AGALLAMH: ‘Tuilleadh Gaelscoileanna’ agus ‘fostaíocht sa Ghaeltacht’ an dá thosaíocht atá ag urlabhraí Gaeltachta Pháirtí an Lucht Oibre

Deir an Seanadóir Marie Sherlock gur gá comhrá “réadúil” a bheith ann faoi na bealaí a bhféadfaí daoine 'a choinneáil' sa Ghaeltacht

AGALLAMH: ‘Tuilleadh Gaelscoileanna’ agus ‘fostaíocht sa Ghaeltacht’ an dá thosaíocht atá ag urlabhraí Gaeltachta Pháirtí an Lucht Oibre

Deir an Seanadóir Marie Sherlock, a ceapadh ina hurlabhraí Gaeltachta agus Gaeilge do Pháirtí an Lucht Oibre le déanaí, nach féidir an “ghéarchéim” sa Ghaeltacht a shéanadh agus gur gá comhrá “réadúil” a bheith ann faoi na bealaí a bhféadfaí daoine a choinneáil sa Ghaeltacht.

“Níl aon amhras ann ach go bhfuil géarchéim sa Ghaeltacht. Léiríonn na figiúirí ón daonáireamh deireanach go bhfuil laghdú tagtha ar líon na ndaoine a bhíonn ag úsáid na Gaeilge mar phríomhtheanga laethúil sa Ghaeltacht,” a dúirt sí.

Creideann Sherlock, arb as Carraig na bhFear i gCorcaigh í, go bhféadfaí an ghéarchéim a bhaineann le cúrsaí teanga sa Ghaeltacht a fheabhsú trí dhaoine a choinneáil sa Ghaeltacht agus deiseanna fostaíochta a chruthú “i réimse na turasóireachta go háirithe”.

“Tá géarchéim ann ó thaobh na teanga ach is ceist daonra agus fostaíochta í. In ainneoin iarrachtaí Údarás na Gaeltachta, tá laghdú tagtha ar dheiseanna fostaíochta sa Ghaeltachta, go háirithe ó 2009-2010 agus caithfear sin a athrú. Tá géarghá le comhrá réadúil faoi na bealaí a bhféadfaí daoine a choinneáil sna ceantair Ghaeltachta.”

Maidir le cur chun cinn na Gaeilge, deir an Seanadóir Marie Sherlock gur cheart “idirdhealú” a dhéanamh idir an Ghaeltacht agus ceantair uirbeacha “a bhfuil borradh faoin dteanga”.

“Sa Ghaeltacht deiseanna fostaíochta atá ag teastáil ó lucht a labhartha. Sna cathracha, áiteanna a bhfuil borradh faoin dteanga, sílim go gcaithfimid ár bhfuinneamh ag cur na Gaeilge chun cinn a dhíriú orthu siúd a deir go labhraíonn siad Gaeilge go rialta nó leathrialta agus ag an am céanna féachaint conas is féidir linn slí bheatha na ndaoine sin a deir gur mian leo fanacht ina gcónaí sa nGaeltacht a chosaint.”

Dúirt Sherlock go bhfuil “bunús maith” ann chun an Ghaeilge a neartú sa tír agus gur “léiriú” air sin an spéis atá sna Gaelscoileanna.

“Ba bhreá liom go mbunófaí níos mó Gaelscoileanna agus tuilleadh acmhainní a chur ar fáil do bhunú scoileanna.

“Is é an dúshlán an bhearna idir Gaelscoileanna, an córas oideachais, an geilleagar agus an tsochaí a dhúnadh. Conas is féidir linn an t-athrú sin, atá riachtanach más mian linn go mairfeadh an teanga, a spreagadh? Níor díríodh i gceart air sin agus cuirfimid tús le plé tábhachtach. Sílim gur féidir linn feabhas a chur ar an scéal.”

Dúirt Sherlock, a fuair “bunús iontach” sa Ghaeilge agus í ag freastal ar Choláiste an Chroí Naofa i gCorcaigh, go raibh sí “an-líofa” sa teanga roinnt blianta ó shin ach go bhfuil “meirg” tagtha ar a cuid Gaeilge le cúpla bliain anuas.

Chaith Sherlock seal ag obair mar Oifigeach Gaeilge le hAontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide, áit ar bhain sí céim amach san Eacnamaíocht agus Eolaíocht Pholaitiúil. Iaroifigeach ceardchumainn í, a toghadh ar Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath i nGlas Naíon-An Chabrach den chéad uair anuraidh agus ar phainéal lucht saothair an tSeanaid i mí Aibreáin.

Tá cúraimí go leor eile ar an Seanadóir Sherlock agus í ceaptha ina hurlabhraí gnóthaí fostaíochta, meán, ealaíon agus cultúir agus ina haoire ag an pháirtí sa Seanad chomh maith.

Cé nach mbeidh sé ar chumas Sherlock cás na Gaeltachta agus na Gaeilge a phlé sa Dáil, thug sí le fios go mbeadh ceisteanna á gcur ag an Teachta Dála Aodhán Ó Ríordáin ar an Aire Stáit Gaeltachta Jack Chambers ar a son.

Dúirt Sherlock go dtuigeann sí gur cúis imní é do mhuintir na Gaeltachta gur as Baile Átha Cliath urlabhraithe Gaeltachta na bpáirtithe polaitiúla go léir ach nach raibh dóthain iarrthóirí tofa ag Páirtí an Lucht Oibre le hurlabhraí Gaeltachta ón Ghaeltacht a cheapadh sa ról sin.

Dúirt sí, áfach, gur léirigh Páirtí an Lucht Oibre “coimitmint láidir’ don Ghaeltacht in imeacht na mblianta agus go mbeadh sí ag iarraidh amhlaidh a dhéanamh mar urlabhraí Gaeltachta a páirtí.

Fág freagra ar 'AGALLAMH: ‘Tuilleadh Gaelscoileanna’ agus ‘fostaíocht sa Ghaeltacht’ an dá thosaíocht atá ag urlabhraí Gaeltachta Pháirtí an Lucht Oibre'