AGALLAMH: ‘Cé muid féin, cé as muid?’ agus na ceisteanna eile a bhíonn ina spreagadh ag Áine Ní Chonghaile

Labhair Tuairisc.ie leis an údar agus aistritheoir Áine Ní Chonghaile faoin seanchas agus na taifid oifigiúla, faoi mhíthuiscint daoine faoin gCaighdeán Oifigiúil, faoi cad is aistriúchán maith ann agus faoi chás na Gaeltachta

AGALLAMH: ‘Cé muid féin, cé as muid?’ agus na ceisteanna eile a bhíonn ina spreagadh ag Áine Ní Chonghaile

An fonn a bhí uirthi níos mó eolais a fháil faoina háit dúchais a spreag leabhar nua Áine Ní Chonghaile An Cheathrú Rua agus na hOileáin sa Naoú hAois Déag.

Is as Tír an Fhia sna hOileáin i gConamara í Áine Ní Chonghaile, aistritheoir, staraí agus bunaitheoir an chomhlachta aistriúcháin Europus.

“Leabhar í faoi m’áit dúchais i ndáiríre,” a deir sí.

“Is áit é a bhí gearrtha amach an dtuigeann tú, agus i bhfad siar bhí sé an-imeallach agus ní bhíodh teacht ar an áit ach ar uisce agus pobal bocht a bhí ann.”

Mar gheall air sin, deir an t-údar nach raibh mórán eolais ná taifead ná spéis ag lucht údaráis ina leithéid de phobal.

“Ní hionann abair agus Baile Átha Cliath nó cathracha móra eile a raibh neart eolais agus neart foinsí ann dóibh agus neart taighde ariamh déanta fúthu,” ar sí.

“Mar sin bhí an-spéis agam iarracht a dhéanamh tuilleadh eolais a fháil faoi cé muid féin, cé as muid, cén uair a tháinig muid, cén chaoi ar mhair daoine. Is bunaithe air sin a thosaigh mé ag caitheamh súil siar agus ag déanamh taighde ar an naoú céad déag, agus ar an limistéar seo. Agus i ndáiríre, tá sé chomh simplí leis sin.”

Ba ar na tiarnaí talún agus ar na tionóntaí a dhírigh sí agus í i mbun taighde don leabhar.

“Na tréithe a scrúdaigh mé ná cér leis an talamh – cé hiad na tiarnaí talún a bhí ann sa naoú céad déag? An dara ceist ná cé hiad na tionóntaí, cén chaoi ar mhair siad san áit, ar an talamh agus ar muir, agus an chaoi ar dhéileáil siad leis na hathruithe a tharla.”

Mhínigh Áine gur thug sí faoin taighde ar dhá bhonn, ar dhá bhealach.

“Chuaigh mé ag tóraíocht taifid oifigiúla stáit, agus ag an am céanna, bhreathnaigh mé ar an seanchas, agus bhí an t-ádh ceart orm, mar tá daoine fós beo a bhfuil seanchas acu a chuaigh siar go dtí an naoú céad déag.

“Ceann de na rudaí is spéisiúla a fuair mé amach, ná na daoine a raibh seanchas cruinn beacht acu, bhí an seanchas nó an béaloideas más maith leat sin, go mór ag teacht leis na taifid oifigiúla.”

Deir Áine gur chuidigh na taifid oifigiúla agus an seanchas, an dá fhoinse, go mór léi le pictiúr “níos fírinní agus níos soiléire” a fháil den scéal a bhí sí ag iarraidh a insint.

Ar shocraigh sí canúint na háite a úsáid d’aon ghnó ina leabhar?

“Ó shocraigh!” ar sí. “Ach níl aon choimhlint domsa idir canúint na háite agus an caighdeán oifigiúil. Chaith mise na blianta fada ag scríobh sa gCaighdeán Oifigiúil, fuair mé oiliúint sa gCaighdeán Oifigiúil, bhí mé ar choiste an chaighdeáin oifigiúil.

“Is aisteach an ní an dearcadh a bhíonn ar an gcaighdeán oifigiúil, agus níl sa gcaighdeán oifigiúil ach na canúintí agus iad curtha le chéile.”

Deir sí gurbh iad lucht na Gaeltachta na daoine a leag amach an caighdeán oifigiúil.

“Ní aon rud aisteach ná aduain é an caighdeán oifigiúil,” ar sí. “An fhadhb atá leis ná go bhfuair sé drochphreas – ní bhfuair sé poiblíocht mhaith ariamh. Scanraigh sé daoine mar bhíodar ag ceapadh go raibh difear mór idir an caighdeán agus an chanúint.”

Is cinnte gur iontach an tuiscint atá ag aici ar na cúrsaí seo.

“An rud faoi seo freisin – ní bhíodh aon deacracht ariamh ag daoine ag glacadh le caighdeán oifigiúil i mBéarla,” a deir sí.

“Níor labhair aon duine Béarla ar an mbealach a scríobhadh Béarla, ach ní bhíodh daoine cantalach ná ag tarraingt as. Is dóigh liom gurbh é an rud a tharla ná nár pléadh amach an scéal leis an gCaighdeán Oifigiúil.”

I mBéarla is mó a bhí na taifid, agus cé gur Béarla difriúil a bhí ann, ón naoú haois déag, ní raibh aon fhadhb ag Áine leis.

“Faigheann tú isteach air,” ar sí. “Faoin naoú céad déag, bhí muid gar go maith don áit a bhfuil muid anois ó thaobh na teanga de.”

Is bean ildánach chumasach í Áine Ní Chonghaile a bhunaigh an comhlacht aistriúcháin Europus sa mbliain 1996.

Go deimhin bronnadh gradam alumni de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh uirthi an tseachtain seo as a cuid gaiscí i réimse an ghnó. An raibh mórán dúshlán le sárú aici agus í ag tosú Europus?

“Nuair a thosaíonn tú gnó is dúshlán i gcónaí é – caithfidh tú misneach a bheith agat agus bíonn faitíos ort, bíonn eagla ort an dtuigeann tú, bíonn drogall ort,” a deir Áine.

“Níl a fhios agat an éireoidh leat, nó an dtitfidh tú ar do thóin, agus an gcaillfidh tú chuile shórt. Bíonn imní ort faoi sin.”

Mar sin féin, creideann Áine go raibh an t-ádh léi nuair a bhunaigh sí Europus.

“Ar bhealach aois órga a bhí ansin don Ghaeilge ag breathnú siar uirthi.

Bunaíodh Europus ag tráth maith ó thaobh oibre de – bunaíodh TG4 agus tugadh stádas oifigiúil don Ghaeilge.”

Céard is dea-aistriúchán ann, dar léi féin?

“Is dea-aistriúchán atá ann nuair is féidir leat an cháipéis aistrithe a thógáil agus an t-ábhar a léamh agus gan aon riachtanas a bheith ann dul ar ais go dtí an bhunchóip,” ar sí láithreach bonn.

“Má chaitheann tú féachaint ar an mbunchóip, níl an píosa déanta go maith. Ba cheart go mbeifeá in ann an t-ábhar aistriúcháin a léamh mar cháipéis aisti féin.”

An phríomhchomhairle a bheadh ag Áine d’aistritheoir Gaeilge óg nó nua ná “gan aon eagla a bheith ort”.

“Uimhir a dó, is ceird í an t-aistriúchán. Is ceird í, agus aon cheird, is cuma cén cheird í, caithfidh tú í a fhoghlaim, agus caithfidh tú an cheird a fhoghlaim, má tá an t-ádh ort, ó mháistir nó máistrí ar an gceird.”

Ní leat féin atá tú mar aistritheoir, a deir sí.

“Níl tusa chun an roth a cheapadh arís,” ar sí. “Tá an obair seo déanta romhat. Tá sí déanta ag daoine an-oilte, agus caithfidh tú dul ar ais go dtí duine nó daoine oilte chun an oiliúint sin a fháil. Is ceird í – sé sin ní féidir leat an cheird a athcheapadh tú féin.”

Deir Áine go gcaithfidh tú an cheird a chleachtadh.

“Sé sin is féidir le duine éigin an t-eolas a thabhairt duit, ach mura ndéanann tú an cleachtadh, ní bheidh aon cheird agat.”

“Tógann sé am agus tógann sé oiliúint, ach éiríonn leat sa deireadh. Is cuma cén teanga – sin iad na bunrialacha. Ní dhúisíonn tú maidin amháin agus an cheird agat! Ní oibríonn sé mar sin. Leis an gcleachtadh, agus an síorchleachtadh, bíonn tú féin in ann é a dhéanamh sa deireadh. Agus sin é go baileach é.”

Céard a cheapann Áine faoi chás na Gaeltachta agus na Gaeilge sa lá atá inniu ann?

“Seo asal mór anois, a Mheadhbh,” a deir Áine, agus í ag smaoineamh ar an gceist.

“Is dóigh gurb é ceann de na hathruithe móra atá ag teacht ná a bheith ag breathnú ar athrú teanga i ndaoine óga. Bím á chloisteáil chuile lá, agus feicim faraor, daoine óga, lánúnacha óga ar cainteoirí ó dhúchas iad, agus iad ag tógáil a gcuid gasúr le Béarla. Is dóigh liom gur scrios uafásach é sin, agus go bhfuil sé an-bhrónach.”

Deir Áine go mbíonn sí ag iarraidh a bheith ag oibriú amach ina cloigeann cén fáth a ndéanann siad é.

“Ar a laghad má bhreathnaíonn muid siar, dream na nglúinte i m’aois-se, bhí go leor leor imirce ann agus bhí siad ag gearán nuair a b’éigean dóibh dul go Meiriceá agus go Sasana, nach raibh Béarla acu. Agus ní raibh siadsan ag iarraidh go dtarlódh sé sin dá gclann, agus tuigim é sin go hiomlán.”

“Níl an scéal sin amhlaidh anois,” arsa Áine.

“Tá Béarla ag chuile dhuine, mar gheall ar na meáin shóisialta agus na nithe sin uilig. Níor cheart go mbeadh imní ar lánúnacha óga nach mbeadh Béarla ag a gcuid gasúr. Ba cheart go mbeadh imní orthu nach mbeadh Gaeilge ag a gcuid gasúr.”

Tá “athrú” ag teacht, a deir sí, agus níl sé soiléir cén chaoi lena stopadh.

“Déanta na fírinne, má insítear an fhírinne, caitear an cheist a chur: cén fáth go mbíodh daoine á dhéanamh sin?”

Cuid mhór den chúis a bhí leis, dar le hÁine, ná nach raibh tacaíocht stáit ann do dhaoine sa nGaeltacht, nó do mhuintir na Gaeltachta, a bhí ag tógáil a gcuid gasúr le Gaeilge.

“Bhí cineál caint bhacach leithscéalach ann, ag caitheamh corrphíosa tacaíochta mar dhea anseo is ansiúd, ach ní dóigh liom i ndáiríre na fírinne, go raibh dream daoine a shuigh síos sa rialtas ag pointe ar bith agus iad a rá ‘caithfidh muid é seo a dhéanamh go ceart agus go fírinneach’.”

“Is scéal an-chasta é,” ar sí. “Ach tá sé brónach é a fheiceáil i láthair na huaire. Feicfidh tú daoine, lánúnacha atá ag déanamh go maith agus ag tógáil a gcuid gasúr le Gaeilge, ach faraor feicim daoine óga, déagóirí agus daoine níos sine, atá ag déanamh athrú teanga. Agus, mura bhfuil siad ag déanamh athrú teanga tá siad ag déanamh anachain mhór ar an teanga, sé sin le rá go bhfuil siad ag truailliú na teanga ó thaobh na Gaeilge de.”

“Anois ní bheinnse ag súil go mbeadh an Ghaeilge a bhíodh ag mo sheantuismitheoirí-sa ag lánúineacha óga anois, mar athraíonn teanga, agus tuige nach n-athródh? Deir siad gur comhartha báis é mura n-athróidh teanga, agus caithfidh teanga a bheith ag athrú … ach má athraíonn sí rósciobtha, nuair a dhéantar isteach uirthi nó truailliú rómhinic, rósciobtha, lagaíonn sé amach í.”

An bhfuil aon leigheas ar an scéal?

“Is dóigh liom,” ar sí ar deireadh, “go gcaithfear misneach mór agus léiriú mór, cheapfainn, a thabhairt do dhaoine ag aois áirid, gur fiú dhóibh, agus gur féidir leo, teanga a muintire a choinneáil agus a thabhairt ar aghaidh ag a gclann.”

Fág freagra ar 'AGALLAMH: ‘Cé muid féin, cé as muid?’ agus na ceisteanna eile a bhíonn ina spreagadh ag Áine Ní Chonghaile'