Beidh a céad throid ghairmiúil ag Katie Taylor ag deireadh na míosa seo chugainn tar éis di conradh a shíniú leis an bpoiblitheoir aitheanta, Eddie Hearn, agus a chomhlacht, Matchroom Boxing.
Is san SSE Arena i Wembley, Londain, a bheidh an chéad troid aici ar an 26 Samhain. Níl sé deimhnithe fós cé a bheidh ina coinne ach craolfar an troid beo ar Sky Sports. Beidh Taylor sa chró arís coicís ina dhiaidh sin, ar an 20 Nollaig, agus í ar chlár na hoíche do throid Anthony Joshua, an té a bhfuil craobh throm-mheáchain an IBF aige agus é faoi stiúir Eddie Hearn chomh maith.
Cuireann cinneadh Taylor aghaidh a thabhairt ar an dornálaíocht ghairmiúil deireadh lena ré ghlórmhar mar throdaí amaitéarach.
Ó thosaigh sí ag troid i gcomórtais idirnáisiúnta aon bhliain déag ó shin, tá Craobh na hEorpa buaite sé huaire aice, Craobh an Domhain tugtha léi cúig huaire aici agus, ar ndóigh, bonn óir buaite aici chomh maith ag na Cluichí Oilimpeacha i Londain in 2012. Idir 2005 agus tús 2016, níor chaill sí oiread is troid amháin.
Ní rómhaith a chuir Taylor críoch lena laethanta ag troid d’Éirinn ag na Cluichí Oilimpeacha sa Bhrasaíl i mí Lúnasa, ach beidh sí ag súil go dtabharfaidh an dúshlán nua seo spreagadh arís di.
Katie
Go n-éirí go geal leat, Katie. Is mór an inspioráid thú!