Aghaidh á tabhairt ag na Conallaigh ar chontae na Mí agus lá mór Liatroma tagtha

Imreofar cluichí ceannais i Roinn 2 agus i Roinn 4 na sraithe peile náisiúnta tráthnóna i bPáirc an Chrócaigh

Aghaidh á tabhairt ag na Conallaigh ar chontae na Mí agus lá mór Liatroma tagtha

Donal Lenihan (An Mhí) agus Michael Murphy (Dún na nGall). Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Dún na nGall v An Mhí – Páirc an Chrócaigh, 5.00pm (Beo ar TG4)

Beidh Declan Bonner sásta go maith go mbeidh Dún na nGall ag filleadh ar Roinn 1 agus ardú céime faighte láithreach acu agus cé nach mór an tábhacht atá ag baint le cluiche an lae inniu i gcoinne na Mí, ba bheag locht a bheadh ar chorn a bhuachan roimh thús na craoibhe.

Bhain Dún na nGall áit amach sa chluiche ceannais le bua maith ar Chill Dara an deireadh seachtaine seo caite. Bhí foireann Bonner aon phointe dhéag chun cinn ag leath ama agus chuir siad leis an mbearna sin sa dara leath nó go raibh farasbarr mór ar deireadh acu, 1-20 in aghaidh 0-10.

Tar éis dóibh cliseadh i gcoinne Fhear Manach i mBabhta 4, chuir Dún na nGall críoch iontach leis an tsraith. Bhuaigh siad dhá chluiche as baile acu, i gcoinne Chorcaí agus Ard Mhacha, sular bhuaigh siad ar Chill Dara.

Nuair a d’fhill imreoirí Ghaoth Dobhair agus Michael Murphy ar an bhfoireann i lár na sraithe, tháinig an-fheabhas ar na Conallaigh agus chruthaigh Murphy thar cionn. Ní bheidh fáil ag Bonner ar a chuid imreoirí ar fad tráthnóna. Tá Patrick McBrearty gortaithe, agus is amhlaidh an cás ag Ciarán Thompson agus Michael Langan, beirt a d’aimsigh roinnt mhaith scóranna do i rith na sraithe.

Chríochnaigh an Mhí ar bharr an tábla i Roinn 2 agus gan ach cluiche amháin caillte acu, an ceann i mBealach Féich i gcoinne na gConallach. Ba iad imreoirí na Mí ab fhearr an lá sin ach d’aimsigh Dún na nGall cúl bog ag deireadh an chluiche a d’fhág gurbh iadsan a bhí buacach.

Tá Dún na nGall feabhsaithe ón lá sin ach bhí an Mhí an-mhaith i gcaitheamh na sraithe ar fad agus ba cheart go mbeadh coimhlint an-chrua idir na foirne seo tráthnóna.

Tar éis dó éirí as in 2018, tá Mickey Newman ar ais i ngeansaí na Mí agus ba é príomhscórálaí na foirne é go dtí seo agus 1-28 faighte aige. Tá Cillian O’Sullivan ag imirt go maith d’fhoireann Tony McEntee, mar atá mac an bhainisteora, Shane, agus ba cheart go mbeadh siad in ann leas a bhaint as an bhfairsinge a bheidh acu i bPáirc an Chrócaigh.

Rogha Tuairisc.ie: An Mhí

Emlyn Mulligan. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Doire v Liatroim – Páirc an Chrócaigh, 3.00pm (Beo ar TG4)

Tá Páirc an Chrócaigh bainte amach arís ag peileadóirí Liatroma faoi dheireadh ach mar sin féin is beag seans atá á thabhairt dóibh i gcluiche ceannais an lae inniu.

Níl cluiche imeartha ag Liatroim i bPáirc an Chrócaigh ó 2006, nuair a chaill siad cluiche ceannais Chorn Uí Mhurchú, ach tá siad ar ais arís ar an ardán mór tar éis dóibh sé chluiche as na seacht gcinn a d’imir siad i Roinn 4 i mbliana a bhuachan. Faraor dóibh, freasúra an lae inniu, Doire , an t-aon dream a bhí rómhaith dóibh agus bhuaigh na hUltaigh go héasca orthu i mBabhta 6.

Ina ainneoin sin, beidh lucht tacaíochta Liatroma dóchasach agus iad ag filleadh ar Pháirc an Chrócaigh. Rinne an dá fhoireann an-chuid athruithe don chluiche sin i bPáirc na gCeilteach coicís ó shin agus rinne foireann Terry Hyland an-teacht aniar chun bua maith a fáil i gcoinne Phort Láirge sa bhabhta deireanach.

Ba é Ryan O’Rourke príomhscórálaí na foirne i rith na sraithe agus tá Emlyn Mulligan fillte ar an bhfoireann arís i ndiaidh tréimhse a chaitheamh i measc na n-ionadaithe do na cluichí ag tús na sraithe.

Tá tosaithe den scoth ag Doire chomh maith agus gaiscí déanta ag Shane McGuigan agus Christopher Bradley sa tsraith.

Beidh slua mór as Liatroim i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna agus má bhíonn a bhfoireann fós sa gcomhaireamh i dtreo dheireadh na himeartha, d’fhéadfadh go dtiocfadh an tacaíocht iontach sin sa treis. Ach is cosúil go mbeidh Doire rómhaith dá gcéilithe comhraic.

Rogha Tuairisc.ie: Doire

Fág freagra ar 'Aghaidh á tabhairt ag na Conallaigh ar chontae na Mí agus lá mór Liatroma tagtha'