Ag Gaolainn na Mumhan atá an draíocht, ní ag mo chuid Gaeilge mheaisínghunna…

Is ag canúint na Mumhan atá an draíocht, ní ag mo chuid Gaeilge mheaisínghunna...

Ag Gaolainn na Mumhan atá an draíocht, ní ag mo chuid Gaeilge mheaisínghunna…

Seán Ó Muimhneacháin faoi agallamh ag Helen Ní Shé ar an Saol ó Dheas

Bíodh is go labhrann siad sciobtha níl muintir Chonamara chomh gasta le muintir Thír Chonaill, ach is iad an dream ó dheas is moille agus is milse

An éiríonn cainteoirí dúchais tuirseach d’fhoghlaimeoirí bheith ag éisteacht leo an t-am uilig go léir agus ag meas an uile fhocal a thagann as a mbéal? Níl neart agamsa air mar fhoghlaimeoir. Meallann RnaG lena ghlórtha mé. Sin an donas a bhaineann le teanga a fhoghlaim; díríonn tú ar an chainteoir dúchais agus cránn tú gach aon uile chréatúr beo a thagann bealach na gcluas. Is é do mhian bheith chomh cruinn leo, chomh líofa leo, chomh muiníneach leo. Chuige sin, RnaG ag mórán againn, foinse eolais gan amhras ach gléas fosta le snas a chur ar an Ghaeilge nach bhfuil againn ón chliabhán.

Is muid a bhíonn airdeallach nó fágann ranganna foghraíochta na hollscoile rian ort mar a d’fhágfadh fuip rian ar dhroim asail. Caithfidh na cluasa éisteacht; caithfidh siad fáil amach an bhfuil an ‘r’ caol mar is ceart ag an chainteoir sin agus an séimhiú ag an chainteoir eile. M’anam le Dia, níl neart ag na cluasa air.

Ní hiontas ar bith é go mbíonn RnaG líon lán canúintí agus cuartaíonn an chluas go santach iad. Seo chugainn an Conallach agus labhrannsiadgogastaagusníbhíonnsosarbithinachuidcainteareaglagodtiocfadhdeireadhleisantsaolagusníbheadhgachaonrudráiteinamaige.

Ní bhacann an Conallach le hanálú idir abairtí. Tá an Conallach ar nós an mhíl mhóir; líonann sé na scamhóga le haer agus tumann go tóin na farraige. Tá scéal amuigh ar an scríbhneoir Séamus Ó Grianna, mura bhfuil mo chuimhne míchruinn ar fad, go raibh foghlaimeoir ag gearán gur labhair pobal na Gaeltachta róghasta. Chan é, a dúirt Ó Grianna, gur labhair na Conallaigh róghasta ach go raibh an foghlaimeoir ag éisteacht rófhadálach.

Níl muintir Chonamara go díreach chomh gasta sin; d’aithneofá bearna idir na focail agus línte ar leith.

Agus an Muimhneach? Tá caint an Mhuimhnigh chomh réchúiseach sin go n-éireofá ólta ar na siollaí. Deifir ná deifir ní bhíonn ar an Mhuimhneach. Is ionann éisteacht leis an Mhuimhneach agus bheith i scannán ficsean eolaíochta, ceann de na scannáin sin ina gcuirtear stad leis an am agus go n-éiríonn gach aon rud annnnnnaaaaa-mhaaaaalllllllll.

Ní dóigh liom gur thuig mé cad is siolla ann go dtí gur thosaigh mé ag éisteacht le pobal na Mumhan ar RnaG. Cuirim béim, mar dhroch-chainteoir Gaeilge, cuirim béim ar an chéad siolla agus ní bhím chomh trom sin ar fad ar ghuta ar bith a bhfuil síneadh fada air. Is ionann ‘tiomanai’ agus ‘tiománaí’ agamsa. Tabhair sos don tsíneadh fhada, a deirimse.

Ach an Muimhneach! Á Dhia, is é an tiomááááááánaaaaíííííi atááááááááá ag tiomáááááááint na traenaaaaaaacccch. Faoin am atá an tiománaí ag tiomáint na traenach ag an Muimhmeach, tá an Tiomna Nua léite os ard ag an Chonallach.

Agus an ‘r’ caol sin a bhí mar ábhar gáire agam agus ag mo chomhscoláirí, is í a léimeann as an raidió chugat agus an Muimhneach ar RnaG: “Dúúúúúiiiiiiirt an Taoiseachhhhhh inniu….” A Dhia, tá an ‘r’ caol an Mhuimhnigh ar nós na gaoithe i gcraobhacha crainn lá deas samhraidh. Samhlaíonn tú fíon úr agus do leannán lomnocht taobh leat faoin spéir gheal.

Is ag cainteoirí na Mumhan atá an draíocht agus iad ag caint os ard; murab ionann mise agus mo chuid Gaeilge mheaisínghunna Bhéal Feirste. Dá n-iarrfadh cainteoir deas Muimhneach orm mo lámh a chur sa tine, chuirfinn. Dá n-iarrfadh cainteoir deas Muimhneach orm léim d’aill, léimfinn. Níl neart agam air. Tá rud inteacht orm a ghéilleann don chanúint, a dhéanann sclábhaí de na cluasa. Dá mbínn le Gaeilge a fhoghlaim arís, Gaeilge na Mumhan a roghnóinn. Ba mhaith liom go mbeadh siollaí móra fada agam agus gutaí dorcha ramhra agus go gceapfadh daoine go raibh ciall mhór fhealsúnta le mo chuid cainte. Samhlaím go mbeadh Gaeilge na Mumhan ag Sócraitéas.

Is é an t-aon donas amháin atá leis an chanúint, amh, go mbaineann sé goimh as gach contúirt. Dá bhfógródh siad i nGaeilge na Mumhan go raibh ionsaí núicléach déanta ag Donald Trump ar an Rúis, ní bheadh de smaoineamh agam ach “tá an Ghaolainn ana-dheas”.

Fág freagra ar 'Ag Gaolainn na Mumhan atá an draíocht, ní ag mo chuid Gaeilge mheaisínghunna…'

  • Éibhear Neff

    ‘Am baist! Ach tá an-cheart ar fad agat ansin a mhic ó. Ní Gaeilge í go Gaolainn.

  • Colette Bennett

    Agus is í Helen Ní Shé an cainteoir is fearr liomsa…. is breá liom a cuid Gaeilge binn blasta.

  • Theeeeeeeaaa

    Aontaíoiiiiiiim leat!!

  • Gléire

    Is mór an lear canúintí atá i gCúige Mumhan ach oiread leis an dá chúige eile a luaigh tú. Ní éistim féin chomh minic sin le RnaG a thuilleadh ach bhíodh cainteoirí soiléire le clos as chaon chúige, cuid acu níos gaiste ná a chéile. Cé is moite den aiceann bhí an oiread de dhifríocht idir canúint Chiarraí is canúint na nDéise, idir Toraí is Gaoth Dobhair agus a bhí idir Rosmuc agus Ros Dumhach. Bhíodh cainteoirí malla, stuama agus scioptha sna ceantair sin uilig. Níor bhaol don té a thaithigh iad ná don té a chuaigh i gcleachtadh orthu.
    Fainic an dtiúrfaí an iomarca moladh ar na Muimhnigh, táid féin lán ábalta chuige sin!

  • Séamas de Barra

    Déanann Pól Ó Muirí amach gur r caol a bhíonn ag Muimhnigh san fhocal ‘dúirt’. Liam Búdhlaedhir, beannacht Dé lena anam, bhí sé ar an triúr a mhúin foghraíocht Ghaeilge na Mumhan domsa ar Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath i dtosach bhlianta 1970. Ó Ard na Cainne i nGaeltacht Chorca Dhuibhne ba ea Liam, agus bhí an–bhaint aige le Cinnéidigh na Gráige chomh maith. Mhúin Liam dúinne gur leathan a bhíonn ‘r caol’ roimh d, t, n, l, agus s, i nGaeilge na Mumhan. Níorbh fhíor ar fad ar fad do Liam, mar go mbíodh rogha idir caol agus leathan i seanchanúint na Rinne, agus mura bhfuil dul amú orm, i gcuid de chanúintí an taoibh thiar theas de Cho. Chorcaí, canúintí atá imithe in éag.
    Is fíor go labhraíonn muintir an taoibh thiar theas de Ghaeltacht Chorca Dhuibhne fadálach go maith, ach ní mar sin do chainteoirí dúchais Pharóiste Mórdhach. Bíonn an chaint allegro i ngach uile chanúint, agus is deacair don fhoghlaimeoir teacht isteach uirthi sin. Is sárchainteoir Gaeilge é Micí Faoitín a bhíonn ar chlár Rónáin Mhic Aodha Bhuí.
    Bhur gCara,
    Séamas de Barra.

  • Pilib Ó Duinn

    B’fhéidir é ach bhí an méid a scríobh an Muiríoch greannmhar go leor.