AGALLAMH: Dianscrúdú eile I ndán do ‘bhuachaillí stuama’ Phobalscoil Chorca Dhuibhne

Crógacht agus díograis is cúís le himreoirí na Pobalscoile a bheith ar thairseach chluiche ceannais na hÉireann arís i mbliana. Labhair Tuairisc.ie le Tommy Griffin, roghnóir leis an bPobalscoil agus fear a bhuaigh Craobh na hÉireann dhá bhliain as a chéile le Ciarraí

Pictiúr: ©INPHO/Donall Farmer
Pictiúr: ©INPHO/Donall Farmer

Tar éis dóibh a gceathrú craobh Mumhan a bhuachan coicís ó shin, tabharfaidh Pobalscoil Chorca Dhuibhne aghaidh ar Coláiste Phádraig ón gCabhán i gcluiche leathcheannais na hÉireann inniu.

Tar éis Corn Uí Ógáin a bhuachan anuraidh, dá n-éireodh le buachaillí Chiarraí an éacht céanna a dhéanamh i mbliana, bheidís ar an gcéad scoil Mhuimhneach a mbeadh an comórtas buaite acu dhá bhliain as a chéile.

Dar le Tommy Griffin, roghnóir leis an bPobalscoil agus fear a bhuaigh Craobh na hÉireann dhá bhliain as a chéile le Ciarraí, níl an fhoireann ach ag smaoineamh faoin dúshlán atá rompu san Aonach inniu.

“Tá an bhliain seo caite thart agus nílimid ach ag díriú ar an 60 nóiméad atá amach romhainn,” a deir Griffin le Tuairisc.ie.

“Tá mhí oibre curtha isteach ag na himreoirí seo agus tá siad ana-dírithe ar an méid ba mhian leo a bhaint amach ar an bpáirc.”

Ceann de na deacrachtaí faoi mheasúnú a dhéanamh ar fhoirne scoile ná go dtagann an oiread sin athrú ar na painéil ó bhliain go bliain. Cé go bhfuil cúpla réalta a bhí ar an bhfoireann a bhuaigh Corn Uí Ógáin anuraidh imithe ón bPobalscoil, is é tuairim Griffin go gcabhraíonn meon na n-imreoirí atá fágtha le cibé deacrachtaí a bhíonn acu a shárú.

“Tá roinnt mhaith imreoirí againn ón mbliain seo caite agus is buachaillí an-stuama iad. D’oibríodar i bhfad níos crua i mbliana agus tá roinnt mhaith leaideanna a bhí ar imeall an phainéil anuraidh atá tagtha go mór chun cinn i mbliana agus atá ag iarraidh dul níos faide,” a deir Griffin.

mreoirí Phobalscoil Chorca Dhuibhne ag ceiliúradh ag lán ama tar éis dóibh Corn Uí Mhuirí a bhuachan i mbliana. Pictiúr: Tom O’Donoghue
mreoirí Phobalscoil Chorca Dhuibhne ag ceiliúradh ag lán ama tar éis dóibh Corn Uí Mhuirí a bhuachan i mbliana. Pictiúr: Tom O’Donoghue

Bhí an uaillmhian agus an díograis sin ag teastáil ó fhoireann na Pobalscoile i gCluiche Ceannais na Mumhan i gcoinne Choláiste Naomh Proinsias, Baile an Róistigh. Agus iad chun deiridh in am gortaithe, theastaigh sáriarracht ó Shéamus Ó Muircheartaigh leis an mbuille deireanach chun go mbeadh athimirt ann. 

Bhí an choimhlint san athimirt chomh géar céanna agus bua d’aon chúl amháin a bhí ag scoil an Daingin – 1-10 i gcoinne 0-10.

“Cluichí fíordheacra ab ea iad; bhí Coláiste Naomh Proinsias thar a bheith láidir agus cabhróidh an bua sin linn. Bhí an t-ádh linn go rabhamar fós san iomaíocht tar éis an chéad chluiche,” a deir Griffin agus fios aige go bhfuil cluiche dian eile le teacht.

Bhuaigh Coláiste Phádraig Craobh Uladh an tseachtain seo caite den chéad uair le 43 bliain agus admhaíonn Griffin nach bhfuil an oiread sin cur amach acu ar an bhfreasúra.

“Chonaiceamar an cluiche ceannais a d’imríodar ar Lá Fhéile Phádraig agus cúpla ceann eile; aon fhoireann go n-éiríonn leo an bheart a dhéanamh i gCraobh Chúige Uladh, tá a fhios agat gur foireann mhaith iad. Dealraíonn sé go bhfuil cosantóirí láidre acu agus cúpla tosaí dainséaracha.” 

Dar le Griffin go dtabharfaidh na cluichí i gcoinne Choláiste Naomh Proinsias an-spreagadh don fhoireann agus a thuilleadh iomaíochta géar i ndán dóibh inniu.

“B’fhéidir go raibh an scrúdú sin ag teastáil; ní cuireadh faoi thriail sinn i gcuid de na cluichí suas go dtí sin agus tabharfaidh sé taithí mhaith dúinn agus sinn ag féachaint chun cinn”, ar seisean.

Fág freagra ar 'AGALLAMH: Dianscrúdú eile I ndán do ‘bhuachaillí stuama’ Phobalscoil Chorca Dhuibhne'