AGALLAMH le Enda Kenny: ‘Leanfar leis an obair ar pholasaí oideachais nua don Ghaeltacht má bhím mar Thaoiseach arís’

Agus é faoi agallamh ag Tuairisc.ie, dúirt an Taoiseach le Tuairisc.ie gurb ionann figiúirí maidir le labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht agus “gairm slógaidh”

Toghchán Strapendakenny

Tá geallta ag an Taoiseach Enda Kenny go leanfadh Fine Gael leis an obair ar cuireadh tús léi anuraidh maidir le polasaí oideachais nua a thabhairt isteach do scoileanna Gaeltachta.

Thug an Taoiseach an geallúint sin uaidh in agallamh a rinne sé le Tuairisc.ie faoi chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.

“Ní chaithfear aon athrú a dhéanamh ar an nGaeilge féin ach caithfimid í a athbheochan. Sin an fáth ar thug mé mo chuid tacaíochta, in éineacht leis an Aire Oideachais agus Scileanna, don chomhairliúchán poiblí ar sholáthar an oideachas sa Ghaeltacht anuraidh. Má thoghfar chun dul i mbun rialtais arís mé, beidh mé ag súil le leanúint leis seo.

“Caithfidh Éire tuilleadh oibre a dhéanamh chun na deiseanna atá ann a neartódh staid ár dteanga dhúchais a chur chun cinn. Chuige sin, caithfear béim faoi leith a chur ar an oideachas Gaeltachta, lena chinntiú go mbeidh pobail bhríomhara Gaeilge againn sna ceantair Ghaeltachta, agus caithfidh fócas níos mó a bheith againn ar chaighdeáin teanga sna coláistí oiliúna.”

Dúirt sé gur aithin sé nach é an córas oideachais “bun agus barr an scéil” ach gur “tús ríthábhachtach” a bhí ann.

Dúirt sé gur “gairm slógaidh” a bhí sna figiúirí atá luaite i bhforógra Fhine Gael maidir le líon na gcainteoirí óga sa Ghaeltacht.

“Faoi láthair tá níos lú ná 1,000 cainteoir dúchais i mbunscoileanna sa cheantar Gaeltachta is láidre. Labhraíonn níos lú ná 10% dóibh siúd atá 15-18 bliain d’aois an Ghaeilge ar bhonn laethúil sa Ghaeltacht. Mar chainteoir Gaeilge, is ‘gairm slógaidh’ iad na figiúirí sin chun an Ghaeilge a chothú agus a athbheochan mar theanga labhartha inár bpobail áitiúla.

“Tá Fine Gael tiomanta go hiomlán don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus dá cur i bhfeidhm. Is tiomantas é, ag a chroílár, chun úsáid na Gaeilge ó lá go lá a chur chun cinn agus eolas uirthi a scaipeadh. Ba mhaith liom dá mbeadh sí níos feiceálaí mar theanga i sochaí an lae inniu.”

Bhí Enda Kenny ag freagairt sraith ceisteanna a chuir Tuairisc.ie ar cheannairí na mórpháirtithe faoina ndearcadh i leith cheist na Gaeilge. Foilsíodh freagraí Gerry Adams inné agus tá sé i gceist againn na hagallaimh le ceannairí na mórpháirtithe eile a fhoilsiú sna laethanta amach romhainn.

Fág freagra ar 'AGALLAMH le Enda Kenny: ‘Leanfar leis an obair ar pholasaí oideachais nua don Ghaeltacht má bhím mar Thaoiseach arís’'

  • padraig

    FFs!