Cé gur tuigeadh gur le deis a thabhairt do Ghaeilgeoirí a theacht chun cónaithe sa nGaeltacht a cuireadh coinníoll teanga speisialta i bPlean Gaeltachta Chomhairle Contae na Gaillimhe, baineadh leas as freisin ar bhealaí nach raibh súil leo.
Tá riail sa bPlean Contae a chureann cosc ar dhuine i gConamara teach a thógáil faoin tuath taobh amuigh de limistéar 8 gciliméadar óna cheantar baile.
Ach thug an mhír i bPlean na Gaeltachta deis do dhaoine a dhul taobh amuigh den teorainn sin agus rinne roinnt iarrthóirí é sin – beart atá dlistineach.
Mar shampla, is cosúil gur éirigh le roinnt daoine in iarthar Chonamara a bhí ag teannadh níos gaire do Ghaillimh leas a bhaint as.
Deich mbliana go ham seo a tosaíodh an córas agallaimh Ghaeilge sa gcóras pleanála i gComhairle Contae na Gaillimhe.
Ní raibh aon fhonn ar fhormhór na ndaoine a bhain leas as téarmaí pleanala Phlean na Gaeltachta i nGaillimh gabháil chun cónaithe mórán níos faide siar ná Ros a Mhíl.
Cuireadh mír i bPlean na Gaeltachta i nGaillimh 2008 a thug deis d’iarrthóir a raibh Gaeilge mhaith aige teach aonair a thógáil sa nGaeltacht dá mbeadh sé ag teannadh isteach chun cónaithe go buan sa gceantar.
Bhain 28 duine leas as an mír sin idir 2008 agus Lúnasa na bliana seo.
Bhí os cionn scór de na hiarrthóirí sin ag iarraidh cead pleanála i mBearna, sa Spidéal, in Indreabhán, sa Tulla agus siar i dtreo Ros a Mhíl.
As an gcuid eile, bhí duine anonn agus anall ag iarraidh cead pleanála a fháíl sna hOileáin, ar an gCeathrú Rua, in Iorras Aithneach agus i nDúiche Sheoigheach.
Cuireadh mír sa bPlean Contae 2004-2009 a d’fhág go gcaithfeadh cumas maith labhartha Gaeilge a bheith ag céadatán ard de na daoine a cheannódh tithe no árasáin i scéimeanna tithe i mbailte láidre Gaeltachta i gContae na Gaillimhe.
Cuireadh faoi agallamh 91 duine a rinne iarratas ar chead cónaithe agus pleanála in áiteanna a raibh coinníoll Ghaeilge ag baint leo.
In oifigí Chomhairle Contae na Gaillimhe a rinneadh na hagallaimh agus cuireadh tús leo i 2004.
D’éirigh le 73 duine acu. Ba sa mbliain 2008 ba mhó a rinneadh agallaimh – 26 agallamh uilig – ach is beag duine atá ag bacadh leis an gcóras seo anois.
Níor cuireadh ach iarrthóir amháin faoi agallamh anuraidh.
Mar seo atá na figiúirí i dtaobh an líon iarrthóirí a cuireadh faoi agallamh le deich mbliana anuas, bunaithe ar choinníollacha Gaeilge sa gcóras pleanála i gContae na Gaillimhe:
- 59 duine a bhí ag iarraidh teach a cheannach i scéim tithe/árasáin i mbaile Gaeltachta
- 28 duine a bhí ag iarraidh cead pleanála do theach aonair san Gaeltacht bunaithe ar an bPlean Gaeltachta 2008
- 4 a bhí ag iarraidh úinéireacht tí/árasáin a raibh coinníoll Gaeilge leis a aistriú chuig duine eile
Roghnaítear bord agallaimh ó am go chéile, ag brath ar an éileamh a bhíonn ann, le cumas Gaeilge an iarrthora a thomhas.
Feardorcha
Maith sibh tuairisc.ie – anois lean oraibh ag tochailt …
Cad iad figiúirí Thír Chonaill, Chiarraí, Chorcaí, Phort Láirge, Maigh Eo.
Fiafraigh do mhuintir an Bhuailtín an oiread Gaolainne atá tugtha isteach leo ag an dream a bhfuair tithe ansan faoi choinníol teanga.
Donncha Ó hÉallaithe
Alt spéisiúl ó Mháirtín faoin gcoinníoll teanga. Ach más cuimhneach liom é nach raibh Máirtín agus Fóram Iorras Aithneach go láidir in aghaidh na gcoinníollacha Gaeilge ag an am? Is maith uaidh an t-eolas seo a thabhairt chun solais. Domsa léiríonn sé go raibh an cheart againne a bhí ag iarraidh coinníollacha Gaeilge ar scéimeanna tithíochta sa Ghaeltacht.