‘Ag fágáil slán le mo mháthair, laoch mná a rinne éacht ar son oidhreacht na tíre’

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar 2020 le roinnt Gael. An geábh seo, tá Ré Ó Laighléis, a thug leis Gradam Uí Shúilleabháin i mbliana dá úrscéal ‘Máchail Scéal Díoltais’

‘Ag fágáil slán le mo mháthair, laoch mná a rinne éacht ar son oidhreacht na tíre’

1. Céard é an chuimhne is mó atá agat ar 2020?

Bás mo mháthar, Josephine, i Meitheamh na bliana. Ní hann don fhoclaíocht len í a mholadh mar mháthair. Ach, ar bhonn níos leithne ná sin, ba laoch mná í a rinne éacht (in éindí le dornán beag tírghráthóirí eile) ar son oidhreacht na tíre trína gníomhaíocht dheonach thar achar trí scór bliain dá saol a thabhairt d’athchóiriú Phríosún Chill Mhaighneáin, mar threoraí deonach sa phríosún sin agus mar bhall de Choiste na nIontaobhaithe go deireadh. ‘What price language? What price culture? What price nationhood?’ ar sí de chogar liom sna laethanta deireanacha di. Síocháin lena hanam uasal Gaelach.

2. Céard é an scéal is mó a chuir áthas ort in 2020?

D’ainneoin scéalta móra gairdis a bheith ann dom go pearsanta agus go proifisiúnta le saothair éagsúla, idir Bhéarla agus Ghaeilge, ba é ba mhó a chuir áthas ar mo chroí ná gur tháinig gach ball clainne agus gach duine de mo chairde slán ar Covid-19.

3. Céard é an scéal is mó a chuir brón ort in 2020?

An bás. Bás mo mháthar, ar ndóigh, ach bás laochra eile ar nós mo sheanOllamh le Nua-Ghaeilge – rí na gnaíúlachta – Breandán Uasal Ó Madagáin, mo sheanchara agus laoch mór na drámaíochta, Seán Stafford, agus na céadta de mhílte atá maraithe go fealltach in ainm na sainte polaitiúla, eacnamúla agus reiligiúnaí.

4. Céard é an rud is mó a d’fhoghlaim tú ó thús deireadh na bliana 2020?

Gur mó i bhfad fós é uaisleacht daoine maithe an tsaoil ná doircheacht agus leithleachas na gcneámhairí agus go bhfuil dóchas ann i gcónaí don duine cóir.

5. Ar éirigh leat déanamh de réir aon rún a bhí agat ag tús na bliana 2020?

Go bhfios dom, d’éirigh, ach ní fheicfear a bhláth sin go dtí an dara leath de 2021, agus ní luafar é go dtí sin.

Fág freagra ar '‘Ag fágáil slán le mo mháthair, laoch mná a rinne éacht ar son oidhreacht na tíre’'

  • Máire B

    Tá brón orm gur chaill tú do mhathair i 2020 a Ré