GAAGo – conspóid, cnáimhseán agus cleasaíocht

Ní aontaím leis an bprionsabal a fhágann go ngearrtar táille ar chluichí amaitéaracha, ach chuirfeadh na polaiteoirí atá ag caitheamh anuas ar GAAGo masmas ort

GAAGo – conspóid, cnáimhseán agus cleasaíocht

An dtaca seo anuraidh, bliain díreach cothrom na seachtaine seo scríobhas a leithéid seo ag tagairt do cheist chrosta GAAGo:

Níl freagra na ceiste chomh simplí is a d’fhéadfadh a bheith dá dtuigfí brí agus éirim na bhfocal ‘sócmhainn’ agus ‘luach’ timpeall deich mbliana ó shin. Is í an ‘tsócmhainn’ is mó a bhí, atá agus a bheidh ag Cumann Lúthchleas Gael ná sprid dheonach na heagraíochta. Dá mbeadh luach curtha air sin sara dtosnaíodh amach guaille ar ghuaille le Sky ar chosán na tráchtála, bheadh an saol i bhfad níos simplí inniu. Níl aon chúlú ar an gcosán san anois.

Thuigeas an uair úd agus tuigim níos fearr fós inniu é nach féidir cúlú ná ní féidir géilleadh nuair atá cinntí déanta maidir le cúrsaí tráchtála. Tuigim chomh maith gur deacair dul siar ar an seana-chonair nuair atánn tú ag imeacht le fánai dtreo íor na spéire agus na milseáin á gcaitheamh go tiubh os do chomhair amach.

Tá glactha agamsa leis go drogallach agus go doicheallach ó chuaigh Cumann Lúthchleas Gael in aon leaba leis an gcomhlacht Sky ar Lá na nAmadán 2014, gurb é seo an treo a bheidh á thógaint agus gur cuma i ndáiríre cé na guthanna a bheidh ina choinne, ní raibh agus níl CLG meáite ar a bport a athrú.

Níl aon amhras ná gur tháinig cor eile sa chraoltóireacht spóirt le teacht na géarchéime sláinte agus an dianghlasáil a lean. Cé go raibh céimeanna áirithe á dtógaint ag cumainn agus ag eagraíochtaí spóirt éagsúla roimis an ngéarchéim chun a raibh acu a shruthlú beo ar tháille, déarfaidh aoinne le léamh ana-bhunúsach ar chúrsaí staire leat gurb é a tharlaíonn le linn géarchéime ná go mbrostaítear nó go gcuirtear dlús leis an athrú atá tosnaithe nó ar tí tosnú ar aon nós.

Ba é an dála céanna ag GAAGo sa tír seo é. Ní hionann agus teacht Sky, ní raibh aon ghanasaíocht ná uisce fé thalamh i gceist le teacht GAAGo. Tuigeadh luath go maith le linn na géarchéime an rud a thuig diaspóra na hÉireann a bhí ag brath air le blianta, go mbeadh táille le híoc ar an margadh as seirbhísí craolta GAAGo.

Bhí an pobal sásta an táille seo a íoc toisc go raibh na cluichí go léir á n-imirt laistiar de gheataí is doirse iata ar feadh tamaill agus ní bheidís le feiscint mura mbeidís á gcraoladh ar ardán éigin. Ba léir an uair úd go raibh ról níos mó ná riamh ag an gcraoltóir seirbhíse poiblí ach ba léir chomh maith go raibh ról áirithe ag GAAGo mar mheán craolta.

Le linn na bliana 2020, chuaigh an pobal i dtaithí ar íoc (táille €5 ag an am) as cluichí ná raibh á gcraoladh ar na hardáin thraidisiúnta agus bhí réabhlóid nó éabhlóid eile ag tarlúint comhthreomhar leis sin. Bhí na cluichí club i scata contaetha á dtaispeáint ar leithéidí clubber.com agus fuaireadh amach go raibh goile réasúnta le sásamh ansiúd chomh maith – arís ar tháille áirithe.

Beagán ar bheagán deineadh normalú, fé mar a deir béarlagair an mhargaidh, ar tháillí a íoc as do (tháirge) chluiche a fheiscint agus níor chuir puinn daoine aon nath a thuilleadh ann.

Ciallaíonn an claochlú drámatúil a tháinig ar úsáid na teicneolaíochta, an réabhlóid chiúin atá ag tarlúint i gcónaí sa tsaol digiteach agus an t-athrú ó bhonn atá ag titim amach i margadh na meán gurb é an múnla is mó go mbeidh glacadh ag daoine leis ná an áirithe sin cluichí a bheith beo agus saor in aisce ar na hardáin thraidisiúnta agus an áirithe á sruthlú ar tháille aontaithe.

Tugann san mé go dtí an chonspóid, cnáimhseán agus cleasaíocht atá ar siúl le cúpla seachtain anuas. Beifear de shíor ag cur is ag cúiteamh i gcúrsaí Chumann Lúthchleas Gael maidir le líon agus tábhacht agus caighdeán na gcluichí. Ní lia duine ná tuairim maidir le cé na cluichí ar cheart a bheith á gcraoladh agus ní dóigh liom go mbeidh an tuiscint chéanna ag aon bheirt maidir le cén rud ‘cluiche mór’.

An rud is min do dhuine is nimh do dhuine eile.

Is dóigh liom gur cheart go dtuigfeadh an uile dhuine, áfach, go mbeadh éileamh ar an gcluiche iomána idir Corcaigh is Luimneach coicíos ó shin. B’fhuraist aithint go mbeadh an dá fhoireann seo luite amach orthu féin i gcuilithe na craoibhe agus dá mbeadh an lá thar n-ais, seans go socródh CLG ar an gceann áirithe sin a chraoladh beo ar ardán éigin saor in aisce. Dearmad ab ea é gan é a chraoladh.

Déanfar dearmadaí, beidh ciall cheannaithe ina ndiaidh agus bheifí ag súil, de réir mar atá CLG, lucht riartha agus lucht craolta na gcluichí ag dul i dtaithí ar an mbiaiste go dtiocfaí ar sholúbthacht éigin laistigh de sceidil chraolta a fhágfadh go mbeadh na ‘cluichí is mó’ ar fáil ar tháille an cheadúnais teilifíse amháin.

Ní stadfaidh san na polaiteoirí ó bheith ag orlaíocht ar an iarann te mar a bhíodar le seachtain anuas agus iad ag titim anuas ar a chéile ag iarraidh pointí a scóráil de dhroim GAAGo. Ba dheacair bheith ag éisteacht le cuid acu agus chuirfeadh cuid eile masmas ort nuair ba dhóigh leat go mba cheart dóibh bheith dulta i ngleic le ceisteanna i bhfad níos tromchúisí le tamall.

B’fhéidir ná haontód go deo leis an bprionsabal a fhágann go ngearrtar táille ar chluichí amaitéaracha ach caithfead moladh ar leith a thabhairt an tseachtain seo d’Uachtarán CLG, Jarlath Burns, as seasamh a thógaint in aghaidh na brilléise a bhí ar bun ag na polaiteoirí is sinsearaí sa tír. Tá Burns le moladh, chomh maith, as seasamh a thógaint ar son cheart CLG féin a gcosán féin a roghnú, pé acu is áin linn é nó nach áin.

Tá trí bliana eile fágtha sa chonradh idir CLG agus GAAGo. Ní chímse go mbeidh aon chúlú ná aon ruathair aonair ón gcosán i ndán faoin dtráth seo.

Fág freagra ar 'GAAGo – conspóid, cnáimhseán agus cleasaíocht'

  • JP

    Ní hiad na táillí is measa ar fad dar liom ach an tranglam teicniúil a ghabhann leis an rud ar fad.
    Mura bhfuil nasc seasmhach láidir a dhóthain agat nó na hoiriúintí cuí agat chuige beidh thiar ort
    …ní bheidh aon radharc ar aon chluiche ar GAAGO agat, olc maith ná donaí. Socrófar é sin i bhfaid na haimsire is dócha ach idir an dá linn beidh riar maith againn ag tabhairt an fhéir!