Ag Gaeilgeoireacht ar feadh an lae in aimsir seo an choróinvíris – blaiseadh d’imeachtaí ‘Gaeilge24’ ó scoileanna ar fud na tíre

Feachtas bliantúil de chuid Chonradh na Gaeilge é Gaeilge24 a mbíonn sé mar aidhm aige daoine a spreagadh an Ghaeilge a labhairt ar feadh '24 uair an chloig' taobh amuigh den seomra ranga

Ag Gaeilgeoireacht ar feadh an lae in aimsir seo an choróinvíris – blaiseadh d’imeachtaí ‘Gaeilge24’ ó scoileanna ar fud na tíre

Ghlac breis agus 15,000 dalta ó 150 scoil ar fud na hÉireann páirt i ‘ndúshlán Gaeilge24’ inné, feachtas de chuid Chonradh na Gaeilge, ar mhaithe le daoine a spreagadh Gaeilge amháin a labhairt ar feadh 24 uair an chloig.

Cuireadh tús ceolmhar le himeachtaí ‘Gaeilge24’ sa Mhodhscoil i Luimneach agus cuairt chun na scoile ó Stiofán Ó Fearáil ón ghrúpa Seo Linn.

Ghlac daltaí i gColáiste na Daoile i Ráth Bhoth i nDún na nGall páirt i

dtráth na gceist agus rang machnaimh mar chuid d’imeachtaí Gaeilge24.

I mbun seisiún dianaclaíochta a bhí lucht na hidirbhliana i gColáiste Oiriall i gcontae Lú agus iad ag tabhairt faoin dúshlán teanga.

Ina suí agus maisc aghaidhe á gcaitheamh acu a bhí daltaí Ghaelcholáiste an Ghoirt Álainn le moladh agus iad ag tabhairt faoi rang Ióga ar Zoom.

Eagraíodh mórchomórtas Tráth na gCeist do dhaltaí sa chéad agus sa dara bliain i gColáiste Pobail Ráth Chairn don lá mór.

Ghlac buachaillí ó Choláiste Cholmáin i Mainistir Fhear Maí i gCorcaigh go fonnmhar leis an dúshlán.

Thug daltaí Ghaelcholáiste Mhic Suibhne i mBaile Átha Cliath faoi imeachtaí Gaeilge24 amuigh faoin spéir.

Bhí gliondar ar lucht an fheachtais i mbliana go raibh an t-aisteoir Diyu Daniel Wu,

a bhí sa phríomhpháirt sa ghearrscannán aitheanta Yu Ming is ainm dom, ar fáil chun an scéal faoin dúshlán 24 uair an chloig a scaipeadh.

Fág freagra ar 'Ag Gaeilgeoireacht ar feadh an lae in aimsir seo an choróinvíris – blaiseadh d’imeachtaí ‘Gaeilge24’ ó scoileanna ar fud na tíre'

  • Cluain Sceach

    Deas!