Ag dul ar gcúl seachas chun tosaigh atá gach dream seachas Maigh Eo i Roinn 1

De ghnáth, bheadh foireann slán i Roinn 1 na sraithe peile dá n-éireodh leo sé phointe a bhaint amach ach tá gach seans ann i mbliana go mbeidh tuilleadh ag teastáil chun ísliú céime a sheachaint

Ag dul ar gcúl seachas chun tosaigh atá gach dream seachas Maigh Eo i Roinn 1

Go hiondúil, agus cúig bhabhta sraithe imeartha, bheadh tuairim mhaith ag duine cé hiad na foirne a chríochnódh ag bun agus ag barr an tábla. Ní hamhlaidh atá i Roinn 1 na sraithe peile i mbliana, agus a bhfuil i ndán d’fhoirne fós idir dhá cheann na meá.

Is iad Maigh Eo an t-aon dream atá cinnte d’áit sa phríomhroinn an chéad bhliain eile agus iad ar bharr an tábla le hocht bpointe ach tá gach dream eile i mbaol.

De ghnáth, bheadh foireann slán dá n-éireodh leo sé phointe a bhaint as na seacht gcluiche ach tá gach seans ann i mbliana go mbeidh tuilleadh ag teastáil chun fanacht i Roinn 1. Cé go bhfuil Maigh Eo amuigh chun tosaigh ar bharr na sraithe, dhá phointe atá idir Ros Comáin sa dara háit agus Muineachán sa seachtú háit. Níl Dún na nGall, atá ag bun an tábla, scoite amach ón gcuid eile ach an oiread agus trí phointe acu.

Tá sé phointe saothraithe cheana féin ag Ros Comáin tar éis dóibh tús iontach a chur leis an tsraith ach, agus cúpla cluiche as a chéile anois caillte acu, beidh Davy Burke agus a chuid imreoirí á seachaint féin agus foirne eile ag iarraidh dul tharstu. Ní theastaíonn ach pointe amháin ó Ros Comáin le bheith bliain eile i Roinn 1 ach beidh sé deacair acu an beart sin a dhéanamh anocht agus iad ag dul síos go Trá Lí chun aghaidh a thabhairt ar Chiarraí.

Ceithre phointe atá ag curaidh na hÉireann, gan ach dhá chluiche buaite ag foireann Jack O’Connor go dtí seo. Agus an cluiche seo in aghaidh Ros Comáin agus ceann in aghaidh na Gaillimhe sa bhabhta deireanach le teacht, beidh lucht tacaíochta Chiarraí muiníneach, mar a bhíonn i gcónaí, go mbeidh fir na Ríochta in ann an beart a dhéanamh.

Is i mBóthar na Trá a bheidh an cluiche sin idir Gaillimh agus Ciarraí an tseachtain seo chugainn ach tuigeann Pádraic Joyce nach mbeidh aon bhrú ag baint leis an gcluiche sin má éiríonn leis na Gaillimhigh bua nó comhscór a fháil in aghaidh Ard Mhacha thuas sa bPáirc Lúthchleasaíochta anocht.

Ba dheacair léamh a dhéanamh ar imirt na nGaillimheach go dtí seo agus dhá chluiche buaite acu, ceann caillte agus péire eile críochnaithe ar comhscór. Bua suntasach a bheadh ann dóibh dá n-éireodh leo in Ard Mhacha anocht ach beidh an fhoireann baile ag iarraidh díoltas a fháil ar an gcluiche a d’imir na foirne seo i mbabhtaí leathcheannais na hÉireann anuraidh, nuair a bhuaigh Gaillimh tar éis ciceanna éirice.

Ceithre phointe an taobh atá ag Tír Eoghain agus Muineachán agus an dá fhoireann ag tabhairt aghaidh ar a chéile amárach. Tá sé ríthábhachtach don dá dhream an bua a fháil nó beidh an-bhrú orthu sa bhabhta deireanach ach ábhar suntais é freisin go mbeidh siad ag tabhairt aghaidh ar a chéile arís an mhí seo chugainn i mbabhtaí ceathrú ceannais Uladh agus ní bheifear ag iarraidh aon chleas nua a sceitheadh amárach.

Tiocfaidh bun agus barr na sraithe le chéile amárach freisin nuair a rachaidh Maigh Eo chomh fada le Bealach Féich. Beidh Dún na nGall ag súil go ligfidh Maigh Eo na maidí le sruth beagáinín agus iad anois slán sábháilte sa roinn. Dá mbuafadh na Conallaigh, bheadh an-mhuinín acu ag dul isteach sa bhabhta deireanach agus cluiche acu in aghaidh Ros Comáin, ach má chailleann siad inniu, Roinn 2 a bheidh rompu an bhliain seo chugainn.

Cluichí ar an teilifís

Dé Sathairn, 18 Márta

Sraith Peile Allianz Roinn 1
Ard Mhacha v Gaillimh – Páirc Lúthchleasaíochta, 5.00in (Beo ar RTÉ)
Ciarraí v Ros Comáin – Páirc Aibhistín de Staic, 7.30in (Beo ar TG4)

Sraith Peile Allianz Roinn 2
An Mhí v Áth Cliath – Páirc Tailteann, 3.00in (Beo ar RTÉ)
Dé Domhnaigh, 19 Márta

Sraith Peile Allianz Roinn 1
Muineachán v Tír Eoghain – Cluain Eois, 1.45in (Beo ar TG4)
Dún na nGall v Maigh Eo – Páirc Mhic Cumhaill, 3.45in (Beo ar TG4)

Sraith Peile Allianz Roinn 2
Doire v An Clár – An Abhainn Bheag, 1.00in (Beo ar BBC iPlayer)

Fág freagra ar 'Ag dul ar gcúl seachas chun tosaigh atá gach dream seachas Maigh Eo i Roinn 1'