Agallaimh aonair le craoladh ar TG4 amárach in áit ‘Díospóireacht na gCeannairí’

Craolfar ar TG4 Dé Céadaoin ‘dian-agallaimh’ aonair le Enda Kenny, Micheál Martin, Aodhán Ó Ríordáin agus Piaras Ó Dochartaigh

Toghchán StrapPaidi1

Craolfar ar TG4 amárach, Dé Céadaoin, ‘dian-agallaimh’ le ceannairí agus ionadaithe sinsearacha na mórpháirtithe, ina measc an Taoiseach, Enda Kenny agus ceannaire Fhianna Fáil, Micheál Martin.

Shocraigh lucht an stáisiúin an tsraith agallamh aonair a dhéanamh nuair a cuireadh ó mhaith a bplean díospóireacht teilifíse idir ceannairí na mórpháirtithe a chraoladh. Caitheadh i dtraipisí an plean don díospóireacht toisc nach raibh dóthain Gaeilge ag beirt de cheannairí na mórpháirtithe – Joan Burton agus Gerry Adams – chun páirt a ghlacadh ann.

Is iad Piaras Ó Dochtartaigh, urlabhraí airgeadais Shinn Féin a chuirfear faoi agallamh in áit Gerry Adams agus is é an tAire Stáit Aodhán Ó Ríordáin (Lucht Oibre) a dhéanfaidh ionadaíocht ar an Tánaiste Joan Burton.

Craolfar na hagallaimh ar fad ar eagrán speisialta den chlár Vóta 2016 Dé Céadaoin agus is iad Eimear Ní Chonaola, láithreoir Nuacht TG4, agus Páidí Ó Lionáird a bheidh ag cur na gceisteanna don chlár.

Ag 7 pm a rachaidh na hagallaimh amach ach déanfar iad a thaifeadadh roimh ré le gur féidir fotheidil Bhéarla a chur leo.

Cuirfear An Taoiseach faoi agallamh i gcathair na Gaillimhe tráthnóna Dé Céadaoin agus beidh ceannaire Fhianna Fáil i gCeannáras TG4 i mBaile na hAbhann maidin Dé Céadaoin.

Tá sé i gceist go bpléifí sna hagallaimh seo polasaithe na bpáirtithe ‘ar mhórcheisteanna an fheachtais’ agus díreofar chomh maith ‘ar cheisteanna a bhfuil suim ar leith ag lucht féachana TG4 iontu – an Ghaeilge, cúrsaí oideachais, forbairt réigiúnach, an Ghaeltacht agus coiriúlacht faoin tuath’.

Dúirt Ardstiúrthóir TG4, Pól Ó Gallchóir go gcuirfeadh pobal na teanga go háirithe suim sna hagallaimh.

“Is cinnte go mbeidh suim ar leith ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta sa gclár speisialta agallaimh seo i nGaeilge le hionadaithe sinsearacha na mórpháirtithe atá ag tarlú agus gan ach seachtain fágtha sa bhfeachtas Olltoghcháin.”

 

 

Fág freagra ar 'Agallaimh aonair le craoladh ar TG4 amárach in áit ‘Díospóireacht na gCeannairí’'