Ag fanacht ar an ‘draft’ a dhéanfaidh pálás den pharlús

Is córas atá eagraithe go docht é an ceann faoina n-earcaíonn foirne na Peile Meiriceánaí imreoirí óga agus cuireann lucht féachana na teilifíse suim thar na bearta ann

NFL Draft

Chaith suas le 25 milliún Meiriceánach uaireanta an chloig ag deireadh na seachtaine seo caite sáite i dteilifíseáin agus i ngiuirléidí nua-aimseartha eile ag breathnú ar ócáid spórt peile nár tarraingíodh aon chic amháin féin ar liathróid inti agus arbh iad soilse an stiúideo ba chúis le haon bhraon allais a cailleadh.

An NFL Draft atá i gceist agam, an córas faoina roghnaíonn foirne gairmiúla na Peile Meiriceánaí cé acu de na himreoirí óga atá ag fágáil ollscoileanna na tíre sin a dtiocfaidh siad sa seans leo agus a dtairgfidh siad conarthaí imeartha dóibh.

Na hógánaigh féin a thugann le fios níos luaithe sa mbliain go bhfuil suim acu a dhul ag plé leis an spórt go gairmiúil a luaithe agus a bhíonn a gcuid ollscolaíochta críochnaithe acu. I dtús an earraigh tugtar cuireadh don chuid is fearr acu a theacht as chuile cheard den tír chuig Lucas Oil Stadium in Indianapolis, áit a bhfaigheann cóitseálaithe ó fhoirne an NFL agus bainisteoirí deis na hógánaigh a fheiceáil ag dul faoi thástálacha aclaíochta agus intinne.

Chomh maith leis sin eagraíonn na hollscoileanna ócáidí den chineál céanna ar a gcuid campas féin – Pro Day – chuig a dtugtar deis don lucht earcaíochta na lúthchleasaithe a fheiceáil ag léiriú a gcumais i láthair ina mbeidís ar a gcompord.

Ar ndóigh tá oiread sin tóir ar an bpeil idir ollscoileanna sna Stáit go bhfuil cáil ar an gcuid is fearr de na fir óga seo ar fud na tíre agus aithne ar an gcuid eile acu ina stát féin.

Faoin am a dtagann an Draft, tógann sé ceithre lá an cúram a dhéanamh – ó Dhéardaoin go Domhnach – agus faoin am a raibh an sorcas thart san Auditorium Theatre i Chicago Dé Domhnaigh seo caite bhí 250 fear óg faoi réir le bualadh faoin saol atá siad a shantú ón gcéad lá scoile a rinne siad riamh.

32 foireann atá san NFL, bhí duine thar ceann chuile eagraíocht acu i láthair i Chicago agus an chuid eile den chriú sa gceannáras ag baile, sáite sa trádáil mar a bheidís siúd a bhíonn ag Marglann an Daingin.

Bíonn na peileadóirí liostáilte ó 1–250 de réir a bhfiúntais agus iad roinnte i seacht rannóg. An té a mheastar a bheith ar an imreoir is fearr ar barr agus mar sin síos uaidh.

Tá ord faoi leith freisin orthu siúd atá ag iarraidh iad a fhostú – an chéad rogha ag an bhfoireann ba mheasa a chruthaigh an séasúr roimhe sin san NFL, an dara rogha ag an dara dream ba lú a bhuaigh cluichí agus mar sin de, go mbíonn an 32ú rogha ag buaiteoirí an Superbowl. Ar an dul céanna a roinntear amach na ranna eile.

Ach is féidir beagán ligean chugat agus uait a dhéanamh freisin. Ceadaítear d’fhoirne ionad a bhabhtáil le foirne eile má cheapann siad go bhfágann sin deis níos fearr acu an t-imreoir is ansa leo a aimsiú.

Ní hiad na Tennessee Titans, cuir i gcás, ba lú a bhuaigh cluichí i séasúr 2015 agus ba leo an chéad roghnú a dhéanamh an tseachtain seo caite.

Is é Jameis Winston a bhí ar barr anuraidh, nuair a roghnaigh Tampa Bay é siúd fuair an fear óg bliain agus fiche conradh imeartha ceithre bliana arbh fhiú $23 milliún é agus éarlais $16 milliún.
Is é Jameis Winston a bhí ar barr anuraidh, nuair a roghnaigh Tampa Bay é siúd fuair an fear óg bliain agus fiche conradh imeartha ceithre bliana arbh fhiú $23 milliún é agus éarlais $16 milliún.

Ceathrúchúlaithe nó quarterbacks is minice a bhíonn ar bharr an ord fiúntais agus b’amhlaidh cás arís i mbliana – Jared Goff as California agus Carson Wentz as North Dakota. Bhí na Titans sásta leis na ceathrúchúlaithe atá acu féin sa mbaile agus dá bharr chuaigh siad i mbun margaíochta leis na Los Angeles Rams. D’fhágadar an chéad rogha ag na Rams agus mar chuid den mhargadh fuair na Titans an seachtú himreoir sa rogha sin chomh maith le triúr imreoirí as an dara roinnt.

Bíonn suimeanna ollmhóra airgid i gceist agus ar fud Mheiriceá bíonn stáisiúin áitiúla teilifíse agus raidió istigh i bparlúis na n-imreoirí sa mbaile ag caint lena muintir agus iad ag fanacht leis an nóiméad go ndéanfar pálás den pharlús.

Imreoir darbh ainm Jameis Winston a bhí ar barr anuraidh, cuir i gcás, agus nuair a roghnaigh Tampa Bay é siúd fuair an fear óg bliain agus fiche conradh imeartha ceithre bliana arbh fhiú $23 milliún é agus éarlais $16 milliún.

Ní airgead fánach a bhíonn i gceist dóibh siúd nach bhfuil ar barr ar fad ach an oiread. Anuraidh bhain an té a bhí ar an 31ú imreoir ar an liosta conradh amach a d’fhág $2 mhilliún sa mbliain aigesean agus éarlais $4 mhilliún.

Ainneoin ‘an Draft’, na ‘Pro Days’ agus na tástálacha aclaíochta agus intinne, ní i gcónaí a dhéanann foirne an NFL a gcríonnacht.

Sa bhliain 1998 bhí sé ag dul rite leis na Indianapolis Colts cé acu de bheirt ógánach – Ryan Leaf nó Peyton Manning a roghnóidís. Ar deireadh phioc siad an Mainníneach, a chaith 13 séasúr leo sular imir sé trí cinn eile do Denver. Bhuaigh sé Superbowl leo beirt.

Na San Diego Chargers a thug conradh do Leaf – $32 milliún. Dhéanfá comhaireamh ar aon lámh amháin ar an méid cluichí a d’imir sé dóibh agus bhí sé éirithe as ceithre bliana dár gcionn.

Bíonn an taobh eile ar an scéal freisin. I mbliain na Mílaoise bhí 199 imreoir roghnaithe faoin am ar shocraigh na New England Patriots go mb’fhéidir gurbh fhiú dóibh dul sa seans ar ógánach darbh ainm Tom Brady.

Níor imir duine den seachtar peileadóirí a bhí roghnaithe roimhe acu an bhliain sin oiread agus aon chluiche amháin dóibh agus ba cheithre bliana a mhair saol imeartha an té ab fhaide den seisear eile.

Tá an Brádach i mbarr a mhaitheasa i gcónaí.

Fág freagra ar 'Ag fanacht ar an ‘draft’ a dhéanfaidh pálás den pharlús'