Ceann de na difríochtaí cultúrtha is spéisiúla idir an mBrasaíl, mar a bhfuil cónaí orm, agus Éire nó mo thír dhúchais féin, an Ísiltír, ná an chaoi a ndéanann muintir na Brasaíle cur síos go hoscailte, agus go mion, ar an ngníomh laethúil sin ar a dtugann muintir na hEorpa ‘uimhir a dó’.
Seans go ndeachaigh nós mhuintir na Brasaíle i bhfeidhm orm. Ceapaim féin go bhfuil fuascailt ar leith ag baint leis, cúrsaí leithris a phlé go hoscailte – ach mura mbíonn tú ar aon tuairim faoi sin, b’fhéidir gurbh fhearr duit éirí as an léitheoireacht anois.
Aisteach go leor, sa chur síos sin ar fad ar oibríochtaí a gcuid putóg a chuala mé ó mo chuid cairde agus comharsana sa Bhrasaíl le breis agus 15 bliain anuas, níor chuala mé oiread agus tagairt amháin riamh dá mbíonn ar siúl agam féin nuair a bhím ag scaoileadh cnaipe: bím ag léamh.
Ó, bhuel, is ea, chuala mé scéal uair amháin faoi ghuthán póca a thit isteach i mbabhla an leithris. Ach leabhair a bhíonn á léamh agamsa; leabhair bheannaithe.
Tá rud éigin naofa faoinár n-oilithreacht laethúil go dtí an seomra is lú sa teach. Níl áit ar bith ar domhan ach an leithreas chun a chur ar do shúile duit – ar do phutóga b’fhearr dom a rá, b’fhéidir – go bhfuil muid ar fad mar a chéile. Is cuma más tú an Pápa féin: beidh ort géilleadh d’fhórsaí an nádúir thart ar uair amháin in aghaidh an lae.
An t-umhlú sin roimh rud éigin níos láidre ná muid féin, cuireann sé ár n-ego agus ár gcuid smaointe fánacha, imníocha agus timthriallacha ina dtost agus bíonn suaimhneas againn ar feadh seala, an cineál suaimhnis a bhíonn ag manach nó ag bean rialta i gcillín, shamhlóinn, nó ag díseartach i bpluais.
Tráth maith den lá a bhíonn ann chun staidéar a dhéanamh ar an soiscéal. Ní Críostaí mé ach tá Bíobla, ní hea, Bíoblaí de mo chuid féin agam: na leabhair sin ar fad a chruinnigh mé le linn na mblianta faoi cheird na scríbhneoireachta.
Agus mo chuid putóg ag teacht chucu féin ó cheacht umhlaíochta an lae is maith liom tamall a chaitheamh i gcuideachta gúrúnna na ceirde: Annie Dillard, Eudora Welty, Natalie Goldberg, Renate Dorrestein, Verlyn Klinkenborg, Renni Browne agus Dave King, Dorotea Brande, Julia Cameron, John Gardner agus daoine eile nach iad.
Is maith liom pé leabhar a thugaim isteach sa leithreas liom a oscailt go randamach. Pé ábhar a bhíonn romham ar an leathanach sin, sin é teachtaireacht an lae.
Inniu, an sárleabhar úd le Natalie Goldberg, Writing Down the Bones, a thug mé liom. Tráthúil go leor, caibidil dar teideal ‘Composting’ a bhí romham nuair a d’oscail mé é: píosa faoin ngá a bhíonn le díleá a dhéanamh, i d’intinn agus i do cholainn, ar na rudaí a tharlaíonn i do shaol sula scríobhann tú fúthu.
Peter Groarke
Alt faisnéiseach agus greannmhar mar is gnách ón gcolúnaí seo:
https://en.m.wikipedia.org/wiki/Cill%C3%ADn
GOA
Cian
Ana-alt go deo! Go raibh míle míle maith agat!
– Cian (ar an leithreas)