Ag filleadh ar ár gcara mór ‘Chester Beatty’ i ndiaidh na dianghlasála

Dá mbeadh áit amhail Dánlann Chester Beatty in aon chathair eile san Eoraip bheadh sé ar bharr liosta na gcuairteanna

Ag filleadh ar ár gcara mór ‘Chester Beatty’ i ndiaidh na dianghlasála

Ba mé an chéad duine a ligeadh isteach i nDánlann Chester Beatty i gCaisleán Bhaile Átha Cliath an tseachtain seo. Agus cé a bhí romham ag an doras tosaigh ach an Stiúrthóir í féin. Bhí an oiread sceitimíní uirthi gur scaoil sí isteach an doras mícheart mé.

Chuaigh mé amach arís, go nglanfainn mo lámha, agus go siúlfainn isteach an treo ceart de réir na saighead treoraithe. Ach an babhta seo ní raibh an doras ‘uathoibríoch’ ag obair agus fágadh taobh amuigh mé i mo staic. D’oibrigh gach rud i gceart ar deireadh agus thóg mé m’áit i measc na naomh agus na scoláirí. 

Seoid de dhánlann agus músaem é an áit seo. Bímse i gcónaí ag meabhrú do dhaoine – dá mbeadh a leithéid d’áit in aon chathair eile san Eoraip a mbeidís ag triall uirthi, go gcuirfidís ar bharr liosta na gcuairteanna é ar an bpointe.

Agus go tráthúil, an lá céanna ar thug mé cuairt in athuair ar na taispeántais Arabacha, Síneacha, Indiacha agus eile, nach raibh píosa ar an idirlíon ag an Ollamh Daibhí Ó Cróinín, ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh a tharraing m’aird.

Go minic agus mé ag déanamh iontais den obair ealaíne sa Chester Beatty, bhínn ag rá liom féin – ‘Meas tú céard a bhí ar bun againne in Éirinn le linn na tréimhse céanna?’

Agus nach raibh freagra na ceiste ag Daibhí ina alt féin. Ar shuíomh ‘Brainstorm’ le RTÉ a bhí a alt siúd agus ag tagairt do lámhscríbhinn Éireannach ón mbliain 664 AD a bhí sé :

‘Annálacha Uladh agus Tigearnach’ a bhí faoi thrácht aige – ba chosúil gur i Laidin a bhí sé scríofa.

Séard a bhí ann ná tagairt do phlá mharfach a bhí ag gabháil thart i 664 agus an tionchar uafásach a bhí aige ar shaol na tíre ina dhiaidh sin. Bhí tagairt ann freisin do ‘dhorchadas i mí na Bealtaine’ – bhí éiclips gréine ann de réir dealraimh an bhliain chéanna. Tá cur síos ann faoi na manaigh, faoi Oileán Í, Inis Bó Finne, Mainistir Mhaigh Eo agus mainistreacha eile.

Chuimhnigh mé gurbh iad an lucht léinn – manaigh in Éirinn agus a leathbhádóirí i dtíortha san Oirthear, an t-aon dream a raibh scileanna na scríbhneoireachta agus na péintéireachta acu an tráth sin. 

Chuirfeadh go leor den ábhar i nDánlann Chester Beatty na seanlámhscríbhinní Gaeilge i gcuimhne duit lena maisiúcháin agus a bpeannaireacht álainn. 

Ina dhiaidh sin féin, tá corr-rud sa Dánlann a léiríonn an ‘gnáthshaol’ sa stair i bhfad siar. Chonaic mé giota as ‘litir’ (ar phaipír) a scríobh bean chuig a deirfiúr sa mbliain 2 AD san Éigipt agus í ag clamhsán faoi nach raibh sí ag freagairt a cuid litreacha. 

Ní athraíonn mórán!

Tá an oiread ábhar sa bhailiúchán nach bhfuil ar a gcumas ach idir 1 agus 1.5% de na hiontais uilig a chur ar taispeáint ag aon am amháin. Deirtear go bhfuil seoda Dhánlann Chester Beatty ar chuid de na lámhscríbhinní is luachmhaire dá gcineál aon áit ar domhan. Is anseo atá cuid de na leabhair ‘Qur’an’ nó Córán is sine ar domhan. 

Nuair a chuimhníonn duine gur sa 7ú céad a tháinig an creideamh sin ar an saol, nach iontach go deo an rud é go bhfuil Qur’an acu ón 7ú céad – cuid de, ar aon nós, i bhfoirm ‘folio’. 

270 Córán ar fad atá acu ó thíortha Ioslamacha. 

Is anseo sa Dánlann – atá ar shuíomh Chaisleán Bhaile Átha Cliath, atá an leagan is sine de litreacha Naomh Pól, ón 3ú haois. Bhí an leabhar sin agus roinnt cóipeanna den Qur’an, ar an gcéad cheannachán a rinne Chester Beatty nuair a thug sé cuairt ar an Éigipt sa mbliain 1913.

Uaidh sin amach, dhírigh sé a aird ar shaothair a cheannach ón Oirthear, ón Áise agus ón Meánoirthear. Thuig sé go raibh ábhar ar an margadh a mbeadh an-luach air agus fiúntas mór amach anseo ach go mb’fhéidir nach raibh tuiscint cheart ar a luach ag an am.

Ní mar bhailitheoir ealaíne a thosaigh Beatty áfach ach mar mhianadóir. Bhí an t-ádh air go raibh scileanna agus cáilíochtaí aige ó Ollscoil Columbia i Nua-Eabhrac nuair a thug sé cuairt ar an ‘Iarthar Fiáin’ i Meiriceá ag deireadh an 19ú haois.

Chaith sé seal in Klondyke, Colorado agus Meicsiceo agus rinne sé saibhreas dochreidte ansin as na mianraí. Blianta ina dhiaidh sin, rinne sé saibhreas eile i ngnó an chopair san Afraic.

I Londain a chuir sé faoi ar feadh 40 bliain ach ar chúis éigin thit sé amach leis an dream a tháinig i gcumhacht ansin tar éis an dara cogadh domhanda. Difríochtaí polaitíochta, is dóigh agus an chumhacht caillte ag an bPáirtí Caomhach. 

D’aistrigh sé a bhunáit go hÉirinn áit ar fáiltíodh roimhe.

Bhí an dánlann chlúiteach lonnaithe i nDroichead na Dothra i dtosach i gcúinne deas cluthar nach mbíodh mórán tráchta ag dul thairis. Ach athraíodh amach as sin é go dtí an áit ina bhfuil sé inniu ar Shráid an Dáma i lár na cathrach.

Go dtí le gairid, bhíodh an-tóir ag cuairteoirí ar an áit. Níl a fhios céard iad na teangacha iasachta a chloisfeá thart san áit. Bhíodh scata páistí scoile ón tír seo i measc na ndreamanna a bhíodh ag dul thart ar thurais oideachasúla.

Bhí sé ciúin go maith an lá cheana agus mé i mbun mo chuairte ann. Tá siad tar éis fáil réidh le bróisiúir, píosaí páipéir, cláir imeachta agus a leithéidí – ar mhaithe le cúrsaí sláinteachais. 

Má theastaíonn uait eolas a fháil faoi na taispeántais éagsúla, tá na lipéid ar gach píosa ealaíne an-soiléir. Is féidir freisin an ‘Aip’ Chester Beatty a íoslódáil go héasca agus a úsáid mar threoraí agus tú ag dul thart ann. (Tabhair leat do chuid cluasán.)

Thug Chester Beatty a bhailiúchán luachmhar ealaíne, leabhar, dealbha, gloine, scríbhinní agus eile, ar láimh do mhuintir na hÉireann. Sa mbliain 1957 bhí sé ar an gcéad duine riamh a ainmníodh mar Saoránach Onórach na hÉireann agus nuair a bhásaigh sé i Monaco sa mbliain 1968, tugadh a chorp ar ais go hÉirinn agus cuireadh anseo é, tar éis sochraid Stáit. 

Ba é Beatty an chéad saoránach príobháideach ar tugadh an onóir sin dó.

Fág freagra ar 'Ag filleadh ar ár gcara mór ‘Chester Beatty’ i ndiaidh na dianghlasála'