AGALLAMH: ‘Am agus acmhainní’ an dá riachtanas is mó ag Aire Stáit nua na Gaeltachta

Deir Aire Stáit nua na Gaeltachta Seán Kyne go bhfuil ‘tuilleadh infheistíochta, breis deiseanna sa bhaile, reachtaíocht teanga agus cur i bhfeidhm na bpleananna teanga’ i measc na rudaí atá ag teastáil le dul i ngleic leis na dúshláin sa Ghaeltacht

AGALLAMH: ‘Am agus acmhainní’ an dá riachtanas is mó ag Aire Stáit nua na Gaeltachta

Aire Stáit nua na Gaeltachta Seán Kyne. Pictiúr: Sasko Lazarov / Photocall Ireland

Deir Seán Kyne, a ceapadh ina Aire Stáit na Gaeltachta agus Príomh-Aoire an tseachtain seo, go bhfuil “deacrachtaí móra” sa Ghaeltacht maidir le labhairt na Gaeilge a bheith ag dul ar gcúl agus gur gá “dul chun cinn a dhéanamh” i dtaobh cur i bhfeidhm na Straitéise 20 bliain don Ghaeilge agus Plean Gníomhaíochta Cúig Bliana an Rialtais don Ghaeilge.

“Tá go leor roghanna ann anois ag páistí óga chun Béarla a chloisteáil agus a labhairt, sin an fáth go bhfuil na pleananna teanga tábhachtach agus go bhfuil infheistíocht sna meáin Ghaeilge, in TG4, Raidió na Gaeltachta agus i leithéidí Tuairisc.ie, tábhachtach freisin.

“Caithfidh mé dul chun cinn a dhéanamh i dtaobh na Straitéise 20 bliain don Ghaeilge agus an phlean gnímh a d’fhoilsigh an tAire McHugh i rith an tsamhraidh ach beidh sin níos éasca leis an bhreis maoinithe atá faighte sa bhuiséad,” arsa Kyne.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt an tAire Stáit Gaeltachta Seán Kyne, gur cuireadh “béim láidir ar an oideachas sa Straitéis 20 bliain don Ghaeilge” agus go bhfuil sé ag súil le bheith ag comhoibriú leis an Aire McHugh, iarAire Stáit na Gaeltachta a ceapadh ina Aire Oideachais an tseachtain seo, ar an ghné sin den straitéis.

“Bhí comhoibriú ar bun agam leis an Aire McHugh nuair a bhí mé sa Roinn Cumarsáide i dtaobh cúrsaí taistil agus seirbhís aeir Oileáin Árann agus tá mé ag súil go leanfar leis an gcomhoibriú sin amach anseo.

“Tá ardú faighte ag an Aire McHugh sa bhuiséad nua (don Roinn Cultúir Oidhreachta agus Gaeltachta), ó thaobh an bhuiséid chaipitil agus an bhuiséid reatha de, agus beidh mé ag suí síos le feidhmeannaigh na roinne chun na rudaí sin a phlé ach is dul chun cinn é ó thaobh cúrsaí airgid,” a dúirt sé.

Agus breis agus bliain caite cheana ag Seán Kyne mar Aire Stáit Gaeltachta, idir 2016 agus 2017, dúirt sé go bhfuil sé “sásta a bheith ar ais sa ról”, cé go ndeir sé go mbeidh “dúshlán ar leith” roimhe agus an dá thrá á fhreastal aige mar Aire Stáit agus mar Phríomh-Aoire.

“Tá mé sásta a bheith ar ais. Tá an Ghaeltacht is mó sa tír i mo dháilcheantar agus tá rudaí móra ag dul ar aghaidh faoi láthair ar nós an leasaithe ar an mBille Teanga a bheas á thabhairt os comhair na Dála go luath.

“Bhí mé ag caint le Fianna Fáil agus Sinn Féin maidir leis an mBille anuraidh agus tá súil agam go bhfuil muid aontaithe ar na rudaí a theastaíonn agus na rudaí a bheadh muid in ann a dhéanamh,” ar sé.

“Am agus acmhainní” an dá riachtanas is mó a bheidh aige, a dúirt sé.

“Caithfidh mé léimt isteach i ról an Phríomh-Aoire agus beidh mé ag tógáil comhairle ó fheidhmeannaigh i Roinn an Taoisigh ó thaobh an méid a theastaíonn agus an méid ama a bheas mé i mBaile Átha Cliath. Beidh mé ag díriú ar chúrsaí Gaeltachta, ar mo dháilcheantar féin agus ar mo chlann féin freisin.

Dúirt sé go gceapann sé go mbeidh “deis” aige mar Phríomh-Aoire “cás na Gaeltachta a chur chun cinn ag Bord an Rialtais”.

Dúirt Kyne go raibh sé “tábhachtach go mbeidh na cinntí a théann i bhfeidhm ar chúrsaí na Gaeltachta pléite i gceart” agus go ndéanfaí an cinneadh ceart don Ghaeltacht.

Deir Kyne go bhfuil “tuilleadh infheistíochta san oideachas, breis deiseanna sa bhaile ó thaobh na fostaíochta de, reachtaíocht teanga agus cur i bhfeidhm na bpleananna teanga i measc na rudaí atá ag teastáil le dul i ngleic leis na dúshláin sa Ghaeltacht”.

Dúirt sé freisin go raibh dúshláin mhóra i gcónaí sa Ghaeltacht maidir le seirbhísí iompair, dúshláin ar gá dul i ngleic leo. 

“Bhí deacrachtaí maidir le cúrsaí taistil agus PSO ann nuair bhí mé i m’aire cheana agus tá anois ó thaobh Aer Arann, ach tá sé fíorthábhachtach go leanaimis ar aghaidh le seirbhís aeir go dtí na hoileáin Árann.

“Bíonn a lán dúshlán in aon Roinn, braitheann sé ar céard a tharlaíonn ag an am ach tá foireann mhaith ag Roinn na Gaeltachta agus ag na heagraíochtaí stáit eile a bhaineann leis an nGaeilge agus tá mé sásta go mbeidh mé in ann dul chun cinn a dhéanamh,” a dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne.

Fág freagra ar 'AGALLAMH: ‘Am agus acmhainní’ an dá riachtanas is mó ag Aire Stáit nua na Gaeltachta'