
Tá foirne idirchontae na tíre ag caitheamh súil chun cinn ar 2016 cheana féin agus an tarraingt déanta do na craobhacha iomána agus peile aréir.
Sa chraobh peile, tabharfaidh curaidh na bliana seo caite, Baile Átha Cliath aghaidh ar Laois nó Cill Mhantáin sa chluiche ceathrú ceannais agus iad sa tóir ar a séú craobh as a chéile sa chúige.
I gcúige Uladh, caithfidh Aontroim agus Fear Manach imirt sa réamhbhabhta ach seans gurb í an choimhlint idir Tír Eoghain agus Doire, na comharsana, an ceann is suimiúla.
Beidh Cill Chainnigh sa tóir ar Chorn Mhic Cárthaigh a bhuachan don 37ú huair, an méid céanna is atá ag Ciarraí sa pheil, agus tosóidh feachtas na gCat sa bhabhta leathcheannais le cluiche i gcoinne Bhaile Átha Cliath nó Loch Garman.
Seans gurb é cluiche ceathrú ceannais Mumhan idir Corcaigh agus Tiobraid Árann ceann de na coimhlintí is mó a bheidh daoine ag súil leis. Tá an dá fhoireann faoi bhainistíocht nua do 2016 le Michael Ryan tagtha i bhfeighil i dTiobraid Árann agus Kieran Kingston i gceannas ar Chorcaigh. Tá Craobh Mumhan buaite ag an péire acu le dhá bhliain anuas ach beidh siad ag iarraidh dul céim nó dhó níos faide ná sin i mbliana agus iad sa tóir ar Chorn Mhic Cárthaigh.
Craobh Peile 2016
Craobh Peile Laighean
Babhta 1
Laois v Cill Mhantáin
An Lú v Ceatharlach
An Longfort v Uíbh Fhailí
Cluichí Ceathrú Ceannais
Laois/Cill Mhantáin v Baile Átha Cliath
An Lú/Ceatharlach v An Mhí
An Longfort/Uíbh Fhailí v An Iarmhí
Loch Garman v Cill Dara
Cluichí Leathcheannais
Laois/Cill Mhantáin/Baile Átha Cliath v An Lú/Ceatharlach/An Mhí
An Longfort/Uíbh Fhailí/An Iarmhí v Loch Garman v Cill Dara
Craobh Peile Chonnacht
Réamhbhabhta
Nua Eabhrach v Ros Comáin
Cluichí Ceathrú Ceannais
Nua Eabhrach/Ros Comáin v Liatroim
Londain v Maigh Eo
Cluichí Leathcheannais
Nua Eabhrach/Ros Comáin/Liatroim v Sligeach
Londain/Maigh Eo v Gaillimh
Craobh Peile Uladh
Réamhbhabhta
Fear Manach v Aontroim
Cluichí Ceathrú Ceannais
Doire v Tír Eoghain
An Cabhán v Ard Mhacha
Muineachán v An Dún
Fear Manach/Aontroim v Dún na nGall
Cluichí Leathcheannais
Doire/Tír Eoghain v An Cabhán/Ard Mhacha
Muineachán/An Dún v Fear Manach/Aontroim/Dún na nGall
Craobh Peile Mumhan
Cluichí Ceathrú Ceannais
Tiobraid Árann v Port Láirge
An Clár v Luimneach
Cluichí Leathcheannais
An Clár/Luimneach v Ciarraí
Tiobraid Árann/Port Láirge v Corcaigh
Craobh Iomána 2016
Craobh Iomána Mumhan
Cluichí Ceathrú Ceannais
Tiobraid Árann v Corcaigh
Cluichí Leathcheannais
Port Láirge v An Clár
Luimneach v Tiobraid Árann/Corcaigh
Craobh Iomána Laighean
Grúpa Cáilithe
Uíbh Fhailí/An Iarmhí/Ceatharlach/Ciarraí
Cluichí Ceathrú Ceannais
Baile Átha Cliath v Loch Garman
Gaillimh v Foireann 1 ón Ghrúpa Cáilithe
Laois v Foireann 2 ón Ghrúpa Cáilithe
Cluichí Leathcheannais
Baile Átha Cliath/Loch Garman v Cill Chainnigh
Laois/Foireann 2 Gaillimh/Foireann1
Fág freagra ar 'Aghaidh tugtha ar chraobhacha 2016 agus an tarraingt déanta'