Ní fada uainn anois tús na craoibhe agus más aon fhianaise na cluichí sraithe, beidh craobh na Mumhan thar a bheith iomaíoch. Taobh amuigh de Luimneach tá sé ionann is dodhéanta a rá cad iad na contaetha eile a thiocfaidh amach as an ngrúpa fíordheacair seo.
Nuair a bhuaigh foireann óg an Chláir Craobh na hÉireann in 2013 cheapas go raibh gach cuma air go mbuafaidís ceann nó dhó eile go luath. Faraor níl sé sin déanta ná aon comhartha róláidir tugtha acu go dtarlóidh sé i mbliana ach an oiread.
Feachtas measartha a bhí acu sa tsraith. Fadhb amháin a sheas amach go rialta ab ea an easpa smachta ina gcuid imeartha. Bhí an líon poc saor a ghéill siad an-ard ar fad. Caithfidh siad é seo a leigheas sula gcuirfidh siad chun páirce i gcoinne Phort Láirge agus iad ag imirt as baile. Mar a bhí le tamall de bhlianta beidh mórán ag brath ar thionchar Tony Kelly. Mar sin féin, tá aonad tosaithe an-láidir acu, go háirithe ó tá John Conlon ar ais ó ghortú, Shane O’Donnell sa mbaile as Meiriceá agus Peter Duggan i mbun na bpoc saor acu.
Dar ndóigh tá ceisteanna móra faoi na cúlaithe agus níos mó ceisteanna fós ann faoi chúrsaí smachta.
Bhíomar an-tógtha le cur chuige agus taispeántais Phort Láirge sna cluichí deireanacha sa tsraith agus iad d’uireasa cuid mhaith imreoirí tábhachtacha. Ba mhó go mór an tsaoirse a bhí acu san imirt ná mar a bhíodh acu i ré Derek McGrath. Ní fhacamar Tadhg de Búrca go dtí an cluiche ceannais sraithe, bhí orthu déanamh d’uireasa Darragh agus Shane Fives agus Conor Gleeson sna cluichí deireanacha sin agus is beag a chonaiceamar de Mhaurice Shanahan ná de Brick Walsh.
Ní bheidh Jake Dillon ná Tom Devine ag imirt ach tá na deartháireacha Bennett ag déanamh go maith mar atá Michael Kearney agus an lánchúlaí nua, Callum Lyons. Agus iad ar ais ag imirt sa bhaile i mbliana ní bheidh sé éasca iad a bhualadh ansin ná ar aon pháirc eile.
Tá caint fós ar siúl anseo i gCorcaigh faoin bhfarasbarr sé chúilín a lig Corcaigh le sruth agus iad beagnach ag ceann scríbe i gcluiche leathcheannais na hÉireann i gcoinne Luimnigh anuraidh. Tá dóchas ann go mbeidh siad ábalta dul céim nó dhó níos faide i mbliana. Ach i bhfianaise na gcluichí sraithe ní bheinn féin ródhócasach.
Tá buntáistí acu nach raibh anuraidh acu, áfach. Tá Alan Cadogan agus Aidan Walsh ar fáil arís i mbliana. Cuirfidh siad beirt go mór leis na tosaithe mar a dhéanfaidh an captaen Séamus Harnedy a chaill cluiche agus fionraí. Is dócha go d-tosóidh Tim OMahony ag uimhir a sé i mbliana agus go mbeidh Stephen O’Donnell ag imirt in áit Colm Spillane atá gortaithe. Taobh amuigh de sin, ní dóigh go mbeidh mórán athruithe eile ann ón bhfoireann a thosnaigh i gcoinne Luimnigh anuraidh.
An mbeidh an fhoireann sin maith go leor chun an duais is mó a thabhairt leo? Bhuel, neosfaidh an aimsir ach tá níos mó fianaise ag teastáil uaimse. Cuirfidh siad chun páirce i bPáirc Uí Chaoimh i gcoinne Thiobraid Árann, foireann a thug greadadh ceart dóibh sa tsraith. Seo iad Tiobraid Árann faoi Liam Sheedy, ar theip air aon leanúnachas a chothú agus a fhorbairt sa bhfeachtas sraithe. Seo iad Tiobraid Árann nach bhfuil déantús a gcéad fhoirne deimhnithe fós acu. Sea tá mórán ceisteanna fúthu.
Níl mórán ceisteanna faoi Luimneach, seaimpíní na craoibhe agus na sraithe. Tríd is tríd bhíodar an-sásta leis an dul chun cinn a rinneadar san earrach. Bhí Tom Condon, nár thosaigh mórán cluichí anuraidh dóibh, ar fheabhas sna cluichí sraithe go léir ach seachas é sin agus b’fhéidir Peter Casey, is dócha go dtosóidh na himreoirí eile a chuaigh chun páirce ag tús an chluiche ceannais anuraidh sa chéad chluiche den chraobh.
Caithfidh go mbeidh an-chomórtas cúige againn ach seachas Luimneach, ní féidir a rá cén dá fhoireann eile a bheidh ag dul ar aghaidh go dtí na chéad bhabhtaí eile.
Nach iontach an scéal é sin don chraobh, don spórt, do leantóirí na hiománaíochta, do lucht teilifíse agus do bhord peile na Mumhan.
Fág freagra ar 'Ag súil go mór le cath iománaíochta na Mumhan cheana féin…'