Bliain ó shin a tháinig mo mhéit Patsy McGarry chugam agus smaoineamh aige. Bhí sé féin agus baicle bheag gníomhairí as Bealach a’Doirín ag tosú i mbun pleanála ar fhéile neamhghnách don bhaile – Féile Ealaíon, cheap siad – an chéad cheann riamh ar an mbaile sin.
An mbeadh suim agam a bheith páirteach ann, a d’fhiafraigh sé?
Bheadh cinnte. Ach ní raibh a fhios agam céard a bhí romham.
Anois, agus an chéad Fhéile Ealaíon thart agus curtha i dtaisceadán na gcuimhní, is dócha go bhfuil gach éinne ag caitheamh súil siar agus ag déanamh measúnú ar an méid a baineadh amach.
Ó mo thaobh féin de, tá cúpla rud cinnte. Níor casadh orm riamh an líon daoine a raibh aithne agam orthu ó laethanta m’óige agus a casadh le linn na féile. Gach lá, cuma cá seasainn, bhuaileadh duine bleid orm le beannú dom, nó le cuimhní a roinnt liom ó na blianta siar. Murach go raibh mé in ainm is a bheith ag obair, bheinn ag caitheamh gach nóiméad le pléisiúr ag cabaireacht le seanchomharsana agus iarscoláirí ón mbunscoil.
Ní raibh mé ach tar éis bualadh isteach sa teach lóistín an chéad oíche nuair a casadh fear orm a bhí tar éis filleadh as Meiriceá. Ní fhaca mé mórán é ó d’fhágamar an bhunscoil ‘roinnt’ blianta ó shin.
Chuimhnigh gach a raibh i láthair gur glacadh pictiúr den bheirt againn ar ár gcéad lá ar scoil. Ní shásódh tada iad ach leagan nua den phictiúr a thógáil láithreach bonn. Ní raibh de mhála againn ach rud bocht ón siopa ach rinne sé an beart.
Bhí sé deacair m’intinn a dhíriú ar an obair a bhí romham. Iarradh orm dhá choirm cheoil mhóra a chur i láthair san Ardeaglais i lár an bhaile. Agus bhí idir áthas agus sceitimíní orm mar gheall gur fada ó rinne mé a leithéid agus freisin, ba rud mór é gur thug an tEaspag Paul Dempsey lánchead do Choiste na Féile a leithéid a chur ar siúl – den chéad uair riamh.
Mheabhraigh duine éicint dom gur iarradh cead ar easpag na Gaillimhe, blianta ó shin, coirm cheoil a reáchtáil san Ardeaglais agus gur dhiúltaigh sé glan amach.
‘Seo Teach an Tiarna!’ a d’fhógair sé.
Thug sé sásamh dom nuair a bhí mé ag glacadh buíochais leis an easpag ag deireadh na hoíche a mheabhrú don lucht féachana go dtugtar ‘Teach an Phobail’ ar an séipéal go minic agus gur chruthaigh an t-easpag gurb é sin a bhí san Ardeaglais go fírinneach le linn an dá lá. Bhí sí lán go béal chaon oíche, ceol traidisiúnta á chasadh go tréan inti oíche amháin agus ceol clasaiceach agus opera an oíche dár gcionn.
Bíonn sé fíordheacair ócáidí móra poiblí a reáchtáil in aon bhaile nach mbíonn halla nó ionad siamsaíochta ann. Sháraigh an coiste an fhadhb sin nuair a fuaireadar cead ón easpag agus ó Uachtarán Choláiste Naithí a gcuid hallaí agus an ardeaglais a úsáid. Rinne ionad amháin eile an-difríocht do na himeachtaí.
Roinnt blianta ó shin, tháinig lánúin óg as Sasana go Bealach a’Doirín, bhuel, go ceantar tuaithe a dtugtar Baile Mhic Éamoinn air. Níl mórán de bhaile ann, leis an bhfírinne a dhéanamh.
Ach tá foirgneamh stairiúil amháin ann – ‘Pálás an Easpaig’ agus bhí sé ar díol nuair a thug an lánúin óg, David agus Chloe Ewings, cuairt ann. Thiteadar i ngrá leis ar an bpointe. Agus cheannaíodar é le le súil is go ngabhfaidís ag cónaí ann.
Dlíodóir le banc mór i Londain é David agus is amhránaí opera agus bean amharclannaíochta í Chloe. Chomh luath agus a shocraíodar síos, chinn siad ar thaispeántas drámaíochta le Shakespeare a chur sa tsiúl ar an bplásóg taobh amuigh den Phálás.
D’éirigh thar cionn leis na hoícheanta sin, chomh maith le seisiúin cheoil agus scéalaíochta a reáchtálaidís do ghasúir. D’fhás an smaoineamh ina gcloigne go bhféadfaí féile ealaíon a chur sa tsiúl ar an mbaile. Díreach thart ar an am céanna a bhí Patsy McGarry ag smaoineamh ar an mbeart céanna.
Thug siad coiste gníomhaithe áitiúla ina dtimpeall agus bhí toradh na hoibre le feiceáil le seachtain anuas – léiriú áitiúil de ‘Big Maggie’; coirm cheoil le Matt Molloy, teaghlach Smyth agus an banna ceoil Lúnasa; coirm cheoil chlasaiceach leis an bpianadóir John O’Conor agus amhránaithe opera a raibh aithne ag na Ewings orthu; oíche litríochta le Mary O’Malley agus Róisín Ingle; oíche ghrinn le Joe Thomas ó na ‘Inbetweeners,’ Oíche díospóireachta CLG le réalta móra áitiúla agus Joe Brolly ina measc – agus go leor eile. Agus ar ndóigh léirithe de A Midsummer’s Night’s Dream le Shakespeare i bPálás an Easpaig (Tigh Ewings).
Chonaic mé taispeántais ealaíne i ngach fuinneog sna siopaí, chonaic mé earraí lámhchniotáilte agus cróiseáilte crochta thart ar an gCearnóg, chuala mé scéalaíocht agus filíocht i gcúinní anseo is ansiúd ar fud an bhaile.
Bhí scéalta le hinseacht ag gach éinne a ghlac páirt san fhéile – go leor acu a raibh ceangal éigin acu leis an mbaile. Col ceathracha iad muintir Smyth le clann Mhic Gearraigh ó Shráid an Phuint. Dúirt siad gur chaith siad a gcuid laethanta saoire ag spraoi ar shráideanna an bhaile.
Mar a mheabhraigh mé don lucht féachana – nach deas an tsamhail a chruthaigh Breda Smyth – Príomh-Oifigeach Leighis (CMO) na tíre- agus í ag imirt ‘rounders’ i gclós na hArdeaglaise ina cailín beag.
Ar ndóigh is dochtúirí leighis iad Breda, Cora agus a ndeartháir Seán Smyth. Rinne mé féin sórt ‘jóc’ den ghlaoch ‘An bhfuil dochtúir sa teach?’ Ach by deaid, ba iad na dochtúirí Smyth a tháinig i gcabhair ar an bpointe nuair a bhí ceoltóir áirithe deireanach chun stáitse (an tús ag a 7 a chlog a chuir amú é.) Léim muintir Smyth ar ais ar an stáitse agus chaith an t-am go raibh an anáil tarraingthe ag an duine eile le tosú ag casadh ceoil.
Bhí oíche go maidin againn an dá oíche a raibh mé ag cur na gcoirmeacha i láthair. Bhí bean chlúiteach na dordveidhle [cello], Ailbhe Nic Dhonncha, linn in éindí le John O’Conor. B’álainn mar a chasadar sonata le Beethoven agus chas Ailbhe roinnt mhaith píosaí a chum sí féin. Agus ar ndóigh – ceangal aici leis an mbaile mar gur cliamhain í le Muintir Mhic Ghearraigh – arís i Sráid an Phuint.
Bhain gach a raibh i láthair an-taitneamh as na himeachtaí ar fad. Gach seó, beagnach, díolta amach agus cuid acu a dhíolfadh amach arís ach na ticéid a bheith ar fáil chuige sin. Bhí gach éinne ag moladh obair an choiste agus iad ag rá nach raibh an oiread imeachtaí suimiúla ar siúl in aon seachtain amháin roimhe sin ariamh ar an mbaile.
Bhí an t-easpag agus an chléir an-sásta freisin faoi go ndearna siad an rud ceart le hacmhainní na heaglaise agus tá súil (le Dia) ag gach éinne gur féidir an beart céanna – agus níos fearr, más féidir é – a dhéanamh an bhliain seo chugainn.
Tóg sos anois, a Phatsy.
Seán Míchaél Ó Donnchadha
Adh mór a Mhairéad as Féile Bhealach a’Doirín a eagrú. Tabharfaidh an féile seo ardú meanman don bhaile don thodhchaí.
Tiocfaidh inimircigh an bhaile abhaile don féile agus cabhróidh Sé seo le heachnamaíocht an bhaile a fheabhsú. Is eiseamláir an féile seo de ghormchló don todhchaí do bháilte beaga san iarthar.