Roinn ag obair ar threoirlínte pleanála don Ghaeltacht. Dúradh go bhfoilseofaí iad roimh dheireadh na bliana seo ach tá foilsiú na dtreoirlínte curtha siar arís agus arís eile ó shin. Dúirt an tAire níos túisce i mbliana go mbeadh na dréacht-treoirlínte á bhfoilsiú aimsir na Cásca ach tá an sprioc sin anois sáraithe freisin.

“Táimid bréan de bheith ag fanacht ar Airí, ag fanacht ar ghealltanais agus ag fanacht ar ghníomh – tá teachtaireacht shoiléir tugtha againn agus beimid glórach go mbeidh réiteach ar ghéarchéim tithíochta ár linne,” a dúirt Róisín Ní Chinnéide.

Dúirt Dónall Ó Cnáimhsí, u​​rlabhraí don Mheitheal Náisiúnta Pleanála Teanga, go raibh fadhb na tithíochta ag cur todhchaí na Gaeltachta agus na Gaeilge i mbaol.

“Ní bheidh an Ghaeilge beo bríomhar gan pobal labhartha beo bríomhar. Is í an easpa tithíochta d’aos óg na Gaeltachta bagairt ár linne d’inmharthanacht na Gaeltachta. Ní easpa forbartha, easpa deiseanna ná easpa fostaíochta, ach easpa tithíochta.”

Ar na leasuithe atá lucht na hagóide ag iarraidh a dhéanamh ar an mBille Pleanála, tá dualgas a chur ar gach údarás áitiúil Plean Tithíochta agus Daonra a chur le chéile do gach Limistéar Pleanála Teanga faoina chúram; go nglacfaí leis go sásaíonn líofacht sa Ghaeilge (cainteoir dúchais nó leibhéal B2 ar FTCE) na critéir don ‘riachtanas áitiúil’ maidir le forbairtí tithíochta sa Ghaeltacht; agus go gcuirfí an próiseas pleanála teanga san áireamh fud fad an Bhille leis an aitheantas agus an tacaíocht chuí a thabhairt dó.

Tá geallta cheana féin ag an Aire O’Brien go molfaidh sé leasuithe breise ar an mBille Pleanála a thugann faoi cheist na Gaeltachta nuair a thiocfaidh an reachtaíocht os comhair na Dála arís.

Athrú amháin a bheartaigh an tAire ná go mbeadh ceantair Ghaeltachta agus oileáin áirithe mar cheantair ar leith i bpleananna forbartha na n-údarás áitiúil. Dúirt sé nach raibh aon leanúnachas ann maidir le cur chuige na n-údarás áitiúil i dtaobh cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht.

Dúirt O’Brien mí Feabhra go raibh díomá air nár foilsíodh go dtí seo na treoirlínte pleanála atá geallta aige ach nach raibh sé “éasca ar chor ar bith” ceist na tithíochta sa Ghaeltacht a réiteach.

Fág freagra ar 'Agóid ag Teach Laighean faoi ghéarchéim tithíochta na Gaeltachta'

  • JP

    ‘Níl sé éasca ar chor ar bith ceist na tithíochta sa Ghaeltacht a réiteach.’ Freagra:
    ‘Éirigh as, mar sin, agus lig do dhuine éigint eile atá níos fearr ná tusa é a dhéanamh!’

  • An Raghailleach

    Tá an ceart ag Dónall Ó Cnáimhsí nuair a dhúirt sé “go raibh fadhb na tithíochta ag cur todhchaí na Gaeltachta agus na Gaeilge i mbaol.”

    Má tá slánú na Gaeilge i gceist le slánú na Gaeltachta (rud nach bhfuil soiléir i gcur chuige Údaráis na Gaeltachta) ní mór a bheith an-chúramach faoi ceist na tithíochta.
    Theastódh pleanáil profisiúnta socheolaíoch, teangeolaíoch srl. maidir leis na múnlaí nua tithíochta atá molta le go mbeadh seans ag an Ghaeilge.
    Faoi mar atá nósanna teanga faoi láthair i measc cainteoirí dúchais Gaeilge beidh sé fiordheacair eastát amháin ina bhfuil an Ghaeilge in uachtar a bhunú sa Ghaeltacht.
    Dá mbeadh comharchumann tithíochta Galetachta ann le h-eiteas láidir agus soiléir faoin Ghaeilge bheinnse níos dóchasaí faoi “todhchaí na Gaeltachta agus na Gaeilge” – (frása a Dhónaill Uí Chnáimhsí). Ní bheinn ró-dhóchasach faoi eastáit tithíochta sa Ghaeltacht agus iad á stiúradh ag Udarás na Gaeltachta.

  • Aonghus Mac an tSaoir

    I bhfianaise na gceifíonna a bhí á gcaitheamh ag an lucht agóide, an agóid a bhí ann ar son na tithíochta nó ar son na Palaistíne?

  • An Teanga Bheo

    Maith sibh dúisigh suas libh thuas in Bác le do thoil roimh…………………. 2025

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Tá sé in am ceantracha gaeltachta bheith in ACHAN contae sa tír agus rialacha ar leith chun sochar na gaeilge curtha i bhfeidhm sna ceantracha sin. Tús áite i gcónaí don ghaeilg is cuma cén ‘oidhreacht’ atá agat. Earnáil an ghnó agus na turasóireachta ina ailse sa ‘ghaeltacht’ agus iad ag déanamh neamhaird iomlán don teangaidh dúchais. Iad ag déanamh an rud céanna taobh amuigh den ‘ghaeltacht’ fosta. Cuid mhór le déanamh leis an ghaeilg a chuir chun cinn ach tá dlíthe agus rialacha a dhith ón rialtas nó ní dhéanfar faic.