Ag seasamh ‘fair play’ don bhaile dúchais!

Tá na mílte baile fearainn in Éirinn, chuile cheann acu a bhfuil lorg éigin de Knocknagow air

Ag seasamh ‘fair play’ don bhaile dúchais!

Clocha a mhic ó! Spallaí cloiche ag dul siar agus aniar. Teannadh leo freisin – chomh maith agus a bhí gasúir na scoile náisiúnta in ann iad a chaitheamh. Chloisinn mo mhuintir ag caint air scaití. Cuimhní cinn ar an óige agus ar an díth céille. Nó an raibh rud éigin a bhí múnlaithe sa gcroí agus sa gcoinsias á léiriú sa gcath cloch? An baile beag. An baile fearainn.

Glinsce in aghaidh Ghabhla tar éis am scoile i mBarr Linnín i bpobal Charna.

Ach seachain an gceapfaí nach raibh a leithéid d’ealaín ar bun taobh amuigh de gheataí scoileanna eile, sin nó caismirtí éigin eile idir bailte. Bhí agus go láidir.

Ag seasamh ‘fair play’ don bhaile dúchais! Léargas ar an seasamh a bhí ag an mbaile fearainn in intinn an ghasúir féin. Ní bealach deas a bhí ann ach is dócha go raibh sé sa saol san am.

Bhí caitheamh meáchain i gceist ag Charles Kickham san leabhar Knocknagow – the Homes of Tipperary. Bunaithe ar shaol an bhaile fearainn a bhí an leabhar. Ba é an leabhar ba mhó díolachán é in Éirinn ar feadh i bhfad. Go deimhin, priontáladh 28 eagrán de Knocknagow idir 1873 agus 1944. Is buan fós scéal an chaitheamh meáchain as an leabhar sin.

Bhíothas ag caitheamh meáchain ag ócáid spóirt i dTiobraid Árann. Chas Sasanach mór láidir an bealach, captaen airm. Chuir sé an chloch mheáchain i bhfad ó bhaile le téagar agus teannadh a chuid matán. Bhí an baile beag buailte – sin mura mbeadh Matt the Thresher in ann gaisce mór a dhéanamh.

Ní raibh barúil mhór ag cuid mhaith dá raibh i láthair go mbeadh Matt abálta chuige sin. Fear crua láidir a bhí ann ceart go leor ach ní raibh an cholainn faoi mar a bhí ag an Sasanach mór. Ach bhí an baile beag ina chroí.

‘For the credit of the little village’ arsa Matt in ard a ghutha agus leis sin d’fháisc sé chuile unsa téagair agus misnigh as a chroí, a anam agus a cholainn agus scaoil leis an gcloch mheáchain.

Sháraigh sé an iarracht ab fhearr a bhí déanta ag an Sasanach mór. Mhair oidhreacht agus onóir an bhaile bhig. Cnoc na nGabha.

I ndíospóireacht teilifíse roinnt blianta ó shin rinne an Teachta Dála Éamon Ó Cuív cosaint mhór ar an mbaile fearainn agus é in éadan Michael Smith, ball de An Taisce. Focail a bhí á gcaitheamh anonn is anall an iarraidh sin. Tithe astu féin faoin tuath a bhí ina n-ábhar cainte. Bhí fear An Taisce in aghaidh mhéadú ar bith ar líon na dtithe amach faoin tír. Bhí sé ródheacair agus róchostasach seirbhísí a chur chomh fada leo agus ní raibh múnla ná lárionad ag baint leo.

D’fhear a rugadh agus a tógadh istigh i bpríomhchathair na hÉireann, léirigh Éamon Ó Cuív an-tuiscint ar shaol agus ar intinn na ndaoine i mbaile fearainn tuaithe. Ar ndóigh, tá a éileacht sin ar a chuid vótaí freisin.

‘Bíodh a fhios agat,’ arsa an Teachta Dála Ó Cuív ‘go bhfuil croílár i chuile bhaile fearainn acu seo. B’fhéidir nach bhfuil sé feiceálach don té a thagann isteach ón taobh amuigh, ach tá an croílár sin ann.’

Sna blianta a caitheadh bhí ‘an croílár’ sin ann go láidir – droichead ag a gcruinníodh daoine, crosbhóthar, teach ina mbíodh ceol nó imirt cártaí, siopa tuaithe.

Ach tá sin ag athrú. D’fhág bealaí nua taistil agus an ceangal teileafóin agus ríomhaireachta go raibh cairde ag daoine níos faide ó bhaile. Ní baileach gurb ionann anois é agus an t-am a raibh saol dá chuid féin taobh istigh de theorainneacha an bhaile fearainn. Ina dhiaidh sin féin, níl croí an bhaile fearainn imithe.

Tamall de bhlianta ó shin labhair an Dr Caitríona Clutterbuck as Ollscoil na hÉireann i mBaile Átha Cliath faoi Knocknagow ag ócáid i Mullach na hUamhan i gcontae Thiobraid Árann. Dúirt sí go bhfuil brí agus bunús le macalla fhocla sin Matt the Thresher sa leabhar-  ‘for the credit of the little village’ i saol na linne seo. Arsa sise:

This novel [Knocknagow] may have a lot to say to a post-Celtic Tiger Ireland wearied by consumerist inflation – an Ireland in search of spiritual grounding in principles of right action.

Tá na mílte baile fearainn in Éirinn, chuile cheann acu a bhfuil lorg éigin de Knocknagow air. Tá gar do 140 acu sa seanphobal ar a dtugtaí Maíros air i gConamara. Shín sé sin as Cill Chiaráin chomh fada leis an gClochán agus siar go cósta an Atlantaigh agus é bunaithe ar pharóistí eaglasta.

Tá fear as Corn na Breataine, Roger Harrison,  ag dul go bun an údair ag déanamh staidéar ar na bailte fearainn seo. Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe bainteach leis an tionscnamh. Go dtí an bhliain 1911 agus daonáireamh na bliana sin atá faoi chaibidil aige. Déanfar staidéar ar Chonamara uilig agus is breá an bailiúchán a bheidh ann nuair a  fhoilseofar é níos deireanaí i mbliana.

Ní fios cén cúrsa atá i ndán do bhailte fearainn. Beidh níos mo tithe saoire i gcuid acu ná a bheidh de mhuintir na háite agus  tá sin le feiceáil in áiteacha i gConamara anois, ar an taobh ó thuaidh go háirithe.

Ní drochrud an meascán sin ach athraíonn sé nádúr an bhaile fearainn, a bheag nó a mhór. Don té a fuair sceilp de chloch os cionn na cluaise agus é in aois scoile, b’fhéidir go ndéarfadh sé gur fearr mar sin é!

Fág freagra ar 'Ag seasamh ‘fair play’ don bhaile dúchais!'