Ag ithe dinnéir le chéile, mo mháthair san Ísiltír agus mise sa Bhrasaíl

CUIMHNE AGUS DEARMAD: Colún míosúil faoin ngalar Alzheimer. Réitigh ár gcolúnaí agus a mháthair, a bhfuil galar Alzheimer uirthi, uibheagán le chéile agus achar 8,350 ciliméadar eatarthu

Ag ithe dinnéir le chéile, mo mháthair san Ísiltír agus mise sa Bhrasaíl

Le mí anuas faigheann mo mháthair, a bhfuil galar Alzheimer uirthi, cúram baile dhá thráthnóna sa tseachtain. Ní éiríonn le mo mham béile a réiteach léi féin a thuilleadh, agus ba é sin an príomhfháth gur ceadaíodh ár n-iarratas ar an gcúram sin. Tugann mo dheartháir óg cuairt uirthi uair amháin sa tseachtain freisin, rud a chiallaíonn go n-itheann mo mháthair béile te ar a laghad trí lá sa tseachtain.

Ar ndóigh, fágann sé sin an ceithre lá eile. Cé go mbíonn sé de nós ag mo dheartháir óg dóthain a réiteach do dhá nó trí lá, ní i gcónaí a chuimhníonn mo mháthair ar an mbia a fhágtar di sa chuisneoir.

Nuair a chuir mo mham físghlaoch orm an mhaidin cheana d’iarr mé uirthi doras an chuisneora a oscailt agus an taobh istigh a thaispeáint dom. Ní raibh le feiceáil ach oinniún, bosca le sliseoga bagúin stríocaigh, roinnt uibheacha agus roinnt cairéad. Bhí stoirm ag séideadh taobh amuigh. Dúirt mo mháthair go rachadh sí chuig an ollmhargadh dá maolódh an ghaoth, ach bhí imní orm nach dtiocfadh feabhas ar an aimsir.

Chuir mé físghlaoch uirthi arís ag am dinnéir. Bhí sé fós ina ghála.

‘An ndéanfaidh muid uibheagán le chéile?’ 

‘Conas?’

‘Inseoidh mé duit céim ar chéim.’

Rud a rinne. Ba mhaith an rud é go bhfuil fios mo bhealaigh agam i gcistin mo mháthar nó ní aimseodh sí an ola olóige go brách, ach leathuair an chloig níos déanaí bhí muid ag ithe dinnéir le chéile, mo mháthair san Ísiltír agus mise sa Bhrasaíl, ceangailte ag an teicneolaíocht chéanna a chuir ar mo chumas treoracha a thabhairt di agus mé ar an taobh eile den domhan. Bhí cuma bhlasta ar an uibheagán.

Tá sé ráite agam roimhe seo agus déarfaidh mé arís é: má cheapann tú go bhfuil meath ag teacht ar mheabhair thuismitheora nó gaoil éigin eile, déan cinnte go dtuigfidh an duine sin an chaoi le físghlaoch a dhéanamh agus cleacht an nós sin leis nó léi go rialta. Ní fios cá mhéad rudaí beaga agus móra a bhí mé in ann a réiteach do mo mháthair ar an gcaoi sin agus achar 8,350 ciliméadar eadrainn.

Fág freagra ar 'Ag ithe dinnéir le chéile, mo mháthair san Ísiltír agus mise sa Bhrasaíl'

  • Juan

    Colún álainn a Alex, agus comhairle thar a bheith cabhrach. Is mór againn go roineann tú na scéalta seo linn le go mbeadh tuiscint níos fearr ann ar na daoine atá ag maireachtáil leis ngalar Alzheimer

    Go raibh míle maith agat féin agus ag do mháthair.