AGALLAMH: Ceoldráma Gaeilge le bheith ag Féile Scannán Cannes

Taispeánfar ‘Bonsoir Luna’, ceoldráma nua i nGaeilge a rinneadh i mBaile Átha Cliath ag Féile Scannán Cannes an samhradh seo. Labhair Tuairisc.ie le stiúrthóir an scannáin Donncha Gilmore

Bonsoir Luna

Taispeánfar ceoldráma i nGaeilge den chéad uair riamh ag Féile Scannán Cannes sa Fhrainc an samhradh seo. Foireann agus cliar óg a rinne an gearrscannán Bonsoir Luna ar Shráid Sheoirse agus ceantar Ráth Maonais i mBaile Átha Cliath ag deireadh na bliana seo caite.

Is é Donncha Gilmore, a bhain a chéim amach i gColáiste na Tríonóide anuraidh, a scríobh agus a stiúraigh an scannán a insíonn scéal grá Duke agus Luna, ealaíontóir sráide agus oibrí caifé i Stuara Shráid Sheoirse san Ardchathair.

“Scríobh mé féin an scéal agus na focail agus ba é Josh Reichental a scríobh an ceol don dráma. Rinne muid an taifead i mí Dheireadh Fómhair seo caite ach níor chríochnaigh muid an scannán go dtí an mhí seo mar bhí an obair eagarthóireachta an-deacair ar fad. Bhí orainn an ceol a thaifeadadh agus ansin ábhar nua a thaifeadadh. Mar sin bhí sí i bhfad níos faide ná mar a bhí muid ag súil.

“Scríobh mé i mBéarla ar dtús é ach nuair a bhí mé á chur in eagar le Josh chuir mé Gaeilge air mar fuaimníonn sé níos fearr. Tá an scannán ar nós opera – cantar gach líne – agus fuaimníonn sé sin níos fearr i nGaeilge ná i mBéarla,” a deir Gilmore.

D’fhreastail formhór an chliair ar Choláiste na Tríonóide agus ba ann a chas Gilmore leo den chéad uair. Ba dhúshlán sách mór é cliar a aimsiú do cheoldráma lán-Ghaeilge, a deir sé.

“Ar an gcéad dul síos, bhí mé ag lorg daoine a raibh guth maith acu agus a raibh Gaeilge mhaith acu, rud a bhí an-deacair ar fad. Ar deireadh, áfach, ní raibh ach duine amháin den fhoireann nach raibh ábalta an teanga a labhairt i gceart,” a dúirt sé.

Deir Gilmore gur mór an onóir é cuireadh a fháil chuig Féile Scannán Cannes mar go raibh an-tionchar ag na scannáin a rinne an scríbhneoir agus an stiúrthóir Francach Jacques Demy le linn na seascaidí ar Bonsoir Luna.

Tá an fhoireann ag súil go mbeidh an gearrscannán le feiceáil in áiteanna eile ar an Mór-Roinn agus in Éirinn sna míonna amach romhainn freisin.

“Bhí sé iontach an cuireadh a fháil go dtí Cannes mar tá an ceangal sin ag an scannán leis na ceoldrámaí Fraincise a rinne Demy. Beidh sé le feiceáil ag féilte eile, is dócha, chomh maith; tá muid ag lorg áiteanna leis an scannán a chur ar siúl le ceoldrámaí móra le rá faoi láthair,” a mhínigh sé.

Tá súil ag Gilmore níos mó scannán a dhéanamh i nGaeilge amach anseo. Is é Bonsoir Luna an chéad scannán atá déanta aige ó d’fhág sé an coláiste anuraidh, ach deir sé gur mhaith leis coincheapa nua a thabhairt isteach go hearnáil na scannán in Éirinn.

“Tá an-suim agam rudaí eile a dhéanamh i nGaeilge. Thosaigh an scannán seo amach mar scannán fada Béarla agus is gearrscannán Gaeilge anois é. Tá a lán sonais sa scannán, ní scannán gruama é agus nuair a smaoiníonn daoine ar scannáin Éireannacha, smaoiníonn siad ar scannáin ghruama atá an-dorcha. Ach tá an scannán seo an-mheidhreach mar scannán agus úsáidtear an teanga sa scannán seo ar bhealach nach bhfaca mé féin go dtí seo i scannán.”

Dar leis go bhfuil an Ghaeilge “an-liriciúil” agus go bhfuil sí oirúnach dá bharr do cheoldrámaí.

“Sa chomthéacs seo taitníonn sí [An Ghaeilge] go mór le daoine, fiú daoine nach bhfuil an Ghaeilge acu ach a dtaitníonn a fuaimeanna leo. Bheadh an-suim agam scannán fada a dhéanamh amach anseo agus é a chur amach sa tír seo agus san Eoraip. Ceapaim i dtíortha eile, ar nós na Fraince, go mbeadh suim acu an scannán a fheiceáil agus an teanga a chloisteáil i gcomhthéacs an cheoldráma,” a deir Gilmore le Tuairisc.ie.

Ní fios go fóill cé na háiteanna in Éirinn a dtaispeánfar Bonsoir Luna.

Fág freagra ar 'AGALLAMH: Ceoldráma Gaeilge le bheith ag Féile Scannán Cannes'