‘Bhí muid sotalach, ní tharlóidh sé arís’ – Shane Dowling agus na Piarsaigh ar bhealach a slánaithe

Tar éis dá fhoireann cailleadh i gcluiche leathcheannais na hÉireann faoi dhó, i 2012 agus 2014, tá Dowling ag iarraidh ceachtanna na gcluichí sin a úsáid chun maitheasa agus cúitimh, agus Craobh na hÉireann a thabhairt ar ais go dtí a chumann féin i 2016

Shane Dowling ag ceiliúradh tar éis do Na Piarsaigh Craobh na Mumhan a bhuachan i mbliana. INPHO/Cathal Noonan
Shane Dowling ag ceiliúradh tar éis do Na Piarsaigh Craobh na Mumhan a bhuachan i mbliana. INPHO/Cathal Noonan

Tá an chuma ar Shane Dowling gur fear é nach bhfuil ag iarraidh na botúin chéanna a dhéanamh agus a rinne sé cheana. D’fhear óg a bhí i ndiaidh a thríú Chraobh na Mumhan a bhuachan lena chumann, Na Piarsaigh, is ag cur béime ar an todhchaí a bhí an Luimníoch.

Is é an chúis leis sin ná go bhfuil an dá shaol feicthe ag Dowling agus Na Piarsaigh cheana. I 2011, chuaigh siad ar aistear dochreidte. Bhuadar craobh an chontae den chéad uair riamh agus taobh istigh de dhá mhí, b’iad curaidh an chúige tar éis dóibh Croisín a shárú in athimirt an chluiche ceannais.

Gan ach na hUltaigh, Seamróga Loch gCaol, ag fanacht leo i gcluiche leathcheannais na hÉireann, níor thógtha orthu nárbh fhada iad ag smaoineamh ar Lá Fhéile Phádraig agus Páirc an Chrócaigh. Cuireadh deireadh tobann lena gcuid uaillmhianta roimhe sin, áfach, nuair a tháinig Loch gCaol aniar aduaidh orthu chun cluiche iontach a bhuachan i ndiaidh am breise.

Bhí siad ar ais sa chluiche leathcheannais arís i 2014 ach ba iad Port Omna a bhí leo, foireann a thug an-taispeántas go deo uathu an lá úd agus ba bheag neart a bhí ag Na Piarsaigh ar an gcaoi ar thit cúrsaí amach sa deireadh.

“I 2014, ní raibh muid sách maith ná baol air le Port Omna a bhualadh. Bhí siadsan chomh fada sin chun tosaigh orainn. Bhí gach rud a rinne siad ar leibhéal eile. I 2012 bhí muid sotalach go maith; ní raibh aon mheas againn ar Loch gCaol agus d’fhág muid an lá sin go maolchluasach. Níl sé sin ‘gabháil ag tarlú arís an uair seo. D’fhoghlaim muid ó na cluichí sin agus is cinnte go dtabharfaimid an meas d’Abhallort-An Bealach agus atá tuillte acu,” a deir Dowling.

Beidh sé tábhachtach do Dowling agus a chuid comhghleacaithe a bheith stuama faoin gcluiche mar, fearacht 2011, nuair nach raibh aon cheann de na hainmneacha móra cosúil le Port Omna agus Baile hÉil fós sa chraobh, tá an tuairim ann go mbeidh sé deacair Na Piarsaigh a stopadh.

“Is muid rogha na coitiantachta ag na geallghlacadóirí cheana féin agus tá brú ag teacht orainn ó chuile chearn den tír ach, mar atá ráite agam cheana, ní dhéanaim mórán natha de sin. Dá mbeadh an bua ag foireann rogha na coitiantachta i gcónaí, ba iad Sáirséalaigh Dhurlais Éile a bheadh i gcluiche ceannais na Mumhan seachas muidne.

“Níl mórán difríochta eadrainn féin agus Abhallort i ndáiríre. Cosúil leo sin, tá muidne fós ag fanacht le cluiche a bhuachan taobh amuigh den chúige agus sin é an chéad dúshlán eile dúinne. Chlis orainn in dhá chluiche ceannais agus níl muid ach ag díriú ar an gcluiche atá le teacht,” a deir Dowling. “Is foireann mhaith iad Abhallort. Tá an-taithí acu agus tar éis dóibh na cluichí ceannais sin uile a chailleadh, b’fhéidir gur deis é seo dóibh imirt gan an brú sin a bheith ag cur isteach orthu,” arsa Dowling.

Agus tús á chur leis an séasúr idirchontae faoi cheann cúpla seachtain, is cinnte go bhfuil TJ Ryan i mbun oibre chun plean a chur le chéile do Luimneach do 2016 ach, faoi láthair, is ar chúrsaí club amháin atá aird Dowling.

“Is rud speisialta é an club; is ann a rugadh agus a tógadh thú, is ann atá tú i do chónaí,” a deir Dowling, atá ag cur faoi in aice le páirc an chumainn i dtuaisceart chathair Luimnigh. “Tá foireann an chontae ar chúl mo chinn faoi láthair agus is ann a fanfaidh sé nó go mbeidh Na Piarsaigh críochnaithe sa chraobh. Caithfidh tú a bheith santach mar imreoir agus níl mise ach ag smaoineamh ar Na Piarsaigh faoi láthair.”

Ní chiallaíonn sé sin go mbeidh sé ag tógáil scíth’ thar an Nollaig. Agus an cluiche leathcheannais á imirt ag tús mhí Feabhra, beidh imreoirí na bPiarsach ‘“ag treabhadh leo gan fuacht gan faitíos,” dar le Dowling. “Ní shin le rá nach mbainfidh muid taitneamh as an Nollaig chomh maith, ach níl aon duine chun dul thar fóir agus beidh muid ag treabhadh linn i gcaitheamh an ama, bíodh muid ar an bpáirc nó sa spórtlann.”

Agus an bhéim a chuireann Dowling ar an nasc idir an t-imreoir agus a chumann, is cinnte go ndéanfaidh sé a dhícheall gan an deis seo a scaoileadh arís agus an beart a dhéanamh do Na Piarsaigh. D’fhear a bhfuil Craobh na Mumhan buaite aige lena chumann agus lena chontae, deir Dowling go bhfuil rud éigin speisialta faoi gaisce a dhéanamh leis an dream ar fhás duine suas leo.

“B’fhéidir nach bhfuil comórtas na gclub chomh mór i mbéal an phobail ach ní bhaineann sé sin ón tábhacht atá ag baint leis. Ceann de na rudaí a mbainimse mise taitneamh astu ná an ríméad a bhíonn ar do sheanchóitseálaí, daoine a bhíodh ag tabhairt comhairle duit agus tú 8, 10, 12 bliain d’aois. Ní bheadh muid anseo gan iad agus, mar sin, tugann sé sin spreagadh mór dom.”

Fág freagra ar '‘Bhí muid sotalach, ní tharlóidh sé arís’ – Shane Dowling agus na Piarsaigh ar bhealach a slánaithe'