AGALLAMH le LANCE DALY: ‘De réir mar a théadh tú in airde sa saol, is amhlaidh is faide ón Ghaeilge a rachadh tú…’

Labhair Tuairisc.ie leis an stiúrthóir as Baile Átha Cliath, Lance Daly faoin scannán is déanaí uaidh, ‘Black 47’

AGALLAMH le LANCE DALY: ‘De réir mar a théadh tú in airde sa saol, is amhlaidh is faide ón Ghaeilge a rachadh tú…’

Tá an Ghaeilge i gConamara le linn an Ghorta Mhóir ar na hábhair atá i gcroílár scannáin úir a thiocfaidh amach i mí Mheán Fómhair na bliana seo.

An stiúrthóir as Baile Átha Cliath, Lance Daly a rinne Black 47, agus is cinnte go mbainfidh daoine sult as mar scannán díoltais ina dtréigeann an príomhcharachtar Feeney na Connaught Rangers, atá ag troid ar son Arm na Breataine san Afganastáin, le pilleadh chun an bhaile go Conamara, áit a bhfuil a theaghlach básaithe den ocras agus a dheartháir crochta as gadaíocht.

Cinneann sé ar dhíoltas a bhaint amach ar an uasaicme agus ar dhuine ar bith a rinne feall ar a theaghlach.

Ag an am céanna, tá na húdaráis ag iarraidh theacht ar Feeney agus é a chrochadh mar thréigtheoir.

Anuas ar an dea-scéalaíocht, coinneoidh na ceisteanna a ardaíonn Black 47 ag smaoineamh thú ar feadh i bhfad, ceisteanna na féiniúlachta agus na Gaeilge ina measc.

“Rinne muid cuid mhór oibre ar an teanga le go mbeadh sé chomh fírinneach agus ab fhéidir,” arsa Lance liom an tseachtain seo caite.

“Bhí Peadar Cox mar aistritheoir againn agus, rinneamar iarracht na fotheidil a dhéanamh chomh neamhshuntasach agus ab fhéidir agus iad gar do bhéala na n-aisteoirí in áit iad a bheith ag bun an scáileáin mar is iondúil.

“Ach cinnte, tá an teannas idir an Ghaeilge agus an Béarla thar a bheith tábhachtach sa scannán agus tá an t-aicmeachas an-tábhachtach fosta mar, de réir mar a théadh tú in airde sa saol, is amhlaidh is faide ón Ghaeilge a rachadh tú,” arsa Daly.

Tá carachtair sa scannán nach labhraíonn ach Béarla, cuid eile nach labhraíonn ach Gaeilge agus carachtair eile atá idir an dá shaol.

Luaim cás mhurdair Mhám Trasna, cás ar craoladh scannán faisnéise faoi ar TG4 le déanaí, agus chomh cinniúnach is a bhí ceist na teanga fós in 1882, 35 éigin bliain i ndiaidh uafás an Ghorta.

“Cinnte, bhí cásanna go leor ann den chineál céanna inar ciontaíodh daoine nach raibh in ann freagra a thabhairt i mBéarla.

“Bhí na cásanna sin mar bhunús le radharc amháin i seomra cúirte atá againne sa scannán,” ar sé.

Scannán díoltais, nó scéinséir díoltais nó western díoltais atá á thabhairt ar Black 47. Déarfadh daoine nach tréith iontach croíúil é an fonn díoltais cé mbíonn an lucht féachana go mór ar son Feeney mar gheall ar na huafáis a tharla dá theaghlach.

Dar le Lance, cuidíonn an seánra áirithe seo le comhrá ceart a thosú faoin Ghorta. “Más scannán díoltais atá ann, cad faoi a bhfuil an díoltas á lorg? Cé air a bhfuil an milleán? Osclaíonn sé sin an comhrá, measaim, ach tá níos mó ná díoltas i gceist.

“Bainim úsáid as an aicsean sa scannán mar ghléas chun go mbainfidh na carachtair faoiseamh nó saorghlanadh amach agus feicim an fuinneamh sa scannán mar fhreagra cuí ar na héagóracha a d’fhulaing íobartaigh an Ghorta,” arsa Lance.

Ar an dea-uair, ní théann an stiúrthóir thar fóir leis an olagón agus leis an ochón-ó in Black 47 ach is léir an sceimhle agus an alltacht atá sa tír.

Tá radharcanna leathana de thírdhreach Chonamara (agus Lucsamburg!) le feiceáil sa scannán ach níl an saothar bunaithe ar fhíor-imeachtaí stairiúla ach ar script a ndearna scríbhneoirí éagsúla obair air.

“Sea, bhí na scríbhneoirí seo ag obair le chéile ar feadh cúpla bliain leis an léiritheoir Macdara Kelleher ach bhí an bunsmaoineamh acu ón tús go mbainfeadh sé le hÉireannach a bhíodh ag troid ar son na Breataine san Afganastáin a phillfeadh chun an bhaile agus an fhearg a thiocfadh air nuair a d’fheicfeadh sé an drochbhail a bhí ar na daoine agus an drochíde a bhí á tabhairt dá mhuintir ina dtír dhúchais féin,” a mhínigh Lance.

Léiríonn Black 47 sícé dhé-pholach na nÉireannach, a bhíodh sásta imeacht i bhfad thar sáile le troid ar son Impireacht na Breataine fad is bhí Gorta – nó cinedhíothú – ag réabadh na tíre.

Tá an fhoireann aisteoireachta thar barr ar ndóigh mar a bheifeá ag dúil leis agus Stephen Rea, Hugo Weaving agus Jim Broadbent sa chliar. Féar plé chomh maith don Astrálach James Frecheville sa phríomhról as Gaeilge a labhairt i scannán a mbeifear ag caint air ar feadh i bhfad i ndiaidh dó a theacht amach i mí Mheán Fómhair.

Fág freagra ar 'AGALLAMH le LANCE DALY: ‘De réir mar a théadh tú in airde sa saol, is amhlaidh is faide ón Ghaeilge a rachadh tú…’'