Ag dul sa seans le Botox ar mhaithe le cuma na háilleachta

Instealltaí Botox á dtairiscint anois le linn do bhriseadh ón obair ag am lóin

botox

Ceist agam ort: dá dtabharfá faoi deara go raibh roic nó línte bheaga ar do bhaithis nó thart faoi do shúile an mbeifeá sásta triail a bhaint as Botox? Tá méadú as cuimse tagtha le blianta anuas ar líon na ndaoine, idir fhir agus mhná, atá ag dul i muinín na n-instealltaí draíochta seo le cuma na hóige a choinneáil orthu féin.

Ní eolaíocht nua ar bith é seo; tá sé ar fáil le scór bliain anuas ach is le roinnt bheag blianta a tháinig sé chun cinn go mór sa tír seo agus seirbhís insteallta Botox á tairiscint anois mar ghnáth rogha ag cuid mhór salóin áilleachta. Go deimhin, tá comhlachtaí áirithe ag tairiscint seirbhís Botox anois le linn do bhriseadh ón obair ag am lóin! 

Ach ar cheart do dhaoine dul sa seans go gcuirfidís gné ar bith dá sláinte i mbaol ar mhaithe le cuma na háilleachta a chur orthu féin?

As baictéir fíornimhiúla ar a dtugtar Botulinum Toxin a ndéantar Botox. Nuair a chuirtear instealladh den ábhar seo sna roic ní scriosann sé iad ach cuireann sé pairilis shealadach ar na matáin thart orthu agus fágann sin nach mbeidh siad feiceálach ar feadh tamaill.

Bíonn idir trí agus cúig lá ag teastáil sula bhfeictear toradh iomlán na n-instealltaí agus maireann siad idir ceithre mhí agus sé mhí. Caithfear é a dhéanamh athuair ansin agus is iondúil gur bunchostas thart ar €200 a bhíonn i gceist in aghaidh an tseisiúin. 

Tríd is tríd, admhaítear nach bhfuil aon chontúirt mhór go bhfios dúinn fós ag baint le hinstealltaí Botox más dochtúir oilte atá i mbun oibre.  Mar gur táirge leighis é is gá gur oibrí leighis láncháilithe a bheadh i mbun na hoibre, fiú más i salún áilleachta atá sé á cur ar fáil.  Bhí rialáil níos doichte fós  á beartú ar an ngnó seo sa tír seo  agus bhí bille le srianta a chur ar an dtionscal le tabhairt  i láthair na Dála ag an Dr. James Reilly le linn dó a bheith ina Aire Sláinte ach níl sin tarlaithe fós.

Is cinnte go mbíonn baol nó contúirt éigin ag baint le gach cleachtas leighis agus shamhlófá go mbeadh an scéal níos measa dá mba ar do bhaithis a bheadh aon drochthoradh le feiceáil.

“It’s important that injections be placed precisely in order to avoid side effects” a deir an Mayo Clinic, an comhlacht leighis agus taighde a bhfuil os cionn 3,000 dochtúir agus eolaí eile fostaithe acu ar fud Mheiriceá. 

Mura gcuirtear an tsnáthaid san áit cheart d’fhéadfadh cor nó casadh a theacht ar an gcraiceann nó cuma leataobhach a bheith ar d’éadan nó é a bheith ar leathmhaing ina dhiaidh.  D’fhéadfadh fothorthaí eile a bheith i gceist freisin – pian, at nó tirimeacht sna súile. Is féidir freisin go mbeadh cuma phlaisteach nó reoite ar an gcraiceann agus labhraítear go magúil faoi réalta móra as Meiriceá a bhfuil a oiread Botox faighte acu go bhfuil meangadh gáire go buan orthu in aghaidh a dtola!

Ar ndóigh, tarlaíonn tubaistí uafásacha; fágadh drochchaoi cheart ar go leor daoine, ina measc daoine mór le rá ar nós Jocelyn Wildenstein agus Bhandiúc Alba, nuair a lean siad ag fáil instealltaí gan stad, gan staonadh.  Bhain Cameron Diaz agus Gwyneth Paltrow úsáid as roinnt uaireanta ach mhionnaíodar beirt nach mbeadh baint ná páirt acu leis riamh arís.

Tá dochtúirí áirithe imníoch freisin faoi na torthaí fadtéarmacha a bheidh ag instealltaí Botox ar an inchinn, ar an néarchóras agus ar na matáin. Níl dóthain taighde déanta fós ná níl an cleachtas leighis seo in úsáid fada go leor le go mbeadh tuiscint iomlán ar fáil ar a thorthaí, dar leo. 

Ach leis an méadú an-mhór atá tagtha ar líon na ndaoine atá sásta agus in acmhainn triail a bhaint as an gcóras seo, is léir nach bhfuil an oiread sin imní orthusan faoi na torthaí fadtéarmacha sin.

Bheadh amhras an-mhór orm féin faoi dhul sa seans leis na hinstealltaí seo ach dá gcinnfinn é a dhéanamh bheinn ar thóir dochtúra a raibh teastais mhaithe faighte aige nó aici don obair seo ó neart daoine eile romhamsa!

Fág freagra ar 'Ag dul sa seans le Botox ar mhaithe le cuma na háilleachta'