AGALLAMH le hAodh Ó Domhnaill: Lón machnaimh Leningrad ag drámadóir na hardchathrach

Insíonn Lón Leningrad, an dráma is déanaí le hAodh Ó Domhnaill, scéal beirt scríbhneoirí le linn an léigir a chuir na Gearmánaigh ar Leningrad idir 1941 agus 1944

AGALLAMH le hAodh Ó Domhnaill: Lón machnaimh Leningrad ag drámadóir na hardchathrach

Rugadh Aodh Ó Domhnaill mBaile Átha Cliath é, ach mar is léir óna ainm tá fuil láidir Conallach ann. An mothaíonn sé mar Dub nó mar Chonallach?

Déanann sé gáire.

“Bhuel, is an gClochán Liath m’athair agus is as gar do Shrath an Urláir muintir mo mháthar, ach  tógadh i mBaile Átha Cliath mé agus is as Ciarraí mo bhean chéile, mar sin is meascán mé,” a deir sé go cáiréiseach.

Thosaigh Aodh ag cumadh amhrán Gaeilge nuair a bhí sé níos óige agus ansin chuaigh sé leis an fhilíocht, ach ar feadh an ama seo uilig bhí sé ag aisteoireacht le hAisteoirí Bulfin san ardchathair. Ansin thug sé an chéad chéim eile agus thosaigh sé ag scríobh drámaí gearra.

Le tamall fada de bhlianta anois, tá Aodh ag plé leis an drámaíocht agus lear mór drámaí scríofa aige, drámaí a fuair ardmholadh.

“Is dócha go bhfuil an tallann ionam agus bainim an-sult as an scríobh agus ó tharla go bhfuil baint agam le hAisteoirí Bulfin le fada an lá, bíonn siadsan i gcónaí sa tóir ar dhrámaí nua. Ó tharla go mbím ag aisteoireacht leo, tuigim an cineál drámaí atá de dhíth orthu. Ta gach duine sásta mar sin.”

Is é Lón Leningrad an dráma is déanaí óna pheann, scéal beirt scríbhneoirí le linn an léigir a chuir na Gearmánaigh ar Leningrad idir 1941 agus 1944 sa dara cogadh domhanda.

Cad é mar a tháinig an smaoineamh i gcloigeann Aodha?

“Bhuel, sin ceist dheacair ar scríbhneoir ar bith,” ar sé. “Bíonn  rudaí ag fánaíocht fá do shamhlaíocht agus ní bhíonn a fhios agat cé acu a dtiocfaidh dráma as nó nach dtiocfaidh.

Sa chéad dul síos, bhí spéis agam riamh inar tharla i Leningrad agus an léigear a bhí ag na Gearmánaigh ar an chathair,” arsa Aodh.

“Ansin tharla gur léigh mé beathaisnéis Anna Akhmatova, banfhile mór le rá ar chuir mé an-dúil ina cuid filíochta.

“An tríú rud ná gur tháinig mé ar an scríbhneoir aisteach, os-réalaíoch Daniil Kharms. Bhí stuif an-an-ait á scríobh aige sna 1920idí ach nuair a d’éirigh cúrsaí cinsireachta níos déine sa Rúis, ní raibh áit ar bith ann dá leithéid sin, bhí a chuid stuif chomh haisteach agus chomh hainrialach sin. Ainrialaí éigiallach (absurdist anarchist) a bhí ann.

“Nuair a fuair mé amach go raibh Anna Akhmatova agus Daniil Kharms i Leningrad ag an am céanna, bheartaigh mé an dráma seo a scríobh,” arsa Aodh.

Cíorann an dráma an dóigh ina spreagtar scríbhneoirí agus iad i ngleic le saol uafásach. Cabhraíonn an tsamhlaíocht chruthaitheach le duine acu plé leis an saol. Don duine eile, is uirlis éalaithe ón saol céanna í.

Bhí na mílte ag searmanais chuimhneacháin Anna Akhmatova i ndiaidh di bás a fháil i 1976 ach

chuir na húdaráis Daniil Kharms i dteach na ngealt agus tréas curtha ina leith. Fuair sé  bás – den ocras is dócha – ina chillín agus ba bhocht mar chríoch é.

– Beidh Lón Leningrad le feiceáil in Amharclann SMOCK ALLEY ar an Chéadaoin 12 Deireadh Fómhair ar a  8.00pm. Cead isteach €10
Áirithintí:  (01) 677 0014 nó www.smockalley.com

Fág freagra ar 'AGALLAMH le hAodh Ó Domhnaill: Lón machnaimh Leningrad ag drámadóir na hardchathrach'

  • Clean Sceach

    Níl aon teora le hAodh! Ag dréim go mór leis an dráma.

  • Dave Duggan

    Agallamh den scoth. Maith thú, RMcM.

    Ádh mór, a Aodh.
    Go néirí leat.

    Dave Duggan