Ag súil lena thuilleadh den imirt ‘Dia Linn is Muire!’

Ba chóir go mbeadh dhá chluiche maith ann i mbabhtaí leathcheannais na sraithe iomána inniu

Ag súil lena thuilleadh den imirt ‘Dia Linn is Muire!’

Cad é mar dheireadh seachtaine spóirt a bhí againn seachtain ó shin. Bhí ardtaispeántais le feiscint i gcuid maith de na cluichí san iomáint, sa pheil, sa sacar agus sa rugbaí ach beirt iománaithe ba mhó a sheas amach domsa.

Ní haon rud nua ag Joe Canning a thaispeáint dúinn gur imreoir den chéad scoth é. Scóráil sé cúig chúilín déag sa cluiche leathcheannais sraithe idir Gaillimh agus Loch Garman. Ba é a choimeád a chontae sa cluiche sa chéad leath nuair a bhí an chuma ar an scéal nárbh eol do na tosaithe tús a bheith curtha leis an imirt fiú. Scóráil sé dosaen de na trí chúilín déag a bhí ar chlár na scór acu ag an mbriseadh. Bhí cuid de na scóranna sin dochreidte. Bhain siad leis an gcatagóir sin a dtugaimid ‘Dia Linn is Muire’. Sin é a deir an tráchtaire iomráiteach Brian Tyers faoi aon scór nó paiste imeartha ar geall le míorúilt é. Scóráil Joe ó chéad méadar amach, ón taobhlíne agus ó uillinneacha ghéara eile, ón taobh chlé agus ón taobh dheas. Ghéill cosantóirí na Gaillimhe trí chúl, áfach, a choimeád Loch Garman sa cluiche.

Sa dara leath bhí an fhoireann uile i bhfad Éireann níos fearr. Bhí Canning fós ina mháistir agus Gearóid McInerney anois ina lánchúlaí. D’éirigh leo smacht a fháil ar an imirt agus bhí farasbarr deich gcúilín acu ag an deireadh. Níos tábhachtaí do na Gaillimhigh músclaíodh an misneach iontu a bhí in easnamh ina gcluiche sraithe i gcoinne Phort Láirge. Beidh an misneach céanna  ag teastáil uathu amárach agus iad in aghaidh na nDéiseach arís.

Dá fheabhas iad gaiscí Canning, bhí Stephen Bennett Phort Láirge gach pioc chomh maith leis agus sé chúilín déag aimsithe aige ina gcluiche ceathrú ceannais. Tá na focail mholta chéanna tuillte ag taispeántas fhear na nDéise. Bhí sé thar barr ó thaobh cruinnis agus bhí an-tionchar go deo aige ar shárthaispeántas a chontae.

Is beag a bhí feicthe agam de Phort Láirge go dtí seachtain ó shin ach más aon chomhartha an taispeántas a thug siad sa dara leath sin, agus iad sa bhaile, beidh siad i lár an aonaigh nuair a thiocfaidh cluichí na craoibhe. Taobh amuigh de Bennett, ba dheas le leantóirí na nDéise Austin Gleeson a fheiceáil ag taispeáint chuid de na tréithe iontacha a léirigh sé agus é ina imreoir na bliana in 2016. Chruthaigh Kevin Moran, Noel Connors agus Pauric Mahony arís eile go bhfuil siad fós i measc na n-imreoirí is fearr sa tír. Feicfimid amárach an féidir leo cur leis an taispeántas sin agus Gaillimh á himirt acu den dara huair le trí seachtaine.

Níos déanaí an lá céanna seachtain ó shin rinne an tríú foireann ó roinn 1B, Baile Átha Cliath, a slí isteach go dtí an cluiche leathcheannais. Caithfidh go raibh lucht leanta na dTiobraid Árannach ag fiafraí díobh féin ‘cad a tharla don fhoireann a thug an greadadh do Chorcaigh sé lá ó shin?’

Ach féar plé do Bhleá Cliath bhíodar ar fheabhas ó thús deireadh agus chonacthas sárthaispeántais ó bheirt cosantóirí, Eoghan O’Donnell agus Seán Moran. Ní hamháin gur thugadar an lá leo ach rinne siad  an beart i Staid Semple.

Mar ‘dhuais’ tá an deis acu triail níos déine a chur orthu féin in aghaidh Luimnigh, cluiche a bheidh ar siúl i bPáirc Uí Nualláin roimh an gcluiche idir an Ghaillimh agus Port Láirge. Ó thosach na sraithe is iad Luimneach a sheas amach agus cé gur chailleadar in aghaidh Chorcaí, ba iad ba mhó a raibh gealladh fúthu go dtí seo. Bhí easpa leanúnachais ag baint le gach foireann eile i roinn 1A. 

Ach seasfaidh Luimneach an fód ar son na roinne sin amárach. Cuirfidh Baile Átha Cliath tástáil dhian orthu. Beimid ag faire ar fhir Átha Cliath go bhfeicfimid an bhail atá orthu sula dtosóidh cluichí an tsamhraidh. 

– Áth Cliath v Luimneach, Páirc Uí Nuallaín, 1.30pm – (Beo ar TG4)
An Ghaillimh v Port Láirge, Páirc Uí Nualláin, 3.30pm – (Beo ar TG4)

Fág freagra ar 'Ag súil lena thuilleadh den imirt ‘Dia Linn is Muire!’'