Níl léiriú níos fearr ann go bhfuil na craobhacha peile agus iomána ar tí tosú ná lucht leanta CLG a bheith ag iarraidh meabhair a bhaint as an leagan amach nua atá ar an gcraobh.
Idir na ‘Super 8s’, na hathruithe a thug Covid leis agus Corn Tailteann, is iomaí athrú atá déanta ar Chraobh Shinsir Peile na hÉireann le blianta beaga anuas agus tá struchtúr nua eile romhainn an samhradh seo.
Nuair a bhí an plé ann faoin gcóras nua seo ag tús na bliana seo caite, bhí tuiscint áirithe ann i measc an phobail ar céard a bheadh i gceist. Bhí a fhios againn go mbeadh craobhacha na gcúigí fós againn agus, ina ndiaidh, go mbeadh sé fhoireann déag ag dul ar aghaidh chun páirt a ghlacadh i gCraobh na hÉireann agus an chuid eile ag dul i dtreo Chorn Tailteann.
Bhí sé sin simplí go maith ach bíonn sé deacair tuiscint cheart a fháil ar struchtúr nua comórtais agus na himpleachtaí uile a d’fhéadfadh a bheith i gceist. Is maith an seans gur chuir daoine go leor na hathruithe go cúl a gcinn chomh luath agus a tháinig scéala gur glacadh leis an leagan amach nua ag Comhdháil 2022 mí Feabhra anuraidh.
Cuimhníodh arís ar an gcóras nua nuair a bhuaigh an Iarmhí Corn Tailteann anuraidh, rud a chinntigh go mbeadh siad ag imirt i gCraobh na hÉireann i mbliana, agus meabhraíodh arís an t-athrú le linn na sraithe san earrach.
Tá sé beagnach cinnte go dtiocfaidh gnéithe áirithe den chóras aniar aduaidh ar dhaoine agus na craobhacha faoi lán seoil, iad ar an aineolas go dtí go mbeidh tionchar ag na hathruithe sin ar a gcontae féin.
Seans gurb é an chéad athrú a dtabharfar suntas dó ná an easpa tábhachta a bhaineann le comórtais na gcúigí do na boic mhóra. I ndiaidh na sraithe, tá Maigh Eo, Gaillimh, Ciarraí, Áth Cliath, Doire, Ros Comáin, Tír Eoghain agus Muineachán cinnte cheana féin d’áit i mBabhta an 16 i gCraobh na hÉireann, is cuma cén chaoi a n-éiríonn leo i gcraobhacha na gcúigí.
Is í an choimhlint idir Ros Comáin agus Maigh Eo, a bhuaigh Roinn 1 na sraithe Dé Domhnaigh seo caite, an ceann is mó a bhfuil suim ag daoine inti an deireadh seachtaine seo ach níl an tábhacht chéanna leis an gcluiche is a bhíodh blianta eile.
Roimhe seo, dá gcaillfeadh Maigh Eo nó Ros Comáin i mbabhta ceathrú ceannais Chonnacht, bheadh orthu trí chluiche sna babhtaí cáilithe a bhuachan chun Babhta an 16 a bhaint amach ach, anois, pé dream a chaillfidh Dé Domhnaigh, beidh siad fós ag dul díreach ar aghaidh go dtí babhta nua na ngrúpaí i gCraobh na hÉireann.
Seans go dtiocfaidh an bhearna sin idir na chéad bhabhtaí i gcraobhacha na gcúigí agus Babhta an 16 aniar aduaidh ar dhaoine chomh maith. Cé go mbeidh scata cluichí ann gach deireadh seachtaine, má dhíbrítear contae go luath ó chraobh an chúige, d’fhéadfadh siad a bheith ag fanacht píosa maith roimh an gcéad chluiche eile.
Féach ar Ros Comáin agus Maigh Eo, mar shampla. Pé dream a chaillfidh ar an Domhnach, ní imreoidh siad arís go dtí tús Bhabhta an 16 faoi cheann sé seachtaine. Cúig seachtaine a bheidh Doire, Tír Eoghain nó Muineachán ag fanacht má chliseann orthusan an tseachtain seo chugainn.
Nuair a shroichfidh muid Babhta an 16, roinnfear na foirne i gceithre ghrúpa agus, mar a bhí le babhtaí an tSár-Ochtair, imreoidh foirne cluiche amháin sa bhaile agus péire eile as baile, ceann acu i láthair neodrach.
Imní amháin a bhí ann le babhtaí an tSár-Ochtair i gcónaí go mbeadh cluichí gan tábhacht sa tríú babhta. In iarracht é sin a sheachaint sa chóras seo, rachaidh na trí fhoireann is fearr i chuile grúpa ar aghaidh chuig na chéad babhtaí eile ach fágann sin go mbeidh 24 cluiche á n-imirt chun ceithre fhoireann a dhíbirt ón chraobh. Agus míshuaimhneas ann cheana féin go bhfuil na cluichí idirchontae uile sa mhullach ar a chéile, is cinnte gur ábhar cainte a bheidh anseo ag deireadh na bliana.
Murar féidir tuiscint cheart a fháil roimh ré ar an tionchar a bheidh ag na hathruithe nua ar an gcraobh, ní féidir breithiúnas a thabhairt orthu ach an oiread go dtí go dtugtar deis dóibh. Nuair a chrochfar Corn Mhig Uidhir i bPáirc an Chrócaigh ar an 30 Iúil, b’fhéidir go ndéarfar gur córas gan locht atá againn anois agus nach gá é a athrú go deo arís.
Sin, nó b’fhéidir go mbeadh muid ag foghlaim faoi chóras iomlán nua eile faoi cheann cúpla bliain.
Cuirfear tús leis an gcraobh inniu, Dé Sathairn, nuair a rachaidh seaimpíní Roinn 4, Sligeach, go dtí Londain. Imreoidh buaiteoirí an chluiche sin i gcoinne Nua-Eabhrac nó Liatroma, a bheidh ag imirt oíche Dé Sathairn, chun áit a bhaint amach i gcluiche ceannais Chonnacht agus i mBabhta an 16 níos deireanaí sa bhliain.
Tá Ard Mhacha beagnach cinnte d’áit i mBabhta an 16 chomh maith ach beifear fós ag iarraidh taispeántas maith in aghaidh Aontroma i réamhbhabhta Uladh tar éis d’fhoireann Kieran McGeeney a bheith díbeartha ó Roinn 1 coicís ó shin.
Ar an Domhnach a chuirfear tús le craobhacha Laighean agus na Mumhan. Tabharfaidh Tiobraid Árann agus Port Láirge aghaidh ar a chéile i nDurlas agus, agus Ciarraí ag fanacht ar bhuaiteoirí an chluiche sin. Ag fáil faoi réir do Chorn Tailteann atá an dá dream i ndáiríre.
Ar an taobh eile, tá deis mhaith ag an gClár agus Corcaigh cluiche ceannais na Mumhan agus áit i mBabhta an 16 a bhaint amach. Bhuaigh Corcaigh an cluiche sraithe idir na foirne an mhí seo caite le hocht bpointe agus beifear ag iarraidh tús maith a chur leis an chraobh.
Ar ndóigh is é an cluiche idir Maigh Eo agus Ros Comáin ceann mór an Domhnaigh. Ní raibh Maigh Eo in ann aon cheiliúradh a dhéanamh tar éis dóibh Gaillimh a bhualadh i gcluiche ceannais na sraithe Dé Domhnaigh seo caite agus beidh cuid mhór bainte astu ag an cluiche sin tar éis cuid mhór a bhaint astu. ach tá an cumas go fóill ag foireann Kevin McStay an beart a dhéanamh, go háirithe i gCaisleán an Bharraigh.
Craobh Shinsir Peile Chonnacht
Londain v Sligeach – Ruislip, 3.00in
Nua-Eabhrac v Liatroim – Páirc na nGael, 11.00in (Beo ar GAAGO)
Craobh Shinsir Peile Uladh
Ard Mhacha v Aontroim – Ard Mhacha, 5.00in (Beo ar BBC)
Dé Domhnaigh, 9 Aibreán
Craobh Shinsir Peile Chonnacht
Maigh Eo v Ros Comáin – Páirc Mhic Éil, 4.00in (Beo ar RTÉ)
Craobh Shinsir Peile Laighean
Cill Mhantáin v Ceatharlach – Eachroim, 2.30in
An Longfort v Uíbh Fhailí – Páirc an Phiarsaigh, 3.00in
Laois v Loch Garman – Páirc Uí Mhórdha, 3.30in
Craobh Shinsir Peile na Mumhan
Tiobraid Árann v Port Láirge – Staid Semple, 2.00in
An Clár v Corcaigh – Páirc Uí Chíosóig, 2.00in
Fág freagra ar 'Ag foghlaim de réir a chéile a bheidh muid le teacht na craoibhe nua'