AGALLAMH LE hAODH Ó DOMHNAILL: ‘Níl muid chomh maith sin ag déanamh magaidh faoi eachtraí staire in Éirinn’

Tá sé thar am dúinn a bheith magúil gan a bheith maslach faoi eachtraí móra staire na tíre seo, a deir Aodh Ó Domhnaill a bhfuil a dhráma nua ‘1915’ á stáitsiú go luath ag Aisteoirí Bulfin

 

01 1915 Aisteoirí Bulfin
Barry Barnes, Aoife Ní Ghlaicín-Riain, Eimear Ní Mhéalóid, Helena Mullins agus Aoileann Ní Chonchubhair ag cleachtadh don léiriú ‘1915’ le hAisteoirí Bulfin, a bheidh ar stáitse i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste ag tús mhí na Nollag.

Easpa acmhainn grinn mhuintir na hÉireann faoi eachtraí staire a spreag an drámadóir Aodh Ó Domhnaill le 1915 a scríobh, dráma nua a chuirfear ar stáitse i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste an mhí seo chugainn.

Lonnaithe i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1915, insítear i 1915 scéal dream Óglach a d’éirigh mífhoighneach agus a chuir tús leis Éirí Amach níos luaithe ná mar a bhí beartaithe ag Eoin Mac Néill.

Screen Shot 2015-11-23 at 13.27.31
Aodh Ó Domhnaill

Dúirt Ó Domhnaill le Tuairisc.ie go bhfacthas dó nach bhfuil muintir na tíre seo chomh maith céanna ag magadh faoi eachtraí móra staire is atá daoine i dtíortha eile.

“Níl muid chomh maith sin ag déanamh magaidh faoi eachtraí staire in Éirinn. Chuimhnigh mé ar Blackadder i Sasana agus an cineál grinn atá sa chlár sin agus ba léir go raibh siadsan breá ábalta magadh a dhéanamh faoi na heachtraí móra gan a bheith maslach fúthu. Tá muide i bhfad níos goilliúnaí faoi.

“Ní dóigh liom go mbeidh sé conspóideach. Tá sé thar am dúinn a bheith magúil gan a bheith maslach agus is mar sin atá an seó seo, dar liom. Má cheapann éinne go bhfuil sé diamhaslach, bíodh acu! Níor mhaith liom caracatúir a dhéanamh d’aon phearsa staire agus mar sin, tá mo dhream féin cumtha agam. Ach tá siad bunaithe ar dhaoine éagsúla agus cineálacha daoine éagsúla ón tréimhse sin,” a mhínigh Ó Domhnaill.

Dúirt sé gurb iad an bheirt is spéisiúla sa dráma ná an bheirt a bhí in arm Shasana san Eoraip le linn an Chogaidh Mhóir. Thuig a leithéidí an chogaíocht, an marú agus na cúrsaí sin ar fad i bhfad níos fearr nár mar a thuig an Piarsach agus na ceannairí eile, dar leis.

Tá Ó Domhnaill ag súil leis an nglacadh a bheas ag lucht féachana Bhaile Átha Cliath agus lucht féachana Bhéal Feirste faoi seach leis an dráma.

Ní den chéad uair, beidh an ceol ina dhlúthchuid den léiriú seo ó Aisteoirí Bulfin. Tá focail Ghaeilge curtha ag Ó Domhnaill le hamhráin mhóra na linne agus é ar intinn aige saol na n-óg i mBaile Átha Cliath an tréimhse sin a thabhairt chun cuimhne.

“Ní bheadh mórán spéise sa cheol traidisiúnta acu an t-am sin, cé go raibh an t-athbheochan ar bun, ach sa cheol a bhíodh le cloisteáil ag na ceolchoirmeacha agus sna hallaí ceoil. Operatta agus leithéidí Gilbert and Sullivan, mar shampla. Tá an ceol is fearr ón ré sin sa dráma nua agus liricí nua i nGaeilge [curtha leis] a bhaineann leis an scéal,” a dúirt sé.

– Beidh 1915 ar siúl in amharclann Smock Alley ar 2, 3, 4 agus 5 Nollaig agus sa Chultúrlann i mBéal Feirste ar 12 Nollaig. 

Fág freagra ar 'AGALLAMH LE hAODH Ó DOMHNAILL: ‘Níl muid chomh maith sin ag déanamh magaidh faoi eachtraí staire in Éirinn’'

  • Feardorcha

    Cé hé siúd le bheith ag caitheamh anuas ar laochra 1916, é féin agus a hata gáifeach John Wayne?