Bhí mé chomh tógtha le scéal George Mitchell nach raibh fonn orm ceann scríbe a bhaint amach sula gcríochnódh sé ag caint. Ag éisteacht le Second Captains ar RTÉ Raidió a hAon a bhí mé ar mo bhealach ó thuaidh ag an deireadh seachtaine.
Ag éisteacht le George agus ag mé ag sníomh isteach is amach thar an teorainn dhofheicthe (murach an ‘SatNav’ ní bheadh a fhios agam cá raibh an líne draíochta sin).
Ach leathuair an chloig tar éis Applegreen a fhágáil I mBaile an Ghearlánaigh, tá mé in áit a dteastóidh punt Shasana uaim.
Tá agallamh an tSeanadóra George Mitchell fíorspéisiúil agus é ag trácht ar an bpróiseas a thug muid chomh fada le Comhaontú Aoine an Chéasta i 1998. Ach an chuid ba spéisiúla ar fad den agallamh bhain sé lena óige féin agus an chaoi an raibh a mhuintir beo bocht i Meiriceá.
Ar bhealach is é George an sampla is fearr a chuala mé ariamh de ‘Aisling Mheiriceá’.
Bhí a thuismitheoirí chomh bocht sin nár éirigh leo ariamh dul ar saoire. D’oibrigh siad go crua i gcaitheamh a saoil, a athair mar fheighlí scoile agus a mháthair i monarcha éadaí.
Inimircigh as Éirinn a bhí i dtuismitheoirí a athar. Ach bhásaigh a sheanmháthair agus í óg. Cuireadh an chlann páistí isteach i ndílleachtlann toisc nach raibh an t-athair in ann breathnú ina ndiaidh.
Ansin gach Domhnach tugadh na páistí uilig isteach os comhair an phobail ag an Aifreann an Domhnaigh. Duine ar bith a bhí ag iarraidh éinne de na páistí a uchtú, bhí cead acu iad a bhreith abhaile leo. Is mar sin a uchtaíodh athair George ag clann as an Liobáin.
Phós a athair bean as an bpobal Liobánach sin i Meiriceá nuair a d’fhás sé aníos.
Agus mé ag éisteacht le glór an fhir a stiúir na cainteanna síochána sa tír seo ar bhealach a bhí tuisceanach agus cúirtéiseach, cúis iontais dom arís go raibh gairm bheatha ag an leibhéal ab airde i réimse na polaitíochta i Meiriceá ag George, théis chomh bocht is a bhí siad ar fad ag an tús.
Ag tiomáint liom trí chúlbhóithre chontae an Dúin agus ag baint pléisiúr as an tírdhreach álainn, bhuail sé mé go mb’fhéidir go raibh aithne níos fearr ag George ar na bailte fearainn seo ná mar a bhí agamsa.
Bhí mé i mBéal Feirste agus i mbailte eile an tuaiscirt go minic thar na blianta, go háirithe agus mé ag obair ar chláracha teilifíse Gaeilge in RTÉ. Ach ar mo bhealach trí Ráth Fraoileann, lá tar éis cheiliúradh mór an 12ú lá d’Iúil, agus an baile feistithe le bratacha agus le maisiúcháin an Oird Oráistigh, b’fhacthas dom gur beag an t-eolas a bhí agam ar na bailte beaga sa taobh sin tíre, murab ionann agus an Seanadóir George Mitchell.
Bhí mé ar ais i saol na dtaispeántas talmhaíochta, mar a bhí anuraidh don tsraith Beidh Aonach Amárach, a bheas ar TG4 agus ar BBC amach anseo.
An babhta seo, bhí mé i gCaisleán Uidhilín, i gContae an Dúin. Agus an chéad dream a casadh orm istigh ar pháirc an taispeántais ná pobal na hEaglaise Baistí ó Ráth Fraoileann.
Chuireadar fíorchaoin fáilte romham. Cupán tae, briosca, mála siopadóireachta, roinnt bileog faoin eaglais, agus bhí mé réidh le tabhairt faoin lá ar an aonach.
Bhí an ghrian ag scaladh, bhí an pháirc deas tirim agus í leagtha amach go hálainn ag lucht eagraithe an taispeántais. Cheannaigh mé an Belfast Telegraph agus chaith súil ar na leathanaigh agus ar na pictiúir ag cur síos ar mhórshiúlta an 12ú lá. Chonaic mé ainmneacha bailte nár chuala mé trácht orthu riamh cheana.
Phioc mé suas leabhrán deas eolais ón National Trust ina raibh ábhar bolscaireachta faoi na caisleáin agus na tithe galánta ar féidir cuairt a thabhairt orthu i dTuaisceart Éireann. Agus sea, i gCaisleán Uidhilín, tá caisleán mór ón 19ú céad ar thaobh an chnoic agus páirc phoiblí sna tailte taobh leis. Siúlóidí, suíomh campála, caifé, fiadhúlra – tá siad ar fad ansin.
Casadh trí ghlúin d’aon chlann amháin orm ag an taispeántas féin – na McCuskers agus iad ar fad ag glacadh páirt sna comórtais. Bhí Maureen, an tseanmháthair i mbun na dtaispeántas lámhcheardaíochta. Thaispeáin sí píosa lása Charraig Mhachaire Rois dom a rinne sí féin – chomh maith le ‘snáithe tarraingthe’ ar línéadach de chuid Ferguson’s.
Mac le Maureen, Dermot, is poitigéir é ach is maith leis a bheith ag tógáil eallach freisin.
Bhí muid ag coinneáil súil ar a mhac siúd, Diarmuid, a bhí istigh ar chomórtas na ‘láimhsitheoirí óga’. Bhí an oiread feirmeoirí óga ag glacadh páirt sa gcomórtas áirithe seo go mb’éigean iad a roinnt suas ina dhá shlua ar leith – chuir sé iontas orm cé chomh hóg is a bhí cuid acu, a gcuid cótaí bána orthu agus slat bheag leis an eallach a thochas ar an mbolg. Coinníonn sin socair iad agus ina seasamh i gceart. (Tá mé ag piocadh suas na ‘tips’ ar fad de réir a chéile.)
Labhair mé le Mary McMurrough faoina cuid oibre leis na naíscoileanna áitiúla le 17 bliain anuas. Chaith sí bliain ag traenáil agus anois beidh post aici sa mbunscoil lán-Ghaeilge. Is cuid d’Ardscoil Naomh Maolmaodhóg í an sruth lán-Ghaeilge meánscoile agus tá sé sin ag fás freisin. Bhí Mary i mbun moltóireachta ar an gcomórtas lámhscríbhneoireachta.
Ar phóstaer de chuid an Women’s Institute, leag mé súil ar nóta buíochais don Aontas Eorpach. Chuaigh mé sa seans agus chuir mé ceist ar dhuine de na mná faoin mBreatimeacht.
‘Céard a tharlós, meas tú, nuair a imeoidh an Bhreatain as an gComhphobal agus nuair a thiocfaidh deireadh leis an gcabhair airgid sin ar fad?’ a d’fhiafraigh mé.
Chroith sí a guaillí. ‘Oh, well,’ a dúirt sí. ’We’ll just have to work out other… things.’
Thuigfeadh George Mitchell an méid sin.
Fág freagra ar 'Ag éisteacht le George Mitchell ar chúlbhóithre cheantar na teorann'