Ag fás is ag forbairt

FRIOTAL – Ná bímis ag ‘dearadh’ réitigh nuair is féidir réiteach a fháil nó a aimsiú. An tseachtain seo, caitear súil ar rian Bhéarla na bainistíochta ar an nGaeilge.

glass-water

Abair do rogha rud faoi Uisce Éireann, ach is furasta do ghnó a dhéanamh leo i nGaeilge, nó i gcanúint nua atá cosúil le Gaeilge. Chuir siad leabhrán eolais dátheangach chugam, agus chugatsa fosta, is dócha. Is iomaí seoid aistriúcháinise ann ach chuir mé sonrú faoi leith sa cheann áirithe seo: ‘Táimid ag dul i dteagmháil le gach teaghlach in Éirinn agus tá an leabhrán seo forbartha againn le míniú cén fáth a bhfuilimid ag déanamh amhlaidh.’ Ní gá don léitheoir bocht oilte taobh an Bhéarla a cheadú le brí na líne sin a fhuascailt: we have developed this booklet. B’ait liom leabhrán a bheith á fhorbairt, ach bíonn leisce orm leagan a dhamnú go héagórach. Más féidir rudaí teibí a fhorbairt (smaointe, polasaithe, stíl scríbhneoireachta), cad chuige nach ndéanfaí leabhrán a fhorbairt chomh maith?

Tá cabhair i sanas an fhocail, mar is minic a bhíonn. De réir an Electronic Dictionary of the Irish Language (https://edil.qub.ac.uk), tháinig an briathar ‘forbair’ as ‘for-beir’. ‘Fás’ nó ‘méadaigh’ an bhunchiall atá leis. Agus sin agat foinse na míloighice: chaithfí an leabhrán a bheith ann cheana le go dtiocfadh le foireann Uisce Éireann cur leis. Ach is amhlaidh a scríobhadh an téacs seo go húrnua. Deamhan locht, mar sin, ar ghnáthfhocal mar ‘tá an leabhrán seo curtha ar fáil againn.’

Bíonn an-tóir ag scríbhneoirí Béarla ar nathanna béarlagair mar develop agus design, agus tá a thionchar sin le brath go mór ar an Ghaeilge scríofa. Úsáidtear an briathar ‘dear’ anois amhail is gurb ionann ciall dó agus do leaganacha traidisiúnta mar ‘ceap’, ‘cruthaigh’ nó ‘ullmhaigh.’ Ní shéanaim nach focal bailí é ‘dearadh’ i gcomhthéacsanna áirithe ach bím in amhras faoi shamplaí mar seo:

  • Tugann sé seo an deis dúinn réiteach a dhearadh, sula dtagann an fhadhb anuas orainn.
  • Ba chóir don Roinn Oideachas beartas a dhearadh chun múinteoirí a chur chuig na hoileáin.

Tá blas Bhéarla na bainistíochta ar an chéad sampla sin: to design a solution. Ní hé go bhfuil bearna le líonadh sa Ghaeilge: is féidir réiteach a fháil, réiteach a aimsiú, réiteach a sheiftiú nó an fhadhb a réiteach, go díreach. I gcás na habairte thuas, is ag iarraidh teacht roimh an fhadhb atáthar. Ná níl feidhm le ‘beartas a dhearadh’ nuair is ag ceapadh beartais a bhí lucht na Gaeilge riamh.

Focal eile nár cheart dúinn barraíocht ómóis a bheith againn dó ná solution. Focal folamh é, chomh minic lena mhalairt. Cén Ghaeilge a chuirfeá ar hand-held night vision solution? ‘Tóirse,’ a bhuachaill.

– Tá Antain Mac Lochlainn ina eagarthóir ar an suíomh áiseanna Gaeilge www.aistear.ie